Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 6:4 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 atá sé lán d’uaḃar, ní ḟuil aon eolas aige; aċt atá sé ar mearḃall fá ċeisteannaiḃ, agus fá ḟoclaiḃ aċrannaċa, ó n‐a ḃfásann formad, aiġneas, masla, droċ‐aṁras,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

4 Atá sé uáiḃreaċ gun fios áoinneiṫe aige, aċd é ar sáoḃ céille a dtimċeall ċeasdann agus imreasan focal, tré na dtig miosguis, connsbóid, anċaint, droċ ḃaraṁla,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 6:4
44 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus tar éis aiġnis agus conspóide nár ḃeag do ḃí ag Pól agus ag Barnabas leo‐san, do socruiġeaḋ go raċaḋ Pól agus Barnabas, agus cuid eile aca suas go h‐Iarúsalem ċum na n‐abstal agus na seanóir fá’n scéal seo.


aċt má’s ceisteanna i dtaoḃ focal agus anmann, agus i dtaoḃ ḃúr ndliġe féin é, féaċaiḋ féin ċuige; ní h‐áil liom‐sa ḃeiṫ im’ ḃreiṫeaṁ ar a leiṫéidiḃ sin.


Aċt do ḃí fear aṁáin, darḃ ainm Síomón, do ḃí ag cleaċtaḋ draoiḋeaċta, agus ag meallaḋ muinntire Samária ar feaḋ tamaill roiṁe sin, g‐á ráḋ gur ḋuine mór éigin é féin:


Bíḋiḋ ar aon intinn le ċéile. Ná biḋiḋ árd‐aiḋmeannaċ, aċt déanaiḋ muinntearḋas leis na daoiniḃ atá uṁal. Ná biḋiḋ glic ’n‐ḃur dtuairim féin.


Siuḃlaimís go cneasta mar ḃéaḋ an lá ann; ní h‐é le ragairne agus le meisce, ní h‐é le drúis agus le h‐ainṁiantaiḃ, ná le bruiġin agus le formad.


Glacaiḋ ċugaiḃ an duine atá laig‐ċreidṁeaċ, aċt naċ ċum ḃeiṫ ag breiṫ breiṫe ar ṫuairimiḃ.


aċt do’n dream ata ceanndána, naċ n‐uṁluiġeann do’n ḟírinne, aċt uṁluiġeas do’n éigceart,


Aċt má’s mian le h‐aon duine ḃeiṫ conspóideaċ, ní ḟuil a leiṫéid sin de ġnás againn, agus ní ḟuil ag eaglaisiḃ Dé.


I dtosaċ scéil nuair ṫagas siḃ le ċéile san gcruinniú, is clos dom go mbíonn siosmaí eadraiḃ; agus creidim féin go ḃfuil cuid de’n ḟírinne ann.


Ná meallaḋ aon duine é féin. Má ṁeasann aon duine ḋíḃ ḃeiṫ glic san tsaoġal so, bíoḋ sé ’n‐a amadán, ċum go n‐éireoċaḋ sé glic.


óir cóṁḟad agus ḃíos formad agus imreasán ’n‐ḃur measc, naċ ḃfuil siḃ colnaiḋe, ag siuḃal ar nós daoine?


Óir má ċuireann duine fá ḋaoirse siḃ, má ċreaċann sé siḃ, má ṁeallann sé siḃ, má éiriġeann sé uaiḃreaċ, má ḃuaileann sé san éadan siḃ, fulaingeann siḃ leis.


Aċt má ḃíonn siḃ ag sclaṁaḋ agus ag alpaḋ a ċéile, taḃraiḋ aire naċ scriosfaiḋ siḃ a ċéile.


Ná biḋiḋ mórḋálaċ, ag cur duḃṡláin fá n‐a ċéile, ag formad le ċéile.


Óir má ṁeasann aon duine gur niḋ éigin é féin, agus gur neaṁ‐niḋ é, meallann sé é féin.


Is fíor go ḃfuil dream ann ṡeanmóruiġeas Críost tré ḟormad agus le mian conspóide; agus dream eile do‐ġní ó ḋeaġ‐ṫoil é;


Déanaiḋ gaċ niḋ gan ceasnú, gan aiġneas;


gan éinniḋ do ḋéanaṁ tré ṁian conspóide nó baoṫġlóire, aċt le h‐uṁlaċt aigne measaḋ gaċ aoinneaċ gur fearr an duine eile ’ná é féin.


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


agus noċtaḋ fir an ṗeacaiḋ, an mac mallaċtan árduiġeas é féin os cionn gaċ a dtugtar Dia mar ainm air, nó go ndéantar aḋraḋ ḋó; ar ṁoḋ go suiḋeann sé i dteampall Dé, g‐á ċur i gcéill gur Dia é féin.


agus gan aire do ṫaḃairt d’ḟaḃlaiḃ, ná do ġeinealaċaiḃ gan ċríoċ, ó n‐a ḃfásann ceisteanna níos mó ’ná riaraḋ gnó Dé san gcreideaṁ.


d’iarraiḋ ḃeiṫ mar ṁúinteoirí na dliġe, giḋ naċ dtuigeann siad créad ḃíos d’á ráḋ nó d’á ḋearḃú aca.


Ba ċeart dó gan ḃeiṫ ’n‐a nua‐ċreidṁeaċ, ar eagla, ar mbeiṫ lán d’uaḃar dó, go dtuitfeaḋ sé fá ḃreiṫeaṁnas an diaḃail.


Cuir na neiṫe seo i gcuiṁin dóiḃ, g‐á ḟógairt dóiḃ i ḃfiaḋnaise an Tiġearna gan ḃeiṫ ag aiġneas fá ḟoclaiḃ naċ ḃfuil aon tairḃe ionnta, aċt ċuireas amuġa an dream ċluineas iad.


Aċt diúltaiġ do ċeisteannaiḃ diṫ‐céilliḋe, diṫ‐léiġeanta, agus a ḟios agat go mbrostuiġeann siad bruiġean.


béiḋ siad ’n‐a ḃfealltóiriḃ, béiḋ siad ceanndána, lán d’uaḃar, gur mó a ndúil i bpléisiúr ’ná i nDia;


aċt seaċain baoiṫ‐ċeisteanna, agus geinealaiġ, agus aiġneas, agus conspóidí i dtaoḃ an dliġe; óir atáid gan tairḃe, gan éifeaċt.


Is eol daoiḃ an méid sin, a ḃráiṫre ionṁaine, aċt bíoḋ gaċ duine luaṫ ċum éisteaċta, mall ċum laḃarṫa, mall ċum feirge.


Aċt scriosfar iad ’n‐a dtruailliú féin mar ainṁiḋṫe brúideaṁla do réir dúṫċais, do ċruṫuiġeaḋ ċum ḃeiṫ gaḃṫa agus scriosta, ag laḃairt dóiḃ go masluiġṫeaċ ar neiṫiḃ naċ dtuigid,


Óir, ag laḃairt do mórḋálaċ as baoṫ‐ċainnt dóiḃ, bréagaid le h‐ainṁiantaiḃ na colna, le fonn macnais, na daoine atá ag éalóḋ ó’n dream atá ag siuḃal ar mearḃall:


Aċt laḃrann an dream so go masluiġṫeaċ i dtaoḃ neiṫe naċ ḃfuil aon eolas aca orṫa: agus na neiṫe go ḃfuil eolas ó ḋúṫċas aca orṫa, truailliġeann siad féin ionnta ar nós ainṁiḋṫe gan réasún.


Luċt claṁsáin, luċt cannráin is eaḋ a leiṫéidí, ag siuḃal do réir a n‐ainṁianta féin (agus focail ṁóra, maoiḋteaċa ’n‐a mbéal aca), ag taḃairt ómóis do ḋaoiniḃ le súil go ḃfaiġiḋ siad brabaċ dóiḃ féin.


De ḃriġ go n‐abrann tú, Atáim saiḋḃir agus maoin ar mo ṁian agam, gan uireasḃaiḋ éinniḋ orm; gan a ḟios agat gur tusa an duine dearóil, anróiteaċ, boċt, dall, lomnoċt:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ