agus mé d’aḋraḋ. Annsin aduḃairt Íosa leis, Imṫiġ, a Ṡátain: óir atá scríoḃṫa, Aḋarfaiḋ tú do Ṫiġearna Dia, agus is dó‐san aṁáin do, ġéanaiḋ tú seirḃís.
mar scríoḃann sé, leis, ’n‐a eipistiliḃ uile; ’n‐a ḃfuil neiṫe gur deacair a dtuigsin, go gclaonann daoine gan foġlaim, gan seasṁaċt a gciall, mar ċlaonann siad ciall na scrioptúir eile, ċóṁ maiṫ, ċum a n‐aiṁleasa féin.
Do ċuadar amaċ as ár measc, aċt níor ḋaoine ḋínne iad; óir dá mba daoine ḋínn iad d’ḟanfaidís i n‐éinḟeaċt linn; aċt d’imṫiġeadar ċum go mba léir naċ daoine ḋínne iad uile.
Agus do teilgeaḋ síos an dragún mór, an tsean‐naṫair niṁe, ar a dtugtar an Diaḃal agus Sátan, an té ṁeallas an saoġal ar fad; do teilgeaḋ síos é go dtalaṁ, agus do teilgeaḋ a aingle síos i n‐éinḟeaċt leis.