Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 5:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Ná bagair ar ṡeanduine, aċt déan impiḋe air mar ḃéaḋ aṫair ann: na fir óga mar ḃéaḋ bráiṫre ann:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Na himḋearg seanóir, aċd teaguisg é mar aṫair; agus na hogánuiġ mar ḋearḃráiṫre;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 5:1
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Aċt ná tugtar Rabbí oraiḃ‐se: óir ní ḟuil agaiḃ aċt aon Ṁáiġistir aṁáin, agus is bráiṫre siḃ uile.


Agus tar éis seanóirí do ṫoġaḋ ḋóiḃ ins gaċ eaglais, agus urnaiġe agus troscaḋ do ḋéanaṁ, d’ḟágadar iad fá ċoimirce an Tiġearna, go raiḃ a gcreideaṁ ann.


Agus ar ṡroiċeaḋ Iarúsalem dóiḃ, d’ḟáiltiġ an eaglais agus na h‐abstail agus na seanóirí rómpa, agus d’inniseadar tríd síos gaċ a ndearna Dia tríoṫa.


Annsin ṫáinig na h‐abstail agus na seanóirí i gceann a ċéile leis an scéal do ḃreaṫnú.


Ó Ṁílétus do ċuir sé teaċtaireaċt go h‐Eiféis, agus do ġlaoḋ sé ċuige seanóirí na h‐eaglaise.


Taḃraiḋ a ċeart féin do’n uile ḋuine: cáin do’n té d’ar dual cáin; cíos do’n té d’ar dual cíos; ómós do’n té d’ar dual ómós; ónóir do’n té d’ar dual onóir.


A ḃráiṫre, má beirtear ar ḋuine i míġníoṁ ar biṫ, siḃ‐se atá spioradálta, cuiriḋ i gceart é le spiorad ceannsaċta; ag féaċaint ċugat féin ar eagla go gcurtar caṫú ort.


Meastar gur fiú a ḋá oiread d’onóir na seanóirí riaġluiġeas go maiṫ, iad‐san go mór‐ṁór go mbíonn an tseanmóireaċt agus an teagasc mar ṡaoṫar aca.


na sean‐ṁná mar ḃéaḋ máiṫreaċa, na mná óga mar ḃéaḋ siúraċa ann, go moḋaṁail ar fad.


is é sin go mba ceart do na daoiniḃ aosta ḃeiṫ staidéarṫa, moḋaṁail, stuamḋa, slán san gcreideaṁ, san ngráḋ, san ḃfoiḋne:


Spreag na fir óga, mar an gcéadna, ċum ḃeiṫ staidéarṫa:


Aċt an eagnaiḋeaċt atá ó neaṁ anuas, i gcéadóir atá sí glan‐úr, síoṫċánta, leis sin, ceannsa, so‐ċóṁairleaċ, gan cealg, gan fimíneaċt.


An ḃfuil aon duine tinn ’n‐ḃur measc? Cuireaḋ sé fios ar ṡeanóiriḃ na h‐eaglaise, agus déanaidís urnaiġe os a ċionn, g‐á ungaḋ le h‐ola i n‐ainm an Tiġearna:


Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar:


An seanóir ċum na baintiġearna toġṫa agus ċum a clainne, go ḃfuil gráḋ agam dóiḃ san ḃfírinne; agus ní h‐agam‐sa aṁáin, aċt ag na daoiniḃ uile go ḃfuil eolas ar an ḃfírinne aca;


An seanóir ċum Gáius ionṁain, d’á ḃfuil gráḋ agam san ḃfírinne.


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ