Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 4:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 Go dtí go dtagad‐sa, taḃair aire do’n léiġṫeoireaċt, do’n ġríosaḋ, do’n teagasc.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Go teaċd daṁsa taḃair, haire do léiġṫóireaċd, do ṫeagusg, agus dfoirċeadal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 4:13
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cuarduiġeann siḃ na scrioptúirí, óir measann siḃ gur ab ionnta atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe agaiḃ; agus is iad sin do‐ḃeir fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa;


Agus ḃíodar‐san ní ba uaisle ’ná na daoine do bí i dTessaloníca, agus do ġlacadas an briaṫar go díoġraiseaċ, ag cuardaċ na scrioptúir gaċ lá d’ḟéaċain an raiḃ na neiṫe sin aṁlaiḋ.


Aċt leanfaimíd‐ne de’n urnaiġe i gcóṁnaiḋe, agus de ċraoḃscaoileaḋ an ḃriaṫair.


nó an té ḃrostuiġeas, taḃraḋ sé aire d’á ḃrostúġaḋ; an té roinneas, déanaḋ sé go fial é; an té riaġluiġeas, déanaḋ sé le dúṫraċt é; an té do‐ġní trócaire, déanaḋ sé le ríméad í.


Créad é, mar sin, a ḃráiṫre? Ag teaċt i gceann a ċéile ḋaoiḃ, bíonn salm, bíonn teagasc éigin, bíonn teanga, bíonn foillsiú, bíonn míniú ag gaċ duine agaiḃ. Déantar gaċ uile niḋ ċum leasa na mbráṫar.


Aċt an té do‐ġní fáiḋeadóireaċt, laḃrann sé le daoiniḃ g‐á spreagaḋ, g‐á mbrostú, agus g‐á gcóṁḟortú.


Anois, a ḃráiṫre, má ṫagaim ċugaiḃ ag laḃairt i dteangṫaċaiḃ, cia an maiṫeas ḋéanfad daoiḃ, muna mbéiḋ foillsiú, nó eolas, nó fáiḋeadóireaċt, nó teagasc éigin agam d’á ṫaḃairt?


Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.


Má ċuireann tú na neiṫe seo i gcuiṁin do na bráiṫriḃ, béiḋir id’ ṡeirḃíseaċ maiṫ d’Íosa Críost, oilte as briaṫraiḃ an ċreidiṁ agus as an deaġ‐ṫeagasc d’ár leanais go dtí anois.


agus ó ḃís id’ leanḃ go raiḃ eolas agat ar na naoiṁ‐scrioptúiriḃ ḟéadas ṫú do ḋéanaṁ eolgaċ ċum slánuiġṫe tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


déan an briaṫar do ċraoḃ‐scaoileaḋ; bí go díoġrasaċ i dtráṫ agus i n‐ántráṫ; bí ag spreagaḋ, ag smaċtaḋ, ag gríosaḋ le gaċ ceannsaċt agus le gaċ teagasc;


Innis na neiṫe seo ḋóiḃ agus aiṫḃear le gaċ uġdarás. Ná leig d’aoinneaċ beag‐is‐fiú do ḋéanaṁ ḋíot.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ