Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 3:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 óir má ċionntuiġeann ár gcroiḋe sinn, is mó Dia ’ná ár gcroiḋe, agus is eol dó an uile niḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Oír dá ndáoruiḋ ar gcroiḋe sinn, as mó fós Día ná ar gcroiḋe, agus atá fios na nuíle neiṫeann aige.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 3:20
23 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, A Ṡíomóin Eoin, An ionṁain leat mé? Do ġoill sé ar Ṗeadar go nduḃairt sé leis an tríoṁaḋ h‐uair, An ionṁain leat mé? Agus aduḃairt sé leis, A Ṫiġearna, is eol duit an uile niḋ; atá a ḟios agat gur ab ionṁain liom ṫú. Aduḃairt Íosa leis, Beaṫuiġ mo ċaoiriġ.


Agus nuair do‐ċualadar sin, d’imṫiġeadar ’n‐a nduine agus ’n‐a nduine, na daoine ba ṡine ar dtús, go dtí an duine deiriḋ, agus do fágaḋ Íosa ’n‐a aonar, agus an ḃean ’n‐a seasaṁ ’n‐a láṫair.


Aċt, ar n‐a ċlos sin dóiḃ‐sean, do ḃíodar ar buile,


Fuair Críost bás, nó, dob ḟearr a ráḋ, d’aiséiriġ sé, agus atá sé ar ḋeasláiṁ Dé, agus do‐ġní sé eadarġuiḋe ar ár son.


Óir ní fios dom éinniḋ im’ ċoinniḃ féin; aċt ní ḟíréanuiġeann sin mé: óir is é an Tiġearna ḃeireas breiṫeaṁnas orm.


agus a ḟios agat go ndeaċaiḋ a leiṫéid sin ar gcúl, agus gur ab eol dó féin go ḃfuil peacaḋ d’á ḋéanaṁ aige.


Agus ní ḟuil éinniḋ d’ár cruṫuiġeaḋ naċ ḃfuil soiléir os cóṁair a ṡúl; aċt atá an uile niḋ noċta, lán‐ḟoscailte roiṁ ṡúiliḃ an té go ḃfuil cunntas againn le déanaṁ leis.


Óir nuair ṫug Dia geallaṁain d’Abraċam, de ḃriġ nár ḟéad sé a ḋearḃú ar aoinneaċ ba ṁó, do ḋearḃuiġ sé air féin,


Air so aiṫniġtear gur daoine de’n ḟírinne sinn, agus béiḋ sásaṁ croiḋe againn ’n‐a ḟiaḋnaise;


A ċáirde ionṁaine, muna gcionntuiġeann ár gcroiḋe sinn, atá uċtaċ againn i ḃfiaḋnaise Dé;


Is ó Ḋia atá siḃ‐se, a ċlann ḃeag, agus atá buaiḋte agaiḃ orṫa‐san: óir is treise an té atá ionnaiḃ‐se ’ná an té atá san tsaoġal.


Agus imreoċad bás ar a clainn; agus tuigfiḋ na h‐eaglaisí gur mise an té scrúduiġeas na duḃáin agus na croiḋeaċa: agus do‐ḃéarfad do gaċ duine agaiḃ do réir ḃur ngníoṁarṫa.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ