Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 3:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Staonaḋ sé de’n olc, agus déanaḋ sé maiṫeas; Iarraḋ sé síoṫċáin, agus leanaḋ sé í.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Seaċnaḋ an tolc, agus déunaḋ an ṁaiṫ; iárraḋ an tsíoṫċáin, agus leanaḋ ḋi.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 3:11
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ionnas go mbéiḋ siḃ i n‐ḃúr gclainn ag ḃúr nAṫair atá ar neaṁ: óir cuireann sé a ġrian ag éirġe ar na daoiniḃ, idir olc agus maiṫ, agus cuireann sé an ḟearṫainn ag tuitim ar na daoiniḃ do‐ġní an ċóir agus orṫa‐san do‐ġní an éagcóir.


agus ná leig sinn i gcaṫú, aċt saor sinn ó olc.


Óir bíonn na boiċt ’n‐ḃúr ḃfoċair i gcóṁnaiḋe, agus is féidir ḋaoiḃ maiṫ do ḋéanaṁ ḋóiḃ am ar biṫ is áil liḃ; aċt ní ḃím‐se i gcóṁnaiḋe ’n‐ḃúr ḃfoċair.


Ag soillsiú orṫa‐san atá ’n‐a suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis; Ag seolaḋ ár gcos i sliġe na síoṫċána.


Aċt taḃraiḋ‐se grád do ḃúr náiṁdiḃ, agus déanaiḋ maiṫ, agus taḃraiḋ iasaċt uaiḃ gan ḃeiṫ ag súil le h‐aiseag; agus béiḋ ḃúr luaiġeaċt an‐ṁór, agus béiḋ siḃ ’n‐ḃúr gclainn ag an Té is Aoirde: óir bíonn sé cineálta le luċt an díombuiḋeaċais agus le droċ‐ḋaoiniḃ.


Agus d’éiriġ sé agus do ṡeas. Agus aduḃairt Íosa leo, Fiafruiġim díḃ, Ciaca is cóir maiṫ do ḋéanaṁ, nó olc do ḋéanaṁ, ar an tsabóid, anam duine do ṡlánú, nó do ṁilleaḋ?


Ní iarraim ort iad d’aistriú as an saoġal, aċt iad do ċosaint ar an olc.


Má’s féidir é, san méid ḃaineas liḃ féin, cóṁnuiġiḋ go síoṫċánta leis an uile ḋuine.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Óir an ṁaiṫ ba ṁian liom do ḋéanaṁ, ní ḋéanaim é, aċt an t‐olc nár ṁian liom do ḋéanaṁ is é do‐ġním.


Do‐ġeiḃim ionnam an dliġe, mar sin, nuair ba ṁian liom an ṁaiṫ do déanaṁ, gur ab é an peacaḋ ċóṁnuiġeas ionnam.


Óir is ionann an meon colnaiḋe agus an bás, aċt is ionann an meon spioradálta agus an ḃeaṫa agus an tsíoṫċáin:


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Mar sin de, do réir mar ḃíos an uain againn, déanaimís an ṁaiṫ do’n uile ḋuine, go mórṁór do luċt tiġe an ċreidiṁ.


Agus síoṫċáin Ċríost, ċum ar glaoḋaḋ siḃ i n‐aon ċorp aṁáin, bíoḋ sí ag riaġlú ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ; agus biḋiḋ buiḋeaċ.


maiṫeas do ċleaċtaḋ, ḃeiṫ saiḋḃir i ndeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ, ḃeiṫ fial, fairsing;


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


Aċt ná déanaiḋ dearmad ar ḋeaġ‐ġníoṁarṫaiḃ agus ar ḟéile do ċleaċtaḋ: óir taiṫneann íoḋbarṫa d’á leiṫéidiḃ sin le Dia.


D’á ḃriġ sin, an té gur ab eol dó deiġ‐ġníoṁ do ḋéanaṁ, agus naċ ndéanann é, is peacaḋ ḋó é.


Óir atá súile an Ṫiġearna ar na fíréanaiḃ, Agus atá a ċluasa foscailte d’á n‐urnaiġṫiḃ: Aċt atá a ġnúis i n‐aġaiḋ luċta déanta an uilc.


A ċara ionṁain, ná déan aiṫris ar an olc, aċt ar an ṁaiṫ. An té ċleaċtas an ṁaiṫ, is ó Ḋia atá sé: an té ċleaċtas an t‐olc, ní ḟaca sé Dia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ