Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 3:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Ná déunuiġ olc a naġuiḋ uilc, ná anċaint a naġuiḋ anċainte: aċd go contrárġa ḋó sin, tuguiḋ ḃur mbeannaċd; ar mbeiṫ a ḟeasa aguiḃ gur ċuige so do goireaḋ siḃ, ionnas go ḃfuiġeaḋ siḃ féin beannaċd mar oiġreaċd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 3:9
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


aċt adeirim‐se liḃ, gan cur i n‐aġaiḋ an uilc: aċt cibé duine ḃuailfeas ṫú ar an leacain deis, iompuiġ ċuige an leaca eile, leis.


aċt adeirim‐se liḃ, Bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃúr náṁdiḃ, agus guiḋiḋ ar son na ndaoine do‐ġní géir‐leanaṁain oraiḃ;


Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt?


Agus féaċ, d’éiriġ fear dliġe ’n‐a ṡeasaṁ, agus do ḃain sé triail as, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir, créad atá le déanaṁ agam ċum na beaṫaḋ síorraiḋe d’ḟáġáil mar oiġreaċt.


Agus do ċeistiġ taoiseaċ áiriṫe é, g‐á ráḋ, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, céard atá le déanaṁ agam ċum go mbéiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt agam?


Taḃraiḋ beannaċt do na daoiniḃ do‐ġní géirleanṁain oraiḃ; taḃraiḋ beannaċt agus ná taḃraiḋ mallaċt.


Ná cúitiġiḋ an t‐olc i n‐éiric an uilc le duine ar biṫ. Loirgiḋ na neiṫe atá uasal i ḃfiaḋnaise an uile ḋuine.


Agus atá a ḟios againn go gcóṁoibriġeann gaċ uile niḋ ċum maiṫeasa do na daoiniḃ a ḃfuil gráḋ do Ḋia aca, do na daoiniḃ sin fuair gairm do réir a ċuspóra.


Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.


ċum go dtiocfaḋ beannú Abraċaim i nÍosa Críost ar na Cineaḋaċaiḃ; ċum go ḃfaiġmís tré ċreideaṁ an Spiorad do ḃí geallta.


agus biḋiḋ muinntearḋa le ċéile, deaġ‐ċroiḋeaċ, ag maiṫeaṁ d’á ċéile, fá mar tá maiṫte ag Dia i gCríost daoiḃ‐se.


Féaċaiḋ ċuige naċ dtiuḃraiḋ aoinneaċ an t‐olc i n‐éiric an uilc d’aon duine; aċt leanaiḋ i gcóṁnaiḋe do’n ṁaiṫ eadraiḃ féin agus i dtaoḃ an uile ḋuine.


Óir atá a ḟios agaiḃ, nuair ba ṁian leis an ḃeannaċt d’ḟáġáil ’n‐a ḋiaiḋ sin, gur diúltuiġeaḋ é (óir ní ḟuair sé faill ċum aiṫriġe do ḋéanaṁ), giḋ gur iarr sé le deoraiḃ é.


g‐á ráḋ, Go cinnte beannóċad agus beannóċad ṫú, agus méadóċad agus méadóċad ṫú.


Agus Dia an uile ġrása, do ġlaoḋ ċum a ġlóire féin i gCríost siḃ, tar a éis daoiḃ fulang ar feaḋ tamaill ḃig, foirḃfiḋ sé siḃ, neartóċaiḋ agus daingneoċaiḋ sé siḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ