Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 1:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 ċum oiḋreaċta neaṁ‐ṫruailliġṫe, gan smál, naċ dtéiġeann i n‐éag, atá i n‐áiriṫe ins na flaiṫeasaiḃ daoiḃ‐se,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Ċum oiġreaċda neaṁṫruailliġ, gan ċáiḋe, naċ dtéid a seirge, ċoiṁéudtar ar neaṁ fá ḃur gcoṁairse.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 1:4
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Agus nuair do ḃí sé ag dul amaċ ar an mbealaċ, do riṫ fear ċuige, agus do ċaiṫ sé é féin ar a ġlúnaiḃ ’n‐a láṫair, agus d’ḟiafruiġ sé ḋe, A Ṁáiġistir ṁaiṫ, Créad do‐ġéanad‐sa ċum go ḃfaiġead an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt?


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


is oiḋrí sinn, leis, agus is cóṁ‐oiḋrí le Críost sinn: má’s fíor go ḃfulaingmíd i n‐éinḟeaċt leis, ċum go mbéimís páirteaċ leis ’n‐a ġlóir.


Agus gaċ duine ṫéiġeas san iomaiḋeaċt cleaċtann sé smaċt do ċoiṁeád air féin ar gaċ sliġe. Agus do‐ġní siad‐san sin ċum coróin truailliġṫe do ḃuaḋaċtain; aċt doġnímíd‐ne é ċum coróin neaṁ‐ṫruailliġṫe do ḃuaḋaċtain.


Óir má’s ó’n dliġe ṫáinig an oiḋreaċt, ní mar ġeall ar ġeallaṁain ṫáinig sé: aċt ṫug Dia d’Abraċam é tré ġeallaṁain.


Do rinneaḋ oiḋrí ḋínne ann, ar mbeiṫ ḋúinn réaṁórduiġṫe do réir rúin an té do‐ġní gaċ niḋ do réir cóṁairle a ṫola féin:


atá ’n‐a éirlis d’ár n‐oiḋreaċt, ċum sealḃaċas Dé d’ḟuascailt, ċum clú a glóire.


ċum go soillseoċar súilí ḃur gcroiḋe, ċum go mbéiḋ a ḟios agaiḃ cad é an dóċas ċum a ngoireann sé sinn, saiḋḃreas glóire a oiḋreaċta ins na naoṁaiḃ,


ag breiṫ buiḋeaċais leis an Aṫair, do rinne sinn oireaṁnaċ ċum ḃeiṫ rannṗáirteaċ i n‐oiḋreaċt na naoṁ san tsolas.


as uċt an dóċais atá i dtaisce ’n‐ḃur gcóṁair ins na flaiṫeasaiḃ, go gcualaḃar tuairisc ’n‐a ṫaoḃ roiṁe seo i mbriaṫar fírinne an tsoiscéil,


agus ní do ḋaoiniḃ é; agus a ḟios agaiḃ go ḃfaiġiḋ siḃ an oiḋreaċt mar luaiġeaċt ó’n Tiġearna: is do’n Tiġearna Críost atá siḃ ag déanaṁ seirḃíse.


ó’n am so amaċ is í coróin na fíréantaċta atá i ndán dom, coróin ḃéarfas an Tiġearna, breiṫeaṁ fíréan, dom san ló úd, agus ní daṁ‐sa aṁáin, aċt do na daoiniḃ go léir gur geal leo a ṫeaċt.


Óir ṫug siḃ truaġ do na daoiniḃ do ḃí i ngeiṁleaċaiḃ, agus do ġlac siḃ go fonnṁar le creaċaḋ ḃur maoine, agus a ḟios agaiḃ go ḃfuil maoin is fearr ’ná sin ionnaiḃ féin, maoin ṡíorḃuan.


Agus ar an aḋḃar sin is idirṁeaḋóntóir connarṫa nua é, ar ṁoḋ, de ḃárr an ḃáis i n‐éiric ár gcionnta, do ḃí fá’n gcéad ċonnraḋ, go ḃfaiġiḋ na daoine do glaoḋaḋ geallaṁain na h‐oiḋreaċta síorraiḋe.


Óir éiriġeann an ġrian le teas dian‐loiscneaċ, agus seargann sí an féar, go dtuiteann a ḃláṫ, agus go dtéiġeann maise a ḋeallraiṁ i n‐éag: mar sin, is eaḋ, raċaiḋ an duine saiḋḃir i n‐éag ’n‐a ċúrsaiḃ.


gan olc do ḋéanaṁ i n‐éiric an uile, ná aṫċáineaḋ do ṫaḃairt i n‐aġaiḋ cáinte, aċt ’n‐a ionad sin, beannaċt; óir is ċuige sin do glaoḋaḋ siḃ, go ḃfaiġeaḋ siḃ beannaċt mar oiḋreaċt.


Agus nuair foillseoċar an tÁrd‐Aoḋaire, ġeoḃaiḋ siḃ coróin na glóire naċ dtéiġeann i n‐éag.


agus ní raċaiḋ isteaċ innti éinniḋ neaṁ‐ġlan, ná aon duine do‐ġní gráineaṁlaċt nó bréag: aċt na daoine aṁáin go ḃfuil a n‐ainmneaċa scríoḃṫa i leaḃar beaṫaḋ an Uain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ