Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 3:23 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Agus is í a aiṫne, creideaṁain i n‐ainm a Ṁic Íosa Críost, agus gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile, do réir na h‐aiṫne ṫug sé ḋúinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

23 Agus a sí so a áiṫne, Go ccreidfeaḋ sinne a nainm a Ṁic Iósa Críosd, agus a ċéile do ġráḋuġaḋ, réir na háiṫne tug seision dúinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 3:23
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus atá an dara h‐aiṫne cosṁail léi, Gráḋóċaiḋ tú do ċóṁarsa mar ṫú féin.


Agus ṫáinig scamall ’n‐a dtimċeall do ċlúduiġ iad: agus ṫáinig an guṫ as an scamall aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain: éistiḋ leis.


Aċt an méid do ġlac leis, ṫug sé mar ċeart dóiḃ ḃeiṫ ’n‐a gclainn do Ḋia, dóiḃ‐sean ċreideas ’n‐a ainm:


Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ.


Ná bíoḋ buaiḋirt croiḋe oraiḃ; creidiḋ i nDia, creidiḋ ionnam‐sa mar an gcéadna.


Is í seo m’aiṫne‐se, go dtiuḃraḋ siḃ gráḋ d’á ċéile, mar ṫugas‐sa gráḋ ḋaoiḃ‐se.


Agus is í seo an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, aiṫne do ḃeiṫ aca ort‐sa, an t‐aon Dia fírinneaċ, agus ar an té do ċuiris uait, Íosa Críost.


Agus i nIarúsalem dó le linn féile na cásca, do ċreid móran ’n‐a ainm, ó do ċonnacadar na míorḃailtí do‐rinne sé.


An té ċreideas ann ní tugtar breiṫ air: an té naċ gcreideann atá breiṫ taḃarṫa air ċeana féin, toisc nár ċreid sé i n‐ainm Aon‐Ṁic Dé.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té do ċuir sé uaiḋ.


Agus aduḃradar‐san, Creid san Tiġearna Íosa, agus saorfar ṫú ḟéin agus do ṫeaġlaċ.


agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia.


Aċt i dtaoḃ an ġráḋa ḃráṫarḋa, ní gáḃaḋ scríoḃaḋ ċugaiḃ: óir fuaraḃar féin teagasc ó Ḋia gur dual daoiḃ gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile,


Is inċreidṫe an focal é, agus is fiú glacaḋ ar fad leis, go dtáinig Íosa Críost isteaċ san tsaoġal ċum peacaiġ do ṡlánú; agus is mise an té is measa ḋíoḃ.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Ṫar gaċ niḋ eile bíoḋ dian‐ġráḋ agaiḃ d’á ċéile: óir cuireann an grád clúdaċ ar a lán mór peacaiḋe.


A ċáirde ionṁaine, ní h‐aon aiṫne nua atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt sean‐aiṫne do ḃí ó ṫús agaiḃ. Is í an tsean‐aiṫne an briaṫar do ċualaḃar.


Óir is í seo an teaċtaireaċt do ċualaḃar ó ṫús, gur dual dúinn gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile:


Cibé duine adṁóċas gur ab é Íosa Mac Dé, cóṁnuiġeann Dia ann, agus cóṁnuiġeann seisean i nDia.


Agus atá an aiṫne againn uaiḋ, An té ġráḋuiġeas Dia, taḃraḋ sé gráḋ d’á ḃráṫair mar an gcéadna.


Do scríoḃas na neiṫe seo ċugaiḃ‐se ċreideas i n‐ainm Ṁic Dé ċum go mbéiḋ eolas agaiḃ go ḃfuil an ḃeaṫa ṁarṫannaċ agaiḃ.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ