Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 2:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Maidir liḃ‐se, an teagasc do ċualaḃar ó ṫús, cóṁnuiġeaḋ sé ionnaiḃ. Má ċóṁnuiġeann an niḋ do ċualaḃar ó ṫús ionnaiḃ, béiḋ siḃ ’n‐ḃur gcóṁnaiḋe san Mac agus san Aṫair mar an gcéadna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 Uime sin coṁnuiġeaḋ an ní do ċúalaḃair ó ṫosuiġ ionnuiḃ. Dá gcoṁnuiġiḋ an ní do ċúalaḃair ó ṫosuiġ ionnuiḃ, biáiḋ siḃse mar an gcéudna ḃur gcóṁnuiġe sa Ṁac, agus sa Naṫair.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 2:24
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

de réir mar atá siad taḃarṫa ḋúinn aca‐san dc ċonnaic ó ṫosaċ le n‐a súiliḃ iad, agus do ḃí ’n‐a seirḃíseaċaiḃ do’n ḃriaṫar,


Cuiriḋ‐se na ráiḋte seo i dtaisce ’n‐ḃúr gcluasaiḃ: óir atá Mac an Duine le taḃairt i láṁaiḃ daoine.


D’ḟreagair Íosa agus aduḃairt sé leis, Má tá gráḋ ag duine ḋom, ċoiṁéadfaiḋ sé mo ḃriaṫar: agus béiḋ gráḋ ag an Aṫair ḋó, agus tiocfaimíd ċuige, agus déanfaimíd cóṁnaiḋe ’n‐a ḟoċair.


Má ḟanann siḃ ionnam‐sa, agus má ḟanann mo ḃriaṫra ionnaiḃ‐se, iarraiḋ niḋ ar biṫ is mian liḃ, agus do‐ġéantar daoiḃ é.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, cóṁnuiġeann sé ionnamsa, agus cóṁnuiġim‐se ann.


Uime sin aduḃradar leis, Cia ṫú féin? Aduḃairt Íosa léo, Cad ċuige ḋom ḃeiṫ ag laḃairt liḃ, ar ċor ar biṫ?


Agus atá a ḟios agaiḃ féin, a Ḟilipíneaċa, nuair d’imṫiġeas ó’n Maiceadóin, agus an soiscéal ’n‐a ṫús, naċ ndeaċaiḋ eaglais ar biṫ i bpáirt liom fá ḃronnaḋ agus fá ġlacaḋ,


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


D’á ḃriġ sin is mó is ċeart dúinn aire ḋúṫraċtaċ do ṫaḃairt do na neiṫiḃ do ċualamar, ar eagla go raċaimís ar fán uaṫa.


agaiḃ le meaḃlaireaċt an ṗeacaiḋ óir do rinneaḋ sinn rannṗáirteaċ le Críost, aċt go gcongḃuiġmíd ár gcéad ṁuiniġin go deireaḋ;


an méid do ċonnacamar agus do ċualamar, is é atá againn d’á ḟógairt daoiḃ‐se, leis, ċum go mbéiḋ cumann agaiḃ‐se linne mar an gcéadna: agus is leis an Aṫair atá ár gcumann, agus le n‐a Ṁac Íosa Críost:


aċt má ṡiuḃlaimíd san tsolas fá mar tá seisean san tsolas, atá cumann againn le ċéile, agus glanann fuil Íosa Críost a Ṁac ó gaċ peacaḋ sinn.


A ċáirde ionṁaine, ní h‐aon aiṫne nua atá agam d’á scríoḃaḋ ċugaiḃ, aċt sean‐aiṫne do ḃí ó ṫús agaiḃ. Is í an tsean‐aiṫne an briaṫar do ċualaḃar.


Agus an té ċoiṁeádas a aiṫeanta, cóṁnuiġeann sé ann, agus cóṁnuiġeann seisean ann. Agus air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġeann sé ionnainn, tríd an Spiorad ṫug sé ḋúinn.


Is air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġmíd ann, agus go gcóṁnuiġeann seisean ionnainn, de ḃriġ gur roinn sé a spiorad linn.


Cibé duine adṁóċas gur ab é Íosa Mac Dé, cóṁnuiġeann Dia ann, agus cóṁnuiġeann seisean i nDia.


Agus d’aiṫniġeamar an gráḋ atá ag Dia ḋúinn, agus do ċreideamar ann. Is gráḋ é Dia; agus an té ċóṁnuiġeas san ngráḋ, cóṁnuiġeann sé i nDia, agus cóṁnuiġeann Dia ann.


as uċt na fírinne ċóṁnuiġeas ionnainn, agus ḃéas linn go síorraiḋe.


Cibé duine ṫéiġeas ceann ar aġaiḋ agus naċ gcóṁnuiġeann i dteagasc Ċríost, ní ḟuil Dia aige: cibé duine ċóṁnuiġeas san teagasc sin atá an tAṫair agus an Mac aige.


Is mór an gáirdeaċas do ḃí orm nuair ṫáinig na bráiṫre ċugam ag taḃairt fiaḋnaise leo ar an ḃfírinne atá ionnat, cionnas táir ag siuḃal san ḃfírinne.


Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.


Cuiṁniġ, d’á ḃriġ sin, ar a ḃfuarais agus ar a gcualais, agus congḃuiġ é, agus déan aiṫriġe. Aċt muna ndéanair faire, tiocfad‐sa ar nós gadaiḋe, gan a ḟios agat cia an uair ṫiocfad ort.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ