Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Peadar 1:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Peadar, abstal Íosa Críost, ċum na muinntire atá ar deoraiḋeaċt, i bPontus, i nGalátia, san Áise, agus i mBitínia,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Peadar, absdal Iósa Críosd, ċum na gcoigcríoċ atá sgarṫa ó ċéile ar feaḋ Ṗontus, Ġalátia, Ċappadócia, na Hásia, agus na Bitínia,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Peadar 1:1
34 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus is iad so ainmneaċa an dáréag abstal: An ċéad duine, Síomón, ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias a ḋearḃráṫair; Séamas mac Ṡebedé, agus Eoin a ḋearḃráṫair;


Agus muna mbéaḋ gur giorruiġeaḋ na laeṫe sin, ní fuasclóċaiḋe aon duine beo: aċt ar son na ḃfíréan toġṫa giorróċar na laeṫe sin.


Agus ag siuḃal d’Íosa le h‐ais mara Ġalilé, do ċonnaic sé beirt dearḃrátar, Síomón ar a dtugtar Peadar, agus Aindrias, a ḋearḃráṫair, do ḃí ag cur lín sa ḃfairrge: óir do b’iascairí iad.


Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe?


Agus ní h‐aṁáin ar son an ċiniḋ, aċt go gcruinneoċaḋ sé i n‐aon ċineaḋ aṁáin clann Dé atá scaipṫe.


Annsin aduḃairt na h‐Iúdaiġ eadorṫa féin, Cia an áit ’n‐a raċaiḋ an duine seo, agus naċ ḃfaiġimíd é? An raċaiḋ sé ċum na ndaoine atá scaipṫe i measc na nGréagaċ, leis na Gréagaiġ do ṫeagasc?


Agus fuair sé Iúdaċ áiriṫe annsin darḃ ainm Aculas, fear rugaḋ i bPontus, ṫáinig tamall roiṁe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a ḃainċéile Priscilla, de ḃriġ gur órduiġ Claudius do na h‐Iúdaċaiḃ go léir imṫeaċt ó’n Róiṁ:


Agus tar a eis do tamall do ċaiṫeaṁ annsin, d’imṫiġ sé, agus do ġluais sé ar fud réigiúin Ġalátia agus Frigia i ndiaiḋ a ċéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.


Agus do lean mar sin ar feaḋ ḋá ḃliaḋan; i dtreo go gcuala siad‐san do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe san Áise briaṫar an Tiġearna, idir Iúdaċaiḃ agus Ġréagaċaiḃ.


Aċt d’éiriġ aicme de luċt na sionagóige ar a dtugaḋ aicme na Libertíneaċ, agus na gCurénaċ, agus na nAlecsandrianaċ, agus daoine ó Ċilicia agus ó’n Áise, agus do ḃíodar ag caismirt le Stiofán.


Aċt an méid díoḃ do scaipeaḋ d’imṫiġ siad rómpa ag craoḃscaoileaḋ an ḃriaṫair.


Beannuiġeann eaglaisí na hÁise ḋaoiḃ. Beannuiġeann Acuila agus Prisca go croiḋeaṁail daoiḃ san Tiġearna, i n‐éinḟeaċt leis an eaglais atá ’n‐a dtiġ.


Níorḃ áil linn, a ḃráiṫre, siḃ ḃeiṫ gan eolas i dtaoḃ an anró ṫárla ḋúinn san Áise, go raiḃ trom‐ualaċ mór orainn do ṡáruiġ orainn ar fad, i rioċt gur ḃaineamar dúil de’n ḃeaṫaiḋ féin:


agus na bráiṫre uile atá im’ ḟoċair, ċum eaglaisí Ġalátia:


cuiṁniġiḋ go raḃaḃar dealuiġṫe ó Ċríost an tráṫ sin, gearrṫa ó ṁuinntir Israel, ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ do ċoinġeallaċaiḃ na geallaṁna, gan dóċas, gan Dia san tsaoġal.


D’á ḃriġ sin ní ḟuil siḃ níos mó ’n‐ḃur gcoiṁṫiġeaċaiḃ, ná ’n‐ḃur ndeoraiḋṫiḃ, aċt atá siḃ ’n‐ḃur luċt aon‐ċaṫraċ leis na naoṁaiḃ, ’n‐ḃur luċt aointiġis ag Dia,


Is eol duit gur ṫréig a raiḃ san Áise mé; daoine ḋíoḃ‐san is eaḋ Figelus agus Hermogenés.


Fuaradar‐san uile bás san gcreideaṁ, gan a raiḃ geallta ḋóiḃ d’ḟáġáil, aċt do ċonnacadar i ḃfad uaṫa iad, agus d’ḟáiltiġeadar rómpa, g‐á adṁáil go raḃadar ’n‐a gcoigríoċaċaiḃ agus ’n‐a n‐oiliṫriḃ ar an saoġal.


Séamas, seirḃíseaċ Dé agus an Tiġearna Íosa Críost, ċum an dá ṫreiḃ ḋéag atá ar deoraiḋeaċt, beaṫa agus sláinte.


A ċáirde ionṁaine, impiḋim oraiḃ, mar ḋeoraiḋṫe agus mar oiliṫriġ, staonaḋ ó na h‐ainṁiantaiḃ colnaiḋe do‐ġní troid i n‐aġaiḋ an anma.


Síomón Peadar, seirḃíseaċ agus abstal Íosa Críost, ċum na ndaoine fuair an creideaṁ sár‐luaċṁar céadna atá againne; tré ḟíréantaċt ár nDé agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost:


g‐á ráḋ, An méid do‐ċí tú, scríoḃ i leaḃar é, agus cuir ċum na seaċt n‐eaglais é; ċum Eiféise, agus ċum Smiorna, agus ċum Pergamum, agus ċum Tuatíra, agus ċum Sárdis, agus ċum Filadelfia, agus ċum Laodicia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ