Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 2:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 A ċaired gráḋaċ, íarruim daṫċuinge oruiḃ mar ḋéoruiḋiḃ agus oilirṫiḃ, siḃ féin do ṡeaċna ar ainṁíanuiḃ na colla, noċ ḃíos ag cáṫuġaḋ a naġuiḋ a nanma.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 2:11
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, ar eagla go mbéiḋ dúire croiḋe oraiḃ le craos, agus le meisce, agus le cúramaiḃ an tsaoġail seo, agus go otiocfaiḋ an lá sin go h‐obann oraiḃ ar nós gaiste:


aċt scríoḃaḋ ċuca iad féin do ṡeaċaint ar ṫruailleaḋ na n‐íoḋal, agus ar striapaċas, agus ar ḟeoil do taċtaḋ, agus ar ḟuil.


siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.


aċt ċím dliġe eile im’ ḃallaiḃ, ag cur i gcoinniḃ dliġe m’intinne, agus gam’ ṫaḃairt i mbraiġdeanas fá ḋliġe an ṗeacaiḋ atá im’ ḃallaiḃ.


óir má’s do réir na feola ṁaireas siḃ, is é an bás atá i ndán daoiḃ: aċt má ḃásuiġeann siḃ gníoṁarṫa na colna le neart an Spioraid, mairfiḋ siḃ beo.


Mar sin de atáimíd ’n‐ár dtaiḋleoiriḃ ar son Ċríost, aṁail mar ḃéaḋ Dia ag impiḋe oraiḃ trínne: impiġmíd oraiḃ as uċt Ċríost réiḋteaċ do ḋéanaṁ le Dia.


Agus ag obair i n‐éinḟeaċt leis dúinne, impiġmíd oraiḃ gan grása Dé do ġlacaḋ go díoṁaoin.


Ó ṫárla na geallaṁnaċa sin ḃeiṫ againn, a ċáirde ionṁaine, glanaimís dínn féin gaċ smál colna agus spioraid, ag cur naoṁaċta i gcríċ i n‐eagla Dé.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


D’á ḃriġ sin ní ḟuil siḃ níos mó ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ, ná ’n‐ḃur ndeoraiḋṫiḃ, aċt atá siḃ ’n‐ḃur luċt aon‐ċaṫraċ leis na naoṁaiḃ, ’n‐ḃur luċt aointiġis ag Dia,


Uime sin, impiḋim‐se, príosúnaċ ar son an Tiġearna, impiḋim oraiḃ ḃur saoġal do riaraḋ mar ba ċóir do ḋaoiniḃ fuair an ġairm fuaraḃair‐se, le gaċ uṁlaċt agus ceannsaċt,


Aċt seaċain ainṁianta na h‐óige, agus lean de’n ḟíréantaċt, de’n ċreideaṁ, de’n ġráḋ, de’n tsíoṫċáin, i n‐éinḟeaċt leis na daoiniḃ ġlaoḋas ar an Tiġearna as croiḋe úr‐ġlan.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Aċt, a ċáirde ionṁaine, má tá féin go ḃfuilim ag laḃairt ar an gcuma so, is deiṁin linn gur fearr ’ná sin atá na neiṫe agaiḃ‐se, neiṫe atá ag teaċt leis an slánuġaḋ:


Cad as na cogaiḋe agus na caṫa éiriġeas eadraiḃ? Naċ as so ṫig siad, as ḃur n‐ainṁiantaiḃ ḃíos ag troid le ċéile ’n‐ḃur mballaiḃ beaṫaḋ?


Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,


Agus má ġlaoḋann siḃ airsean mar Aṫair, do‐ḃeir breiṫ do réir oibre gaċ duine, gan meas do ṫaḃairt ar ṗearsain duine seaċas a ċéile, caiṫiḋ aimsear ḃur ndeoraiḋeaċta le h‐eagla:


A ċáirde ionṁaine, ná bíoḋ aon iongnaḋ oraiḃ fá’n gcatú teintiḋe atá d’á ċur oraiḃ, mar ḃéaḋ niḋ neaṁ‐ġnáṫaċ ann, ó cuireaḋ é ċum siḃ d’ḟróṁaḋ:


ċum naċ gcaiṫfeaḋ sé a ṡaoġal ’n‐a ḋiaiḋ sin do réir ainṁianta na ndaoine, aċt do réir tola Dé.


Is í seo anois, a ċáirde, an dara h‐eipistil atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ; agus san dá eipistil atáim ag brostú ḃur slán‐aigne agus ag múscailt ḃur gcuiṁne,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ