Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 5:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Do sgríoḃ mé na neiṫese ċuguiḃse a ḋream ċreideas a nainm Ṁic Dé; ċum a ḟeasa do ḃeiṫ aguiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ aguiḃ, agus ionnus go gcreidfeaṡ siḃ a nainm Ṁic Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 5:13
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm:


Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


Is é an deisceabal so do‐ḃeir fiaḋnaise i dtaoḃ na neiṫe seo, agus do scríoḃ na neiṫe seo: agus is eol dúinn gur fíor í a ḟiaḋnaise.


An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Agus de ḃárr creidiṁ ’n‐a ainm‐sean ṫug a ainm neart do’n duine seo, do‐ċí siḃ agus aiṫniġeas siḃ: agus is é an creideaṁ tríd ṫug dó an tsláinte iomlán atá ’n‐bur ḃfiaḋnaise róṁaiḃ go léir.


Agus ní ḟuil slánú le fáġáil i n‐aoinneaċ eile: óir ní ḟuil aon ainm eile fá neaṁ tugaḋ do ḋaoiniḃ le n‐ar ḃ’ḟéidir ár slánú.


Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ.


Agus de ḃriġ gur clann‐ṁac siḃ do ċuir Dia uaiḋ Spiorad a Ṁic isteaċ ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ, g‐á ġlaoḋaċ, Abba, a Aṫair.


Tré Ṡilḃánus, ár mbráṫair dílis, do réir mo ṫuairme‐se, atáim ag scríoḃaḋ go h‐aiṫġearr ċugaiḃ, ċum meanmna do ṫaḃairt daoiḃ, agus ċum a ċur i dtuigsin daoiḃ gur ab é fíor‐ġrása Dé é seo: seasuiġiḋ go daingean ann.


agus atáimíd ag seríoḃaḋ na neiṫe seo ċum go mbéiḋ lán‐ġáirdeaċas againn.


A ċlann ḃeag, atáim ag scríoḃaḋ na neiṫe seo ċugaiḃ ċum naċ ndéanfaiḋ siḃ peacaḋ. Agus má ġníonn aoinneaċ peacaḋ, atá aḃcóide againn i ḃfoċair an Aṫar, Íosa Críost fíréan:


Níor scríoḃas ċugaiḃ de ḃriġ naċ eol daoiḃ an ḟírinne, aċt de ḃriġ gur ab eol daoiḃ í, agus de ḃriġ naċ dtig bréag ar biṫ ó’n ḃfírinne.


Agus is é rud atá geallta aige féin dúinn, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ.


Do scríoḃas an méid seo ċugaiḃ i dtaoḃ na ndaoine do ṡeolfaḋ amuḋa siḃ.


Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.


Is mar so do noċtaḋ gráḋ Dé ḋúinn, gur ċuir Dia a Aon‐Ṁac féin isteaċ san tsaoġal ċum go mairfímís tríd.


An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic.


Agus is í seo an ḟiaḋnaise, go dtug Dia an ḃeaṫa ṁarṫannaċ dúinn, agus gur ’n‐a Ṁac atá an ḃeaṫa so.


Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ