Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 5:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Agus is é an Spiorad do‐ḃeir fiaḋnaise, óir is é an Spiorad an ḟírinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 Oír atá tríur ar neaṁ do ní fíaḋnuise, an Taṫair, an Bríaṫar, agus an Sbiorad Náoṁ: agus atáid an tríursa na náon.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 5:7
31 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Aċ muna n‐éistiḋ sé leat, beir leat duine nó beirt eile, ionnas go seasfaiḋ gaċ focal ar ḟiaḋnaise béil beirte nó trír.


Imṫiġiḋ‐se, d’á ḃriġ sin, agus déanaiḋ deisceabail as na náisiúnaiḃ go léir, g‐á mbaisteaḋ i n‐ainm an Aṫar, agus an Ṁic, agus an Spioraid Naoiṁ:


Ar dtús do ḃí an Briaṫar ann, agus ḃí an Briaṫar i ḃfoċair Dé, agus do b’é Dia an briaṫar.


A Aṫair, glóiriġ t’ainm. Annsin ṫáinig guṫ ó neaṁ, Do ġlóiriġeas ċeana é, agus glóireoċad arís é.


naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


Óir fá mar atá beaṫa ag an Aṫair ann féin, ar an gcuma ċéadna ṫug sé do’n Ṁac beaṫa do ḃeiṫ aige ann féin:


Is mise do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ féin, agus an t‐Aṫair do ċuir uaiḋ mé, do‐ḃeir seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ.


D’ḟreagair Íosa, Má ḃeirim glóir ḋom féin, is neaṁ‐niḋ mo ġlóir: is é m’Aṫair do‐ḃeir glóir ḋom; an té adeir siḃ‐se gur ab é ḃúr nDia é;


Ar n‐a árdú, mar sin, le láiṁ ḋeis Dé, fuair sé ó’n Aṫair an Spiorad Naoṁ do ḃí geallta, agus do ḋoirt sé amaċ é seo, atá le feicsin agus le clos agaiḃ.


Agus atáimíd‐ne ’n‐ár ḃfiaḋnaiḋṫiḃ ar na neiṫiḋ sin; agus an Spiorad Naoṁ ṫug Dia ḋóiḃ‐sean uṁluiġeas dó.


Go raiḃ grása an Tiġearna Íosa Críost, agus gráḋ Dé, agus comaoin an Spioraid Naoiṁ agaiḃ go léir.


Is é do ḃí ann ó ṫús, do ċualamar, do ċonnaic ár súile féin, ar ar ḋearcamar, agus do láiṁsiġ ár láṁa,


Is é Íosa Críost an té ṫáinig tré uisce agus tré ḟuil: ní h‐é tríd an uisce aṁáin, aċt tríd an uisce agus tríd an ḟuil.


Óir atá triúr ann do‐ḃeir fiaḋnaise, an Spiorad, agus an t‐uisce, agus an ḟuil: agus cuireann an triúr le ċéile.


Agus atá sé clúduiġṫe le h‐éadaċ do tomaḋ i ḃfuil: agus is é ainm tugtar air, Briaṫar Dé.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ