Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 2:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Aċt cineaḋ toġṫa is eaḋ siḃ‐se, sagartaċt ríoġḋa, náisiún naoṁṫa, pobal atá ’n‐a ṡealḃaċas ar leiṫ aige féin; ċum go ḃfógróċaḋ siḃ tréiṫe oirḋearca an té do ġlaoḋ as an dorċadas siḃ ċum a ṡolais iongantaiġ féin:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 Aċd is cinéul toġṫa siḃse, sagartaċd ríoġa, cineaḋ náoṁṫa, pubal ar leiṫ; ionnus go ḃfoillséoċaḋ siḃ suḃáilciḋe an tí do ġoir siḃ as dorċadus ċum a ṡolais iongantuiġ féín.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 2:9
50 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An pobal do ḃí suiḋte i ndorċadas, do ċonnaic sé solas mór; Agus orṫa‐san do ḃí suiḋte i gcríċ scáile an ḃáis D’éiriġ an solas.


Bíoḋ ḃúr solas‐sa ag deallrú ar an gcuma sin i ḃfiaḋnaise na ndaoine, ionnas go ḃfeicfiḋ siad ḃúr ndeaġoibreaċa, agus go molfaiḋ siad ḃúr n‐Aṫair atá ar neaṁ.


Ag soillsiú orṫa‐san atá ’n‐a suiḋe i ndorċadas agus i scáile an ḃáis; Ag seolaḋ ár gcos i sliġe na síoṫċána.


Agus is ar a son‐san ċoisreacaim mé féin, ċum go mbéidís féin coisreacṫa san ḃfírinne.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


Agus aduḃairt Agrippa le Pól, Is beag naċ g‐á aiteaṁ orm ḃeiṫ im’ Ċríostaiḋe atáir.


is é sin dúinne, do ġlaoḋ sé, ní h‐é as na h‐Iúdaċaiḃ aṁáin, aċt as na Cineaḋaċaiḃ mar an gcéadna?


Má scriosann aon duine teampall Dé, scriosfaiḋ Dia an duine sin; óir atá teampall Dé naoṁṫa, agus is siḃ‐se é.


atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire.


ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ:


dó san go raiḃ an ġlóir san eaglais agus i nÍosa Críost, ó aois go h‐aois, go saoġal na saoġal. Amen.


atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost.


D’ḟuascail sé ó ċuṁaċt an dorċadáis sinn, agus d’aistriġ sé go ríoġaċt a Ṁic ionṁain féin sinn;


do ṡaor, agus do ġoir le naoṁ‐ġairm sinn, ní h‐é do réir ár ngníoṁarṫa, aċt do réir a rúin agus a ġrása féin, tugaḋ i nÍosa Críost dúinn ins na h‐aoisiḃ i ḃfad ó ṡoin,


ṫug é féin ar ár son, ċum sinn d’ḟuascailt ó gaċ peacaḋ, agus pobal do ġlanaḋ ḋó féin, pobal díoġraiseaċ ċum deaġ‐oibreaċa do ċleaċtaḋ.


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


Biḋiḋ‐se, mar an gcéadna, mar ċloċa beo d’á gcur le ċéile ċum teaċ spioradálta do ṫógáil, ċum ḃeiṫ ’n‐ḃur sagartaċt naoṁṫa, ċum íoḋbarṫa spioradálta ṫaiṫneas le Dia tré Íosa Críost, d’ofráil.


Má laḃrann aoinneaċ, laḃraḋ sé mar ḃéaḋ sé ag laḃairt briaṫar Dé; má ġníonn aoinneaċ miniostrálaċt, déanaḋ sé é do réir an ċumais do‐ḃeir Dia: ċum glóir ins an uile niḋ do ṫaḃairt do Ḋia tré Íosa Críost, ag a ḃfuil an ġlóir, agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


agus do rinne ríoġaċt dínn, ċum ḃeiṫ ’n‐ár sagartaiḃ do Ḋia a Aṫair; dó‐san go raiḃ an ġlóir agus an ċuṁaċt go saoġal na saoġal. Amen.


Is beannuiġṫe, naoṁṫa iad‐san go ḃfuil páirt aca san gcéad aiséirġe: ní ḟuil cuṁaċt ar biṫ ag an dara bás orṫa; aċt béiḋ siad ’n‐a sagartaiḃ do Ḋia agus do Ċríost, agus riaġlóċaiḋ siad i n‐éinḟeaċt leis ar feaḋ míle bliaḋan.


agus go ndearnais ríoġaċt agus sagairt le h‐aġaiḋ ár nDé ḋíoḃ; agus riaġlóċaiḋ siad ar talaṁ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ