Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Dár foillsiġeaḋ, naċ dóiḃ féin aċd dúinne do ḋéunaidís miniosdrálaċd na neiṫeann, atá a nois ar na ḃfoillsiuġaḋ ḋíḃse leis an druing lér seanmóruiġeaḋ an soisgéul díḃ trés an Spiorad náoṁ do cuireaḋ ó neaṁ a núas; na neiṫe is mían ris na haingliḃ ḟaicsin.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 1:12
56 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ins an am sin d’ḟreagair Íosa agus aduḃairt, Molaim ṫú, a Aṫair, a Ṫiġearna neiṁe agus talṁan, gur ċeilis na neiṫe seo ar luċt eagna agus tuigseana, agus gur noċtais do naoiḋeanaiḃ iad:


Atá gaċ uile niḋ taḃarṫa ḋaṁ‐sa ag m’Aṫair: agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Mac, aċt ag an Aṫair; agus ní ḟuil aiṫne ag aoinneaċ ar an Aṫair aċt ag an Mac, agus ag an té gur toil leis an Mac a ḟoillsiú ḋó.


Agus d’ḟreagair Íosa, agus aduḃairt sé leis, Is aoiḃinn duit, a Ṡíomóin ṁic Ióna: óir ní fuil agus feoil d’ḟoillsiġ duit é, aċt m’Aṫair‐se atá ar neaṁ.


Agus aduḃairt sé leo, Imṫiġiḋ ar fud an doṁain uile, agus déanaiḋ an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ do’n ċineaḋ daonna ar fad.


Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.


Agus tugaḋ foillsiú ḋó ó’n Spiorad Naoṁ naċ ḃfeicfeaḋ sé bás nó go ḃfeicfeaḋ sé Críost an Tiġearna.


Agus d’imṫiġeadar‐san, agus do ġluaiseadar rómpa ar fud na mbailte mbeag, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil, agus ag leiġeas ins gaċ aon ḃall.


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


Le linn Peadar ḃeiṫ ag laḃairt na mbriaṫar sin, do ṫuirling an Spiorad Naoṁ orṫa‐san do ḃí ag éisteaċt leis an mbriaṫar.


Agus nuair do ċonnaic sé an aisling, do ċeapamar ar an láṫair imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, agus a ḋeiṁin againn gur ġlaoḋ Dia orainn an soiscéal do ċraoḃscaoileaḋ ḋóiḃ ann.


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Agus nuair do ġuiḋeadar, do ċrioṫ an áit ’n‐a raḃadar cruinniġṫe le ċéile; agus do líonaḋ iad uile de’n Spiorad Naoṁ, agus do laḃradar briaṫar Dé le dánaċt.


Annsin aduḃairt Peadar leo, agus é líonta de’n Spiorad Naoṁ, A riaġlóirí an ṗobail agus a ṡeanóirí,


Annsin, tar a éis dóiḃ fiaḋnaise do ṫaḃairt agus briaṫar an Tiġearna do laḃairt, d’ḟilleadar go h‐Iarúsalem, agus do ċraoḃscaoileadar an soiscéal ’n‐a lán de ḃailtiḃ beaga na Samáritánaċ.


Ar an aḋḃar sin, im’ ṫaoḃ‐sa ḋe, atá fonn orm an soiscéal do ṡeanmóiriú daoiḃ‐se atá san Róiṁ, leis.


Óir is ann foillsiġtear fíréantaċt Dé tré ċreideaṁ ċum creidiṁ: mar tá scríoḃṫa, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan.


agus cionnas ḋéanfas daoine seanmóir muna seoltar iad ċuige? mar atá scríoḃṫa, Naċ áluinn iad cosa na ndaoine do‐ḃeir deaġ‐scéala áṫais!


tré ḃriġ an Spioraid Naoiṁ; ar ċuma gur ċraoḃscaoileas soiscéal Ċríost ’n‐a iomláine ó Iarúsalem, agus ṫart ’n‐a ṫimċeall ċóṁ fada le h‐Illiricum;


Aċt do noċt Dia ḋúinne tríd an Spiorad iad: óir scrúduiġeann an Spiorad an uile niḋ, go fiú neiṫe doiṁne Dé.


an té do ċuir séala orainn, agus do ċuir éirlis an Spioraid ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ.


i ngeanṁaiḋeaċt, i n‐eolas, i ḃfad‐ḟulang, i gcáirdeaṁlaċt, san Spiorad Naoṁ,


Óir ní ó’n duine fuaras é, agus níor múineaḋ é ḋom, aċt ṫáinig sé ċugam tré ṫaisbeánaḋ Íosa Críost.


ċum a Ṁac d’ḟoillsiú ionnam, ċum go ḃfógróċainn i measc na gCineaḋaċ é; ar an láṫair sin ní ḋeaċas i gcóṁairle feola agus fola:


ċum go ndéanfaiḋe il‐eolas Dé soiléir tríd an eaglais do na h‐uaċtaránaiḃ agus do na cuṁaċtaiḃ ins na h‐áiteannaiḃ neaṁḋa,


Óir is cuiṁin liḃ, a ḃráiṫre, an saoṫar agus an duaḋ fuaramar: ag obair d’oiḋċe agus de ló, ċum naċ mbéimís mar ualaċ ar aon duine agaiḃ, do ṡeanmóruiġeamar soiscéal Dé ḋaoiḃ.


Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Dia ag deiṁniú a ḃfiaḋnaise le cóṁarṫaiḃ, agus le h‐iongantaisiḃ, agus le míorḃailtiḃ éagsaṁla, agus le tíoḋlaicṫiḃ an Spioraid Naoiṁ, do réir a ṫola féin?


Óir do craoḃscaoileaḋ an soiscéal dúinne, mar craoḃscaoileaḋ é ḋóiḃ‐sean: aċt níorḃ aon tairḃe ḋóiḃ an briaṫar do ċualadar, toisc naċ raiḃ creideaṁ ’n‐a ḃun ag na daoiniḃ do ċuala é.


Aċt fanann briaṫar an Tiġearna go síorraiḋe. Agus is é briaṫar an tsoiscéil do craoḃscaoileaḋ ḋaoiḃ é seo.


Óir is ċuige do craoḃscaoileaḋ an soiscéal do na marḃaiḃ féin, ċum go dtiuḃarfaiḋe breiṫeaṁnas orṫa mar ḋaoine do réir na feola, aċt go mairfidís mar ṁaireann Dia san spiorad.


Agus do ḋearcas, agus ċualas glór a láin aingeal i dtimċeall na riġ‐ċaṫaoireaċ agus i dtimċeall na n‐ainṁiḋe agus na seanóir, agus ba é a líon deiċ míle fó ḋeiċ míle agus na mílte de ṁíltiḃ;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ