Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 2:27 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

27 Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

27 Aċd atá an tungaḋ do ġlacaḃair úaḋsan na ċoṁnuiġe ionnuiḃ, agus ní ḃfuil na riaċdanus oruiḃ neaċ ar biṫ ḃur múnaḋ: aċd mar ṁuineas an tungaḋ sin siḃ a dtáoḃ na nuile neiṫeann, agus as fírinneaċ é, agus ní ḃfuil bréug ann, agus do réir mar do ṁúin sé siḃ, do ḋéunuiḋ siḃ coṁnuiġ annsan.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 2:27
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Agus cuirfead‐sa aṫċuinġe ar an Aṫair, agus do‐ḃéarfaiḋ sé Sólásaiḋe eile ḋaoiḃ ċum ḃeiṫ ’n‐ḃúr ḃfoċair go deoiḋ, Spiorad na fírinne:


naċ ḃféadann an saoġal a ġlacaḋ; óir ní ḟeiceann ná ní aiṫniġeann sé é: aiṫniġeann siḃ‐se é; óir fanann sé agaiḃ, agus béiḋ se ionnaiḃ.


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.


aċt an t‐uisce do‐ḃéarfad‐sa ḋó, béiḋ sé ’n‐a ṫobar uisce ann ag brúċtġail ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


Atá scríoḃṫa ins na fáiḋiḃ, Agus béiḋ siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gaċ duine d’éist leis an Aṫair, agus d’ḟoġlaim, tagann sé ċugam‐sa.


Aċt ní h‐é spiorad an tsaoġail fuaramair‐ne, aċt an spiorad ṫig ó Ḋia; ċum go mbéaḋ eolas againn ar na neiṫiḃ ḃronnas Dia go fial orainn.


Is ar na neiṫiḃ sin laḃraimíd, ní i mbriaṫraiḃ ṁúineas eagna ḋaonna, aċt an méid ṁúineas an Spiorad dúinn; ag míniú neiṫe spioradálta le neiṫiḃ spioradálta.


Agus an té ḋaingniġeas sinn i n‐éinḟeaċt liḃ‐se i gCríost, is é Dia é;


má’s fíor go gcualaḃar é, agus go ḃfuaraḃar teagasc ann, do réir mar tá an ḟírinne i nÍosa.


Uime sin, ó ġlacaḃar Íosa Críost mar Ṫiġearna ċugaiḃ,


Ar an aḋḃar sin do‐ḃeirimíd buiḋeaċas gan stad do Ḋia, de ḃriġ, nuair ġlacaḃar briaṫar teaċtaireaċta Dé uainn, gur ġlacaḃar é, ní mar ḃriaṫar daoine, aċt (mar is é go fírinneaċ) mar ḃriaṫar Dé oibriġeas ionnaiḃ‐se ċreideas.


Aċt i dtaoḃ an ġráḋa ḃráṫarḋa, ní gáḃaḋ scríoḃaḋ ċugaiḃ: óir fuaraḃar féin teagasc ó Ḋia gur dual daoiḃ gráḋ do ṫaḃairt d’á ċéile,


Ċuige sin is eaḋ do h‐órduiġeaḋ mise im’ ṡeanmóiriḋe agus im abstal (is í an ḟírinne atá agam d’á ráḋ, ní bréag í), im’ ṫeagascṫóir ċum an creideaṁ agus an ḟírinne do ṁúineaḋ do na Cineaḋaċaiḃ.


óir do h‐aiṫ‐ġeineaḋ siḃ, ní ó ṡíol so‐ṫruailliġṫe, aċt ó ṡíol neaṁṫruailliġṫe, le briaṫar biṫ‐ḃeo, buan Dé.


Anois, a ċlann ḃeag, cóṁnuiġiḋ ann, ionnas, má foillsiġtear é, go mbéiḋ uċtaċ againn, gan náire ḃeiṫ orainn nuair ṫiocfas sé.


Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.


as uċt na fírinne ċóṁnuiġeas ionnainn, agus ḃéas linn go síorraiḋe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ