Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.
ar ċuma, fá mar ḃí réimeas an ṗeacaiḋ ċum báis ann, gur ar an gcuma ċéadna do ḃéaḋ réimeas an ġrása tré ḟíréantaċt ann ċum na beaṫaḋ síorraiḋe tré Íosa Críost ár dTiġearna.
Óir an té ċuireas fá ċóṁair na colna, is truailleaċt ó’n gcolainn ḃainfeas sé; aċt an té ċuireas fá ċóṁair an Spioraid, is í an ḃeaṫa ṁarṫannaċ ḃainfeas sé.
Aċt ċuige sin is eaḋ fuaras trócaise, ċum go noċtfaḋ Íosa Críost a ḟad‐ḟulang uile ionnam‐sa ar dtús, ċum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do ḃí le creideaṁain ann, ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.
i dtaoḃ Briaṫair na beaṫaḋ (is eaḋ, do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonnacamar í, agus atáimíd ag taḃairt fiaḋnaise, agus atáimíd ag fógairt na beaṫaḋ ḋaoiḃ, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ do ḃí leis an Aṫair, agus do foillsiġeaḋ ḋúinne);
Agus is eol dúinn go dtáinig Mac Dé, agus go dtug sé tuigsin dúinn ċum an té atá fírinneaċ d’aiṫint, agus atáimíd‐ne san té atá firinneaċ, ’n‐a Ṁac Íosa Críost.