Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 5:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Aċt an ḃean ċuireas dúil i bpléisiúr, atá sí marḃ, agus í ’n‐a beaṫaiḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

6 Aċd an ḃaintreaḃaċ do ḃeir í féin do ṁacnus air mbeiṫ ḋí beó atá sí marḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 5:6
29 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt aduḃairt Íosa leis, Lean mise; agus leig do na marḃaiḃ a mairḃ féin d’aḋlacaḋ.


Agus adéarfad lem’ anam, A anam, atá dóṫain ṁór maoine curṫa i dtaisce agat i gcóṁair mórán bliaḋan le teaċt; ceap do ṡuaiṁneas, bí ag iṫe, agus bí ag ól, agus bí súgaċ.


Agus tamall beag ’n‐a ḋiaiḋ sin do ḃailiġ an mac do b’óige a ċuid le ċéile, agus d’imṫiġ sé ar aistear go tír i gcéin; agus do scaip sé a ċuid le ragairne.


óir do ḃí an mac so liom marḃ agus atá sé beo arís; do ḃí sé ar iarraiḋ, agus friṫ é. Agus do ṫosnuiġeadar ar ḃeiṫ go sultṁar.


Aċt ba ċeart súḃaċas agus gáirdeaċas do ḃéanaṁ: óir do ḃí do ḋearḃráṫair annso marḃ, agus do ṫéarnuiġ sé; do ḃí sé ar iarraiḋ agus friṫ é.


Agus do ḃí fear saiḋḃir ann, ar a mbíoḋ éadaċ corcra agus línéadaċ mín, agus é ag déanaṁ fleiḋe le sáiṁe gaċ lá:


Aċt créad é go ndeaċaḃar amaċ le n’ḟeicsin? Duine agus éadaiġe míne air? Féaċ, iad‐san go mbíonn éadaiġe maiseaċa umpa, agus go mbíonn saoġal sócaṁlaċ aca, is i dtiġṫiḃ na ríoġ ḃíd.


Agus do ḃí siḃ‐se marḃ do ḋeascaiḃ ḃur bpeacaḋ agus ḃur gcionnta,


nuair ḃíomar marḃ de ḋeascaiḃ ár gcionnta, do ḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt le Críost sinn (is tré ġrása do slánuiġeaḋ siḃ), agus do ṫóg sé suas sinn i n‐éinḟeaċt leis,


uime sin adeirtear, Dúisiġ, ṫusa atá id’ ċodlaḋ, Agus éiriġ as lár na marḃ, Agus soillseoċaiḋ Críost ort.


Agus siḃ‐se do ḃí marḃ de ḋeascaiḃ ḃur gcionnta agus tré neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ ḃur ḃfeola, d’aiṫḃeoḋuiġ sé i n‐éinḟeaċt leisean siḃ, tar a éis dó ár gcionntaí uile do ṁaiṫeaṁ ḋúinn.


Óir daoine de’n aicme sin is eaḋ iad‐san ṡleaṁnuiġeas isteaċ i dtiġṫiḃ agus árduiġeas leo ċum daor‐ḃroide mná baoṫánta atá fá ualaċ peacaiḋe, d’á luascaḋ ag miantaiḃ de’n uile ṡaġas,


Do ċaiṫeaḃar ḃur saoġal ar talaṁ le macnas agus le pléisiúr; do ḃí an‐tsásaṁ croiḋe agaiḃ i ló an áir.


Dá ṁéid dár éiriġ sí mórtasaċ, sáiṫeaċ i saḋaile, taḃraiḋ‐se ḋi an oiread céadna de ċiapaḋ agus de ḋoilġeas: óir adeir sí ’n‐a croiḋe, Atáim im’ ṡuiḋe im’ ḃainrioġain, ní baintreaḃaċ mé, agus ní ḟeicfead lá bróin.


Agus scríoḃ ċum aingil na h‐eaglaise i Sárdis; Is é adeir an té go ḃfuil seaċt Spioraídí Dé aige, agus na seaċt réaltana: Is eol dom t’oibreaċa, agus go ḃfuilir i n‐ainm ḃeiṫ beo, aċt gur marḃ atáir.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ