Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 4:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Is mar so do noċtaḋ gráḋ Dé ḋúinn, gur ċuir Dia a Aon‐Ṁac féin isteaċ san tsaoġal ċum go mairfímís tríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 An so do foillsiġeaḋ gráḋ Dé ḋúinne, eaḋon gur ċuir sé úaḋa a éinġin Ṁic air a tsáoġal, ċum go mairfeaḋ sinne ṫríd.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 4:9
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do ḃí aige aon ṁac aṁáin, ionṁain: agus do ċuir sé eisean ċuca sa deireaḋ mar an gcéadna, ’g‐a ráḋ, Do‐ḃéarfaid urraim dom’ ṁac.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Ní ṫagann an gadaiḋe aċt ċum ḃeiṫ ag goid, agus ag marḃaḋ, agus ag slad: ṫáinig mise ċum go mbéaḋ beaṫa aca, agus go mbéaḋ sí go fairsing aca.


Aduḃairt Íosa leis, Is mise an tsliġe, agus an ḟírinne, agus an ḃeaṫa: ní ṫig aoinneaċ ċum an Aṫar aċt aṁáin tríom‐sa.


Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.


ionnas go dtiuḃraḋ gaċ aoinneaċ onóir do’n Ṁac, fá mar ḃeireann siad onóir do’n Aṫair. An té naċ dtugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair do ċuir uaiḋ é.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té do ċuir sé uaiḋ.


Is mise an t‐arán beo ṫáinig anuas ó neaṁ: má iṫeann duine an t‐arán so, mairfiḋ sé go deoiḋ: agus an t‐arán do‐ḃéarfad‐sa, is é m’ḟeoil é, tugaḋ ċum beaṫaḋ an tsaoġail.


Fá mar ċuir an t‐Aṫair sír‐ḃeo mise uaiḋ, agus gur tríd an Aṫair ṁairimse: mar an gcéadna an té iṫeas mise, is tríom‐sa ṁaireas sé.


Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Aduḃairt Íosa leo, Dá mba é Dia ḃúr n‐aṫair, do ḃéaḋ gráḋ agaiḃ daṁ‐sa: óir is ó Ḋia ṫáinig mé, agus is uaiḋ ṫigim, agus ní uaim féin ṫáinig mé, aċt ba eisean do ċuir uaiḋ mé.


D’ḟreagair Íosa, Ní h‐é gur ṗeacuiġ sé seo ná a aṫair ná a ṁáṫair: aċt ċum go ḃfoillseoċaiḋe oibreaċa Dé tríd.


An té nár spáráil a Ṁac féin, aċt ṫug suas ar son an uile ḋuine againn é, naċ mbronnfaiḋ sé gaċ uile niḋ orainn i n‐éinḟeaċt leis?


Óir cia aca de na h‐aingliḃ go nduḃairt sé ariaṁ leis, Is tusa mo Ṁac, Indiu do ġeineas ṫú? agus arís, Béiḋead‐sa im’ Aṫair dó, Agus béiḋ seisean ’n‐a Ṁac dom?


Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.


Is ann atá an gráḋ, ní h‐é go dtugamar gráḋ do Ḋia, aċt go dtug seisean gráḋ ḋúinne, agus gur ċuir sé a Ṁac uaiḋ mar íoḋbarṫaċ ar son ár bpeacaiḋe.


Agus d’aiṫniġeamar an gráḋ atá ag Dia ḋúinn, agus do ċreideamar ann. Is gráḋ é Dia; agus an té ċóṁnuiġeas san ngráḋ, cóṁnuiġeann sé i nDia, agus cóṁnuiġeann Dia ann.


Agus is í seo an ḟiaḋnaise, go dtug Dia an ḃeaṫa ṁarṫannaċ dúinn, agus gur ’n‐a Ṁac atá an ḃeaṫa so.


Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ