Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 2:20 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

20 Maidir liḃ‐se, atá ungaḋ ó’n Té Naoṁṫa agaiḃ, agus atá eolas iomlán agaiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

20 Giḋeaḋ atá ungaḋ aguiḃse ón Neaċ Náoṁṫa, agus atá eólus aguiḃ ar na huile neiṫiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 2:20
28 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Cad é an ḃaint atá againne leat, a Íosa Nasarḋa? An dtáinig tú ċum sinn do scrios? Atá a ḟios agam cia h‐é ṫusa, Aon Naoṁṫa Dé.


Ata Spiorad an Tiġearna orm, De ḃriġ gur ong sé mé ċum déiġ‐scéala do ċraoḃscaoileaḋ do na boċtaiḃ: Do ċuir sé uaiḋ mé ċum fuascailt d’ḟógairt do na braiġdeánaiḃ, Agus raḋarc do na dallaiḃ, Ċum saoirse do ṫaḃairt dóiḃ‐sean atá brúiġte,


Caidé an ḃaint atá againne leat‐sa, a Íosa Nasarḋa? an ċum sinn do scrios ṫáinig tú? Tá a ḟios agam cia h‐é ṫú, Aon Naoṁṫa Dé.


Aċt an Sólásaiḋe, an Spiorad Naoṁ, ċuirfeas an t‐Aṫair uaiḋ im’ ainm‐se, múinfiḋ seisean gaċ uile niḋ ḋaoiḃ, agus cuirfiḋ sé i gcuiṁne ḋaoiḃ gaċ a nduḃras liḃ.


nuair ṫiocfas an Spiorad úd na fírinne, treoróċaiḋ sé ċum na fírinne uile siḃ: óir ní h‐uaiḋ féin laḃras sé; aċt laḃarfaiḋ sé gaċ a gcluineann sé: agus noċtfaiḋ sé ḋaoiḃ na neiṫe atá le teaċt.


cionnas mar d’ong Dia Íosa Nasarḋa leis an Spiorad Naoṁ agus le cuṁaċt: gur ġluais sé roiṁe ag déanaṁ deaġ‐ġníoṁ, agus ag leiġeas gaċ duine do ḃí fá smaċt an diaḃail; óir do ḃí Dia leis.


Do ṡéanaḃar an t‐Aon Naoṁṫa Fíréanta, agus d’iarraḃar dúnṁarḃṫóir do ṫaḃairt daoiḃ,


Aċt an té atá spioradálta breaṫnuiġeann sé an uile niḋ, agus ní ḟuil sé fá ḃreiṫ duine ar biṫ.


Do ġráḋuiġis an ḟíréantaċt, agus d’ḟuaṫuiġis an aindliġe; Uime sin d’ung Dia, do Ḋia‐sa, ṫú Le h‐ola an ġáirdeaċais os cionn do ċompánaċ.


Agus ní ṁúinfiḋ gaċ duine a ċóṁarsa, Agus gaċ duine a ḃráṫair, g‐á ráḋ, Bíoḋ aiṫne agat ar an Tiġearna: Óir béiḋ aiṫne ag gaċ uile ḋuine orm, Ó’n té is luġa go dtí an té is mó ḋíoḃ.


Aċt maidir liḃ féin, an t‐ungaḋ fuaraḃar uaiḋ‐sean, cóṁnuiġeann sé ionnaiḃ, agus ní gáḃaḋ go múinfeaḋ aoinneaċ siḃ; aċt fá mar ṁúineann a ungaḋ siḃ i dtaoḃ an uile niḋ, agus gur fírinne é, agus naċ bréag é; agus fá mar ṁúin sé siḃ, cóṁnuiġiḋ ann.


Is air so aiṫniġmíd go gcóṁnuiġmíd ann, agus go gcóṁnuiġeann seisean ionnainn, de ḃriġ gur roinn sé a spiorad linn.


Is mian liom anois a ċur i gcuiṁne ḋaoiḃ, bíoḋ go ḃfuil lán‐eolas agaiḃ ar na neiṫiḃ seo ar fad, gur ṡaor an Tiġearna pobal as tír na hÉigipite aon uair aṁáin, aċt gur scrios sé ’n‐a ḋiaiḋ sin iad‐san nár ċreid.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i ḃFiladelfia; Is é adeir an té atá naoṁṫa, an té atá fíor, an té go ḃfuil eoċair Ḋáiḃí aige, an té ḟosclas, agus ní dúntar ’n‐a ḋiaiḋ; té ḋúnas, agus ní foscailtear ’n‐a ḋiaiḋ:


Do ḃí sé sciaṫáin ag gaċ ceann de na h‐ainṁiḋṫiḃ, agus ’n‐a dtimċeall, agus taoḃ istiġ ḋíoḃ atá siad lán de ṡúiliḃ: agus ní ṫostann siad de ló ná d’oiḋċe, aċt iad g‐á ráḋ, Naoṁṫa, naoṁṫa, naoṁṫa, Tiġearna Dia Uile‐ċuṁaċtaċ, do ḃí ann, agus atá ann, agus atá ag teaċt.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ