Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 3:22 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

22 agus cibé niḋ iarraimíd air doġeiḃimíd uaiḋ é, de ḃriġ go gcoiṁeádaimíd a aiṫeanta, agus go ndéanaimíd na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

22 Agus gaċ ní ṡirmid, do ġeiḃmíd úaḋ é, do ḃríġ go gcoiṁéudamaóid a aiṫeanta, agus go ndéunamaóid na neiṫe ar a ḃfuile gean aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 3:22
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Le linn a ċainnte, féaċ, do leaṫ scamall lonnraċ orṫa: agus féaċ, an guṫ as lár an scamaill, aduḃairt, Is é seo mo Ṁac ionṁain, ’n‐a ḃfuil mo mór‐aoiḃneas; éistiḋ leis.


Agus cibé niḋ iarrfas siḃ i n‐urnaiġe, do‐ġeoḃaiḋ siḃ é, aċt creideaṁ ḃeiṫ agaiḃ.


D’á ḃriġ sin adeirim liḃ, Cibé niḋ ġuiḋeas agus iarras siḃ, creidiḋ go ḃfuair siḃ é, agus do‐ġeoḃaiḋ siḃ é.


Agus cibé niḋ iarrfas siḃ im’ ainm‐se, déanfad é, ċum go nglóireoċar an t‐Aṫair san Mac.


Má ċoiṁéadann siḃ m’aiṫeanta, fanfaiḋ siḃ im’ ġráḋ; fá mar ċoiṁéadas‐sa aiṫeanta m’Aṫar, agus go ḃfanaim ’n‐a ġráḋ.


Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeaḋ siḃ san té do ċuir sé uaiḋ.


Agus an té do ċuir uaiḋ mé atá sé im’ ḟoċair; níor ḟág sé im’ aonar mé; óir do‐ġním i gcóṁnaiḋe na neiṫe ṫaiṫniġeas leis.


Atá a ḟios againn naċ n‐éisteann Dia le luċt peacaiḋ do ḋéanaṁ: aċt an duine aḋras Dia, agus ġníos a ṫoil, éisteann sé leisean.


Do leig Dia aimsear an ainḃfiosa ṫairis, aċt anois atá sé g‐á ḟógairt do na daoiniḃ ins gaċ aon áit aiṫriġe do ḋéanaṁ:


ag brostú na nIúdaċ agus na nGréagaċ ċum aiṫriġe ċum Dé, agus ċum creidiṁ ’n‐ár dTiġearna Íosa Críost.


Atá gaċ niḋ go h‐iomadaṁail agam: atá mo lán‐dóṫain agam, óir na neiṫe ṫáinig uaiḃ‐se, atá mar ḃolaḋ deaġ‐ċuṁra, íoḋbairt ionġlacṫa, taiṫneaṁaċ ag Dia, fuaras ó Epafróditus iad.


ċum go siuḃalfaiḋ siḃ mar d’oirfeaḋ daoiḃ san Tiġearna, go sásóċaiḋ siḃ é ar an uile ṡliġe, ag taḃairt torṫa san uile ḋeaġ‐ġníoṁ, agus ḃur n‐eolas ar Ḋia ag dul i méid;


go ḃfoirḃiḋ sé ins gaċ deaġ‐ġníoṁ siḃ, ċum a ṫoil do ḋéanaṁ, ag oibriú ionnainn a ḃfuil taiṫneaṁaċ ’n‐a ḟiaḋnaise, tré Íosa Críost; dó‐san go raiḃ an ġlóir go saoġal na saoġal. Amen.


Má ḃíonn aon duine agaiḃ i n‐uireasbaiḋ eagna, iarraḋ sé ar Ḋia í; is é do‐ḃeir go fial do ċáċ, gan aiṫḃear; agus do‐ḃéarfar dó í.


Iarrann siḃ, agus ní ḟaġann siḃ, de ḃriġ go n‐iarrann siḃ go h‐olc, ċum ḃur n‐ainṁianta do ṡásaṁ.


Adṁuiġiḋ ḃur bpeacaiḋe d’á ċéile, d’á ḃriġ sin, agus guiḋiḋ ar son a ċéile, ċum go leiġeasfar siḃ. Is mór an éifeaċt atá i n‐urnaiġe ḋúṫraċtaiġ ó ḟear fíréan.


Agus is air so aiṫniġmíd go ḃfuil aiṫne againn air, má ċoiṁeádaimíd a aiṫeanta.


Agus is é aḋḃar an uċtaiġ atá againn ’n‐a ṫaoḃ, má iarraimíd rud ar biṫ do réir a ṫola air, go n‐éisteann sé linn:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ