Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 3:14 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

14 Aċt má ḟulaingeann siḃ ar son na fíréantaċta féin, is aoiḃinn daoiḃ: agus ná bíoḋ eagla oraiḃ rómpa‐san, agus ná bíoḋ buaiḋirt oraiḃ;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

14 Giḋeaḋ fós má ḟuilngṫiḋ ar son na firéuntaċda, atá siḃ beannuiġe: agus ná bíoḋ eagla mar a neaglasan oruiḃ, agus ná bíġiḋ buáiḋearṫa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 3:14
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ná bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ na daoiniḃ ṁarḃas an corp, agus naċ ḃfuil ar ċumas dóiḃ an t‐anam do ṁarḃaḋ: aċ bíoḋ eagla oraiḃ roiṁ an té úd gur féidir leis idir anam agus corp do ḃascaḋ i n‐ifreann.


Ná bíoḋ eagla oraiḃ, d’á ḃriġ sin; is mó le ráḋ siḃ‐se go mór ’ná mórán gealḃan.


Cibé duine ġeoḃas a anam caillfiḋ sé é; agus cibé ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, do‐ġeoḃaiḋ sé é.


Óir, cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa, saorfaiḋ sé é.


Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Aduḃairt Íosa, Adeirim liḃ go fírinneaċ, Naċ ḃfuil aon duine d’ḟág teaċ, nó dearḃráiṫreaċa, nó deirḃṡeaṫraċa, nó máṫair, nó aṫair, nó clann, nó talta ar mo ṡon‐sa, agus ar son an tsoiscéil,


Óir cibé duine gur mian leis a anam do ṡaoraḋ, caillfiḋ sé é; agus cibé duine ċaillfeas a anam ar mo ṡon‐sa agus ar son an tsoiscéil, saorfaiḋ sé é.


Ná bíoḋ buaiḋirt croiḋe oraiḃ; creidiḋ i nDia, creidiḋ ionnam‐sa mar an gcéadna.


Fágaim síoṫċáin agaiḃ; do‐ḃeirim mo ṡíoṫċáin daoiḃ: ní mar do‐ḃeir an saoġal, do‐ḃeirim‐se ḋaoiḃ. Ná bíoḋ buaiḋirt ar ḃúr gcroiḋe, ná eagla air.


óir taisbeánfad‐sa ḋó an ṁéid ṁór atá le fulang aige ar son m’ainme.


D’á ḃriġ sin bainim aoiḃneas as na laigeaċtaiḃ, as na maslaiḃ, as na géirleanaṁaintiḃ, as na h‐anaċnaiḃ, ar son Ċríost, óir is i n‐am mo laige is mó ḃím láidir.


toisc go ḃfuil bronnta oraiḃ‐se, ar son Ċríost, ni h‐é aṁáin creideaṁain ann, aċt fulang ar a ṡon, leis:


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Féaċ, measaimíd gur ab aoiḃinn do na daoiniḃ d’ḟulaing go foiġdeaċ. Do ċualaḃar i dtaoḃ foiḋne lóib, agus do ċonnacaḃar an ċríoċ do ċuir an Tiġearna air; óir atá an Tiġearna lán de ṫruaiġ agus de ṫrócaire.


fá mar ḃí Sára uṁal d’Abraċam, ag glaoḋaċ tiġearna air. Atá siḃ‐se ’n‐ḃur gclainn di anois, má ġníonn siḃ go maiṫ, gan éinniḋ ḃeiṫ ann le faitċíos do ċur oraiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ