Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 4:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 A ċáirde ionṁaine, bíoḋ gráḋ againn d’á ċéile: óir is ó Ḋia ṫig an gráḋ; agus gaċ duine ġráḋuiġeas, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus aiṫniġeann sé Dia.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 A ċáirde, bíoḋ gráḋ aguinn dá ċéile: óir as ó Ḋía tig an graḋ; agus giḋ bé neaċ ġráḋuiġeas atá sé ar na ġeineaṁuin ó Ḋía, agus is aiṫniḋ ḋó Día.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 4:7
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


aċt má tá gráḋ ag duine do Ḋia, is eolaċ dó an duine sin.


Óir Dia d’órduiġ do’n tsolas soillsiú as lár an dorċadais, do ṡoillsiġ sé ’n‐ár gcroiḋeaċaiḃ, ċum solas glóire Dé do ṫaḃairt dúinn i ngnúis Íosa Críost.


aċt anois, ó tá aiṫne agaiḃ ar Ḋia, nó dob’ ḟearr a ráḋ go ḃfuil aiṫne ag Dia oraiḃ‐se, cad ċuige ḋaoiḃ ḃeiṫ ag casaḋ ar ais ċum na ndúl laga, gan tairḃe, gur mian liḃ ḃeiṫ i ndaor‐ḃroid aca aṫuair?


Aċt is é toraḋ an Spioraid, gráḋ, aoiḃneas, síoṫċáin, fád‐ḟulang, muinntearas, maiṫeas, dílse,


Óir ní spiorad eagla ṫug Dia ḋúinn, aċt spiorad cuṁaċta, agus gráḋa, agus ciallḋaċta.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


An té ġráḋuiġeas a ḃráṫair, cóṁnuiġeann sé san tsolas agus ní ḟuil aon aḋḃar tuisliḋ ann.


Má’s eol díḃ é ḃeiṫ fíréanta, is eol daoiḃ gaċ aoinneaċ ċleaċtas fíréantaċt, gur uaiḋ‐sean do geineaḋ é.


Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


An té adeir, Atá aiṫne agam air, agus naċ gcoiṁeádann a aiṫeanta, is bréagaire é, agus ní ḟuil fírinne ar biṫ ann.


A ċáirde ionṁaine, ní h‐aon aiṫne nua atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt sean‐aiṫne do ḃí ó ṫús agaiḃ. Is í an tsean‐aiṫne an briaṫar do ċualaḃar.


Cibé duine do geineaḋ ó Ḋia, ní ḋéanann sé peacaḋ, óir fanann síol Dé ann: agus ní féidir leis peacaḋ do ḋéanaṁ de ḃriġ gur ó Ḋia do geineaḋ é.


A ċáirde ionṁaine, má ḃí gráḋ ċóṁ mór sin ag Dia ḋúinn, ba ċeart dúinne gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile.


Ní ḟaca aoinneaċ Dia ariaṁ: má tá gráḋ againn d’á ċéile, cóṁnuiġeann Dia ionnainn, agus curtar a ġráḋ i gcríċ ionnainn.


Agus d’aiṫniġeamar an gráḋ atá ag Dia ḋúinn, agus do ċreideamar ann. Is gráḋ é Dia; agus an té ċóṁnuiġeas san ngráḋ, cóṁnuiġeann sé i nDia, agus cóṁnuiġeann Dia ann.


Má deir aoinneaċ, Atá gráḋ do Ḋia agam, agus fuaṫ dó ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is bréagaire é; óir an té atá gan gráḋ do’n ḃráṫair do ċonnaic sé, ní féidir leis gráḋ do ṫaḃairt do Ḋia naċ ḃfaca sé.


An té naċ ngráḋuiġeann, ní ḟuil aiṫne aige ar Ḋia; óir is gráḋ é Dia.


Cibé duine ċreideas gur ab é Íosa an Críost, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus cibé duine ġráḋuiġeas an té do ġein é, gráḋuiġeann sé an Mac do geineaḋ uaiḋ.


Agus impiḋim ort anois, a ḃaintiġearna, ní mar ḃéinn ag scríoḃaḋ aiṫne nuaiḋe ċugat, aċt an aiṫne do ḃí ó ṫús againn, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ