Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 5:5 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

5 Bean atá ’n‐a baintreaḃaiġ dá ríriḃ, agus í fágṫa ’n‐a h‐aonar’ cuireann sí a muiniġin as Dia, agus leanann sí d’aṫċuinġeaċaiḃ agus d’urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

5 Agus an ḃean atá na baintreaḃuiġ ḋá ríriḃ, agus ar na fagḃáil na háonar, cuíriḋ sí a muiniġin a Ndía, agus coṁnuiḋe sí do ló agus doiḋċe a nguiḋe agus núrnuiġiḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 5:5
27 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus do laḃair sé leo as saṁlaoid, g‐á ċur i dtuigsin dóiḃ go mba ċeart dóiḃ ḃeiṫ ag guiḋe i gcóṁnaiḋe, agus gan staonaḋ;


Agus an aṁlaiḋ naċ n‐agarfaiḋ Dia cruaḋ‐ċás a ṁuinntire toġṫa féin ḃíos ag glaoḋaċ air de ló agus d’oiḋċe?


agus do ḃí sí ’n‐a baintreaḃaiġ le ceiṫre bliaḋna agus ceiṫre fiċid; níor imṫiġ sí ó’n teampall, aċt í ag aḋraḋ d’oiḋċe agus de ló le troscaḋ agus le h‐urnaiġṫiḃ.


go ḃfuil ár ndá ṫreiḃ déag ag súil leis, ag déanaṁ seirḃíse do Ḋia go dúṫraċtaċ, de ló agus d’oiḋċe. Agus is i dtaoḃ an dóċais seo, a rí, go ḃfuil na h‐Iúdaiġ ’gam’ ċionntú!


Agus ins na laeṫiḃ sin, mar ḃí uiṁir na ndeisceabal ag dul i méid, do‐rinne na h‐Iudaiġ Gréagaċa gearán i n‐aġaiḋ na nEaḃraċ, toisc go ndearnaḋ failliġe ar a mbaintreaḃaċaiḃ san ḃfrioṫáileaṁ laeṫeaṁail.


Agus d’éiriġ Peadar agus ċuaiḋ sé n‐éinḟeaċt leo. Agus nuair ṫáinig sé, rugadar suas é go dtí an seomra uaċtaraċ: agus do ḃí na baintreaḃaċa ’n‐a seasaṁ ’n‐a aice ag gol agus ag taisbeáint na gcótaí agus na gculaiṫeaċ do‐rinne Dorcás a ḟad agus ḃí sí ’n‐a measc.


Agus ṫug sé a láṁ dí, agus do ṫóg sé ’n‐a seasaṁ í; agus ag glaoḋaċ na naoṁ agus na mbaintreaḃaċ dó, ṫug sé ḋóiḃ í ’n‐a beaṫaiḋ.


is é sin go ḃfaiġmíd neart i n‐éinḟeaċt le ċéile, agus mé ’n‐ḃur measc, gaċ duine againn de ḃárr creidiṁ a ċéile, ḃur gcreideaṁ‐sa agus mo ċreideaṁ féin.


tré n‐a ḃfuaramair‐ne grása agus abstalaċt, ċum na Cineaḋaċa uile do ṫaḃairt ċum uṁlaċta do’n ċreideaṁ,


Aċt is é ba ṁian liom‐sa siḃ ḃeiṫ saor ó imniḋe. An té naċ ḃfuil pósta is iad neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna ḃíos mar ċúram air, d’iarraiḋ Dia do ṡásaṁ:


Agus atá deifir idir an ḃean ṗósta agus an ṁaiġdean. An ḃean naċ ḃfuil pósta, is iad neiṫe ḃaineas leis an Tiġearna ḃíos mar ċúram uirṫi, d’iarraiḋ ḃeiṫ naoṁṫa san gcolainn agus san spiorad: aċt an ḃean atá pósta, is iad neiṫe an tsaoġail seo ḃíos mar ċúram uirṫi‐se, d’iarraiḋ toil a fir do ḋéanaṁ.


ag síor‐ġuiḋe le gaċ saġas urnaiġṫe agus aṫċuinġe san Spiorad, ag faire ċuige sin le gaċ dúṫraċt agus eadarġuiḋe ar son na naoṁ uile,


Ná bíoḋ imniḋe oraiḃ fá rud ar biṫ: aċt san uile niḋ cuiriḋ ḃur n‐iarrataisí i n‐uṁail do Ḋia le h‐urnaiġe, agus le h‐aṫċuinġe, agus le breiṫ buiḋeaċais.


Uime sin, iarraim ort ar dtús go ndéantar aṫċuinġeaċa, urnaiġṫe, eadar‐ġuiḋe, altú ar son an uile ḋuine;


Má tá bean de luċt an ċreidiṁ ann, agus baintreaḃaċa fá n‐a cúram aici, déanaḋ sí fóiriṫin orṫa, ċum naċ mbéiḋ a gcúram ar an eaglais; ċum go mbéiḋ go leor aici le h‐aġaiḋ na ndaoine atá ’n‐a mbaintreaḃaċaiḃ dá ríriḃ.


Taḃair onóir do na baintreaḃaċaiḃ atá n’‐a mbaintreaḃaċaiḃ dá ríriḃ.


Do‐ḃeirim buiḋeaċas le Dia, d’á ndéanaim seirḃís le coinsias glan, fá mar rinne mo ṡinnsir, go mbím ag síor‐ċuiṁneaṁ ort im’ urnaiġṫiḃ d’oiḋċe agus de ló,


Óir na mná naoṁṫa fad ó, go raiḃ a muiniġin as Dia, is ar an gcuma sin do ṁaisiġeadar iad féin, agus iad uṁal d’á ḃfearaiḃ féin:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ