ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.
Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.
an té do ċeap Dia ċum ḃeiṫ ’n‐a ċúiteaṁ tré ċreideaṁ ’n‐a ḟuil, ċum a ḟíréantaċt d’ḟoillsiú, ag déanaṁ neaṁ‐ċáis de na peacaiḋiḃ do ḃí déanta roiṁe sin, tré leor‐ḟoiġid Dé;
do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.
Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;
agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;
Agus do ḋearcas, agus féaċ, an tUan ’n‐a ṡeasaṁ ar ċnoc Síoin, agus céad ceaṫrar agus dá ḟiċid míle duine ’n‐a ḟoċair, agus a ainm‐sean agus ainm a Aṫar scríoḃṫa ar ċláraiḃ a n‐éadain.
Agus i lár na riġ‐ċaṫaoireaċ agus na gceiṫre n‐ainṁiḋe, agus i lár na seanóir, do ċonnacas an tUan ’n‐a ṡeasaṁ, mar ḃéaḋ sé tar éis a íoḋbarṫa, seaċt n‐aḋarca agus seaċt súile aige, gur ab iad seaċt Spioraidí Dé iad,
Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,
Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.