Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 6:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Órduiġ do na daoiniḃ go ḃfuil saiḋḃreas aca san tsaoġal so gan ḃeiṫ árd‐aigeantaċ, gan a muiniġin do ċur as an saiḋḃreas so‐ġluaiseaċta, aċt as Dia do‐ḃeir gaċ niḋ go fial dúinn ċum ár sástaċta:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Fogair don druing atá sáiḃḃir sa tsáoġalsa, gan ḃeiṫ áirdinntinneaċ, ná a muiniġin do ċur a sáiḋḃreas neaṁbuáin, aċd sa Día ḃeó do ḃeir ḋúinne go sáiḋḃir na huile neiṫer ċum a ccaiṫṁe;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 6:17
62 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an té adéarfas focal i n‐aġaiḋ Ṁic an Duine, maiṫfear dó é; aċt an té laḃarfas i n‐aġaiḋ an Spioraid Naoiṁ, ní maiṫfear dó é, ar an saoġal so, ná ar an saoġal atá le teaċt.


Agus aduḃairt Íosa le n‐a ḋeisceablaiḃ, Go fírinneaċ adeirim liḃ, Is ar éigean a raċas duine saiḋḃir isteaċ i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Agus an té fuair na cúig tallanna, d’imṫiġ sé ar ball agus do‐rinne sé ceannaiḋeaċt leo, agus do ġnóṫuiġ sé cúig tallanna eile.


Agus nuair do ḃí an tráṫnóna ann, ṫáinig duine saiḋḃir ó Arimatéa darḃ ainm Seosaṁ, do ḃí ’n‐a ḋeisceabal ag Íosa:


Óir is iad sin na neiṫe go mbíonn tóir ag na Págánaċaiḃ orṫa; óir is eol d’ḃúr nAṫair neaṁḋa go ḃfuil gáḃaḋ agaiḃ leis na neiṫiḃ sin go léir.


Agus do ċuir a ḃriaṫra uaṫḃás ar na deisceablaiḃ. Aċt do laḃair sé arís, agus aduḃairt sé leo, A ċlann, naċ deacair ḋóiḃ‐sean a ċuireas a muinġin as saiḋḃreas dul isteaċ i ríoġaċt Dé!


Agus féaċ, do ḃí fear ann darḃ ainm Sacċéus; agus do ḃí sé ’n‐a ċeann‐ṗoibleacán, agus do ḃí sé saiḋḃir.


Agus d’ḟreagair seisean agus aduḃairt sé leo, An té ag a ḃfuil ḋá ċasóig, taḃraḋ sé do’n té naċ ḃfuil casóg aige; agus an té ag a ḃfuil biaḋ, déanaḋ sé mar an gcéadna.


Cibé sin de, níor ḟág sé é féin gan fiaḋnaise, g‐á ċur i gduigsin as uċt an ṁaiṫeasa do‐rinne sé, óir ṫug sé báisteaċ agus séasúir ṫorṫaċa ó’n spéir ḋaoiḃ, ag líonaḋ ḃúr gcroiḋe de ḃiaḋ agus de ġáirdeaċas.


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


agus fós ní déantar seirḃís dó le láṁaiḃ daoine, mar ḃéaḋ gáḃaḋ aige le niḋ ar biṫ, óir is é féin do‐ḃeir anam, agus anál, agus gaċ uile niḋ do ċáċ;


Is fíor sin: aċt is de ḋeascaiḃ mí‐ċreidiṁ do briseaḋ iad de, agus is tré ċreideaṁ ṡeasas tusa. Ná bí mór‐ḋálaċ, aċt bíoḋ eagla ort:


Óir bíoḋ a ḟios agaiḃ go maiṫ naċ ḃfuil oiḋreaċt ar biṫ i ríoġaċt Ċríost agus Dé ag striapaċ, ná ag duine neaṁ‐ġlan, ná ag duine sanntaċ, is é sin ioḋal‐aḋraṫóir.


Déanaḋ briaṫar Críost cóṁnaiḋe go fairsing san uile eagna ionnaiḃ; ag múineaḋ agus ag spreagaḋ a ċéile le salmaiḃ, agus le h‐iomnaiḃ, agus le dántaiḃ spioradálta, ag cantaireaċt do Ḋia le grása ’n‐ḃur gcroiḋeaċaiḃ.


Óir do‐ḃeir siad féin tuairisc ’n‐ár dtaoḃ, cionnas mar ċuaḋamar isteaċ ċugaiḃ; agus cionnas mar ṫionntuiġeaḃar ó íoḋalaiḃ ċum seirḃís do ḋéanaṁ do’n Dia beo, fíor,


D’impiḋeas ort fanaṁain i nEiféis, agus mé ag imṫeaċt fá ḋéin na Maiceadóine, ċum fógraḋ do ṫaḃairt do ḋaoiniḃ áiriṫe gan aṫrú teagaisc do ṁúineaḋ,


aċt má ġním moill, ċum go dtuigiḋ tú cionnas ba ċeart duit ṫú féin d’iomċar i dteaġlaċ Dé, is é sin eaglaif Dé ḃí, colaṁan agus crann cosanta na fírinne.


Óir ċuige sin is eaḋ atáimíd ag saoṫrú agus ag spairn, toisc ár muiniġin ḃeiṫ againn as an Dia beo, slánuiġṫeoir na ndaoine uile, an méid aca ċreideas, go mór‐ṁór.


Cuirim mar aṫċuinġe ort i ḃfiaḋnaise Dé, agus Íosa Críost, agus na n‐aingeal toġṫa, na neiṫe seo do ḋéanaṁ gan claoin‐ḃreiṫ, gan faḃar.


Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid,


Aċt na daoine gur rún leo ḃeiṫ saiḋḃir, tuiteann siad i gcaṫú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainṁianta éigciallaiḋe, díoġḃálaċ, ḃáḋas daoine i n‐aiṁleas agus i ndamnú.


óir do ṫréig Démas mé tré ġráḋ do’n tsaoġal láiṫreaċ so, agus atá sé imṫiġṫe go Tesaloníca; atá Crescens imṫiġṫe go Galátia, agus Títus go Dalmátia.


g‐á ṁúineaḋ ḋúinn neaṁḋiaḋaċt agus ainṁianta saoġalta do ṡeaċaint, agus ár saoġal do ċaiṫeaṁ go staidéarṫa, fíréanta, diaḋa san ré seo atá de láṫair;


do ḋoirt sé go fial orainn, tré Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir:


óir is mar sin do‐ḃéarfar daoiḃ sliġe ḟairsing isteaċ i ríoġaċt ár dTiġearna agus ár Slánuiġṫeora Íosa Críost.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ