Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Eoin 2:15 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

15 Ná taḃraiḋ gráḋ do’n tsaoġal ná do na neiṫiḃ atá san tsaoġal. Má ḃeireann aoinneaċ gráḋ do’n tsaoġal, ní ḟuil gráḋ an Aṫar ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

15 Ná tuguiḋ gráḋ don tsáoġal, ná do na neiṫiḃ atá sa tsáoġal. Dá dtuguiḋ neaċ ar biṫ gráḋ don tsáoġal, ní ḃfuil gráḋ a Naṫar ann.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Eoin 2:15
15 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Annsin do rug an diaḃal leis é go mullaċ sléiḃe an‐áird, agus do ṫaisbeán sé ḋó ríoġaċta uile an doṁain, agus a ngradam;


Ní féidir d’aoinneaċ seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile: nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ seirḃís do ḋéanaṁ do Ḋia agus do Ṁammon.


Ní ḟéadann aon tsearḃónta seirḃís do ḋéanaṁ do ḋá ṁáiġistir: óir béiḋ fuaṫ aige do ḋuine aca, agus gráḋ do’n duine eile; nó claoiḋfiḋ sé le duine aca, agus béiḋ droċ‐ṁeas aige ar an duine eile. Ní féidir ḋaoiḃ fóġnaṁ do Ḋia agus do Ṁamón.


Dá mba leis an saoġal so siḃ, do ḃéaḋ cion ag an saoġal ar a ċineál féin: aċt de ḃriġ naċ leis an saoġal siḃ, aċt gur ṫoġas‐sa siḃ as an saoġal, ar an aḋḃar sin atá fuaṫ ag an saoġal daoiḃ.


Agus ná géilliḋ do nósaiḃ an tsaoġail seo: aċt aṫruiġtear siḃ tré aṫnuaḋaḋ ḃur n‐aigne, ċum go ḃfroṁfaiḋ siḃ toil Dé, atá maiṫ, agus taiṫneaṁaċ, agus diongḃálta.


Óir an é do ḋaoiniḃ, nó do Ḋia go ḃfuilim d’iarraiḋ sásaṁ do ṫaḃairt? nó an ḃfuilim d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ? Dá mbéinn fós d’iarraiḋ taiṫneaṁ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ, ní ḃéinn im’ ṡeirḃíseaċ ag Críost.


’n‐a raiḃ siḃ ag siuḃal roiṁ ré do réir cúrsa an tsaoġail seo, do réir prionnsa cuṁaċta an aeir, an spiorad atá ag oibriú anois i gclainn na h‐easuṁlaċta.


Óir fréaṁ an uile ṡaġais uile is eaḋ gráḋ an airgid, agus g‐á ṡanntú do ḋaoiniḃ áiriṫe, do ċuadar ar fán ó’n gcreideaṁ, agus is iomḋa arraing le n‐ar ṫolladar iad féin.


Is í is fíor‐ċráiḃṫeaċt i ḃfiaḋnaise ár nDé agus ár nAṫar, cuairt do ṫaḃairt ar na dílleaċtaiḃ agus ar na baintreaḃaċaiḃ i n‐am a n‐anró, agus gan leigint do’n tsaoġal a ṫruailliú féin.


A ṁná aḋaltrannaċa, naċ eol daoiḃ gur náiṁdeaċas i n‐aġaiḋ Dé cáirdeas an tsaoġail seo? Uime sin, cibé duine gur mian leis ḃeiṫ ’n‐a ċaraid do’n tsaoġal so, do‐ġní sé náṁa Dé ḋe féin.


Aċt cibé duine go ḃfuil maoin an tsaoġail seo aige, agus go ḃfeiceann sé á ḃráṫair i riaċtanas, agus go gcruaḋann sé a ċroiḋe ’n‐a aġaiḋ, cionnas ċóṁnuiġeann gráḋ Dé ann?


Is daoine de luċt an tsaoġail iad‐san: uime sin laḃrann siad ar nós an tsaoġail, agus éisteann an saoġal leo.


An té ċreideas i Mac Dé, atá an ḟiaḋnaise seo ann féin. An té naċ gcreideann do Ḋia, bréagnuiġeann sé é; de ḃriġ nár ċreid sé an ḟiaḋnaise ṫug Dia i dtaoḃ a Ṁic.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ