Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 3:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Noċ atá ar deis Dé, tar éis dul ar neaṁ; dá ḃfuilid na haingil agus na cúṁaċda agus na suḃáilciḋe fá úṁlaċd ḋó

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 3:22
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, Go gcuiread do náiṁde fá do ċosaiḃ?


Agus ṫáinig Íosa ċuca agus do laḃair sé leo, g‐á ráḋ, Tugaḋ ḋaṁ‐sa gaċ cuṁaċt ar neaṁ agus ar talaṁ.


Adeir Dáiḃi, féin tríd an Spiorad Naoṁ: Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa, Suiḋ ar mo láiṁ ḋeis, Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fá ḃonn do ċos.


Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


Óir adeir Dáiḃi féin i leaḃar na Salm, Aduḃairt an Tiġearna lem’ Ṫiġearna‐sa, Suiḋ ar mo Láiṁ ḋeis,


agus glóireoċaiḋ Dia eisean ann féin, agus glóireaċaiḋ sé ar ball é.


A ḟeara Galiléanaċa, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ’n‐ḃúr seasaṁ ag aṁarc ar spéir neiṁe? an t‐Íosa so, atá tógṫa suas uaiḃ isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ, tiocfaiḋ sé ar an gcuma ċéadna agus ċonnaic siḃ é ag dul suas ar neaṁ.


an té gur dual do na flaiṫeasaiḃ a ġlacaḋ go dtí na tráṫa ’n‐a n‐aiseagfar gaċ éinniḋ, mar do laḃair Dia ’n‐a ṫaoḃ tré ḃéal a ḟáiḋ naoṁṫa do ḃí ann ó ṫosaċ an tsaoġail.


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Óir atáim dearḃṫa naċ ḃféadfaiḋ bás, ná beaṫa, ná aingle, ná cuṁaċta, ná neiṫe atá ann, ná neiṫe atá le teaċt,


Annsin an deireaḋ, nuair ṫiuḃras sé an ríoġaċt suas do Ḋia, an tAṫair; nuair ċuirfeas sé gaċ ceannas agus gaċ uġdarás agus cuṁaċt ar ceal.


Uime sin, má tá siḃ aiséirġṫe i n‐éinḟeaċt le Críost, loirgiḋ na neiṫe atá ṫuas mar a ḃfuil Críost ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeaslaiṁ Dé.


Aċt cia aca de na h‐aingliḃ go nduḃairt sé ariaṁ leis, Suiḋ‐se ar mo ḋeas‐láiṁ, Nó go ndéanad stól ded’ náiṁdiḃ fad’ ċosaiḃ?


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


Agus arís, nuair do‐ḃeir sé a ċéid‐ġein isteaċ san tsaoġal adeir sé, Agus déanaḋ aingle uile Dé aḋraḋ ḋó.


naċ ḃféadann peacaiḋe do ġlanaḋ: aċt an té seo, tar a éis dó aon íoḋbairt aṁáin d’ofráil ar son na bpeacaiḋe go deo, is aṁlaiḋ do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé;


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


D’á ḃriġ sin, ó tá árd‐ṡagart mór do ċuaiḋ tré na flaiṫeasaiḃ againn, Íosa Mac Dé, congḃuiġmís ár gcreideaṁ go daingean.


mar a ndeaċaiḋ Íosa isteaċ mar réiṁ‐ṫeaċtaire ar ár son, ’n‐a árd‐ṡagart dó go síorraiḋe do réir úird Ṁelcisedec.


Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ,


Óir ní isteaċ i n‐áit naoṁṫa do rinneaḋ le láṁaiḃ do ċuaiḋ Críost, áit naċ ḃfuil aċt ’n‐a ṡompla de’n naoṁ‐áit ḟírinniġ; aċt isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ féin, ċum go ḃfaiġfiḋe é anois i láṫair Dé ar ár son‐sa:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ