Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 2:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Druidiḋ leis, cloċ ṡír‐ḃeo, d’ar ḋiúltuiġ na daoine, aċt atá toġṫa, luaċṁar i ḃfiaḋnaise Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 An tí ċum a ḃfuil siḃ ar dteaċd, noċ is cloċ béo, do ḋíultaḋ go deiḃin ó ḋaóiniḃ, aċd atá toġṫa mórluáiḋ, ag Día,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 2:4
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Tigiḋ ċugam‐sa, siḃ uile ar a ḃfuil duaḋ agus trom‐ualaċ, agus do‐ḃéarfad fionnḟuaraḋ ḋaoiḃ.


Féaċ, mo ṡeirḃíseaċ atá toġṫa agam; An té is ionṁain liom ’n‐a ḃfuil aoiḃneas m’anma: Cuirfead mo Spiorad air, Agus fógróċaiḋ Sé breiṫeaṁnas do na Geintiḃ.


Aduḃairt Íosa leo, Nár léiġeaḃar riaṁ ins na scrioptúiriḃ, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Atá cloċ ċinn ċúinne déanta ḋí: Is ó’n Tiġearna ṫáinig sí, Agus is iongnantaċ é ’n‐ár súiliḃ.


Tamall beag eile, agus ní ḟeicfiḋ an saoġal mé feasta; aċt do‐ċífiḋ siḃ‐se mé: óir átáim beo, agus béiḋ siḃ‐se beo mar an gcéadna.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Óir fá mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma ċéadna ṫug sé do’n Ṁac beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin:


agus ní h‐áil liḃ teaċt ċugam‐sa, ċum go mbéiḋ beaṫa agaiḃ.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Fá mar ċuir an t‐Aṫair sír‐ḃeo mise uaiḋ, agus gur tríd an Aṫair ṁairimse: mar an gcéadna an té iṫeas mise, is tríom‐sa ṁaireas sé.


Óir, má rinneaḋ réiḋteaċ idir sinn agus Dia tré ḃás a Ṁic, an tráṫ ’n‐a raḃamar ’n‐ár náiṁdiḃ, is móide an fáṫ, ar mbeiṫ do’n réiḋteaċ sin déanta, go slánóċar sinn tré n‐a ḃeaṫaiḋ.


Óir ní ḟéadann aon duine bun ar biṫ do ċur aċt an bun atá curṫa ċeana, is é sin Íosa Críost.


Nuair foillseoċar Críost, ár mbeaṫa‐na, foillseoċar siḃ‐se, ċóṁ maiṫ, mar aon leis i nglóir an t‐am sin.


aċt le fuil luaċṁair, mar ḟuil uain gan loċt, gan smál, fuil Ċríost:


ċum go ḃfaiġfear dearḃú ḃur gcreidiṁ, atá níos luaċṁaire ’ná ór ṫéiġeas ar neiṁniḋ, giḋ go mbruiṫntear é le teiniḋ, go ḃfaiġfear a ṫairḃe i molaḋ, i nglóir, agus i n‐onóir nuair foillseoċar Íosa Críost:


D’á ḃriġ sin, is luaċṁar liḃ‐se é, ó ċreideann siḃ ann: aċt i dtaoḃ an dreama naċ gcreideann, An ċloċ d’ár ḋiúltuiġ na saoir, Is di‐se do rinneaḋ cloċ ċinn ċúinne:


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


tré n‐ar ḃronn sé orainn geallaṁnaċa an‐ṁóra, sár‐luaċṁara; ċum go mbéaḋ siḃ rannṗáirteaċ san nádúir ḋiaḋa d’á mbárr, tar a éis daoiḃ teaċt saor ó’n truailliú atá san tsaoġal tré ainṁiantaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ