Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Air so is eaḋ aiṫniġmíd an gráḋ, de ḃriġ go dtug seisean a anam ar ár son; agus ba ċeart dúinne ár n‐anam do ṫaḃairt ar son na mbráṫar.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Is as so is aiṫniġ ḋúinn gráḋ Dé, gur ċuir sé a anum síos air ar soinne: uime sin atá dfíaċuiḃ oruinne ar nanmanna do ċur síos ar son ar ndearḃraiṫreaċ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 3:16
24 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

ar ċuma Ṁic an Duine naċ dtáinig ċum go ndéanfaiḋe frioṫáileaṁ air, aċt ċum go ndéanfaḋ seisean frioṫáileaṁ, agus ċum a anam do ṫaḃairt i n‐éiric móráin.


Is mise an t‐aoḋaire maiṫ: do‐ḃeir an t‐aoḋaire maiṫ a anam ar son na gcaoraċ.


fá mar aiṫniġeann an t‐Aṫair mé, agus aiṫniġim‐se an t‐Aṫair; agus do‐ḃeirim m’anam ar son na gcaoraċ.


Do‐ḃeirim aiṫne nua ḋaoiḃ, gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile; fá mar ṫug mise gráḋ ḋaoiḃ‐se, go dtiuḃraḋ siḃ‐se gráḋ d’á ċéile, ċóṁ maiṫ.


Óir do ġráḋuiġ Dia an saoġal ċóṁ mór sin, go dtug sé a Aon‐Ṁac féin, ionnas, gaċ duine creidfeaḋ ann, naċ gcaillfiḋe é, aċt go mbéaḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


daoine a ċuir a muineál féin i gcontaḃairt ar son m’anma‐sa; d’á ḃfuilim ag taḃairt buiḋeaċais, agus ní mise aṁáin,


Aċt noċtann Dia an gráḋ atá aige féin dúinn, de ḃriġ, ar mbeiṫ ḋúinn ’n‐ár bpeaċaċaiḃ, go ḃfuair Críost bás ar ár son.


Mar sin bíonn an bás ag oibriú ionnainne, aċt atá an ḃeaṫa ag oibriú ionnaiḃ‐se.


agus siuḃlaiḋ i ngráḋ, fá mar ġráḋuiġ Críost siḃ‐se, agus ṫug é féin ar ár son, ’n‐a ṫoirbirt agus ’n‐a íoḋbairt ḋeaġ‐ċuṁra do Ḋia.


A ḟeara, bíoḋ gráḋ agaiḃ d’ḃur mnáiḃ, fá mar ġráḋuiġ Críost an eaglais agus ṫug é féin suas ar a son;


’Seaḋ, agus má doirtṫear mé mar ofráil diġe os cionn íoḋbairte agus seirḃíse ḃur gcreidiṁ, do‐ġním gáirdeaċas, agus do‐ġním bród i n‐éinḟeaċt liḃ‐se go léir:


toisc go ndeaċaiḋ sé i ngar do’n ḃás ar son gnó Ċríost, ag cur a anma i mbaoġal báis d’iarraiḋ a raiḃ i n‐easnaṁ ar ḃur seirḃís daṁ‐sa do ṡoláṫar.


mar sin de, le méid an ċeana do ḃí againn oraiḃ, ba ṁian linn, ní h‐é soiscéal Dé aṁáin do roinnt liḃ, aċt ár n‐anamanna féin, leis, toisc gurḃ an‐ionṁain linn siḃ‐se.


ag fanaṁain le dóċas beannuiġṫe agus le taisbeánaḋ glóire an Dé ṁóir agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost;


agus a ḟios agaiḃ naċ le neiṫiḃ so‐ṫruailliġṫe, le h‐airgead nó le h‐ór, do fuasclaḋ siḃ ó na baoiṫ‐ċleaċtaiḃ saoġalta ṫáinig i n‐oiḋreaċt ó n’ ḃur sinnsearaiḃ ċugaiḃ;


an té d’iomċair ár bpeacaiḋe ’n‐a ċorp féin ar an gcrann, ċum, ar mbeiṫ ḋúinn marḃ do’n ṗeacaḋ, go mairfimís do’n ḟíréantaċt; agus do leiġeasaḋ siḃ le n‐a ċneaḋaiḃ.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


an té adeir go gcóṁnuiġeann sé ann, atá sé de ḋualgas air siuḃal do réir mar ṡiuḃail seisean.


An té adeir go ḃfuil sé san tsolas, agus fuaṫ ḃeiṫ aige d’á ḃráṫair, is san dorċadas atá sé, agus é ag siuḃal san dorċadas go dtí anois féin.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus do ċanadar aṁrán úr‐nua, g‐á ráḋ, Is fiú ṫusa an leaḃar do ġlacaḋ agus a ṡéalaí d’ḟoscailt: de ḃriġ gur marḃaḋ ṫú, agus gur ċeannuiġis do Ḋia led’ ḟuil daoine de gaċ treiḃ, agus de gaċ teangain, agus de gaċ pobal, agus de gaċ cineaḋ,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ