Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 3:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Oír an tí ċoiṁéudas a aiṫeanta coṁnuiġe sé ann, agus eisean annsan. Agus is as so aiṫniġemíd eisean do ḃeiṫ na ċoṁnuiġe íonnuinn, as an Sbioruid tug sé ḋúinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 3:24
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt má ġním iad, muna gcreideann siḃ mise, creidiḋ na h‐oibreaċa: ionnas go mbéiḋ a ḟios agaiḃ agus go dtuigfiḋ siḃ go ḃfuil an t‐Aṫair ionnam‐sa, agus go ḃfuilim‐se san Aṫair.


naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


fá mar atáir‐se, a Aṫair, ionnam‐sa, agus mise ionnat‐sa, go mbéaḋ siad‐san ionainn, ċóṁ maiṫ: ċum go gcreidfeaḋ an saoġal gur ċuiris uait mé.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ?


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


Agus cia an cóiṁċeangal atá idir teampall Dé agus íoḋla? óir is sinne teampall Dé ḃí; mar aduḃairt Dia, Déanfad cóṁnaiḋe ’n‐a measc, agus siuḃalfad ’n‐a measc; béiḋead‐sa im’ Ḋia aca, agus béiḋid‐sean ’n‐a bpobal agam‐sa.


D’á ḃriġ sin, cibé ḋiúltuiġeas é seo, ní h‐é an duine ḋiúltuiġeas se, áċt Dia do‐ḃeir a Spiorad Naoṁ ḋaoiḃ.


Coiṁeád an taisce maiṫ tugaḋ ḋuit tríd an Spiorad Naoṁ ċóṁnuiġeas ionnainn.


Maidir liḃ‐se, an teagasc do ċualaḃar ó ṫús, cóṁnuiġeaḋ sé ionnaiḃ. Má ċóṁnuiġeann an niḋ do ċualaḃar ó ṫús ionnaiḃ, béiḋ siḃ ’n‐ḃur gcóṁnaiḋe san Mac agus san Aṫair mar an gcéadna.


Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


Aċt an té ċoiṁeádas a ḃriaṫar, is ann atá gráḋ Dé críoċnuiġṫe. Is air so aiṫniġmíd go ḃfuilmíd ann:


an té adeir go gcóṁnuiġeann sé ann, atá sé de ḋualgas air siuḃal do réir mar ṡiuḃail seisean.


agus cibé niḋ iarraimíd air doġeiḃimíd uaiḋ é, de ḃriġ go gcoiṁeádaimíd a aiṫeanta, agus go ndéanaimíd na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


A ċáirde ionṁaine, bíoḋ gráḋ againn d’á ċéile: óir is ó Ḋia ṫig an gráḋ; agus gaċ duine ġráḋuiġeas, is ó Ḋia do geineaḋ é, agus aiṫniġeann sé Dia.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ