Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 3:7 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

7 Ṫairis sin, ní folair deaġ‐ṫeist ḃeiṫ ag na daoiniḃ atá amuiġ air; ar eagla go dtuitfeaḋ sé i scannal agus i ndol an diaḃail.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

7 As cóir ḋó fós deaġṫeisd do ḃeiṫ air ag an druing atá a muiṫ; deagla go ḃfuiġeaḋ se sgannuil agus go dtuitfeaḋ sé a ndul an díaḃal.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 3:7
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus aduḃairt sé leo, Tugaḋ eolas daoiḃ‐se ar rúin‐diaṁraiḃ ríoġaċta Dé: aċt dóiḃ‐sean atá amuiġ, déantar gaċ niḋ i saṁlaoidiḃ:


Agus aduḃradar‐san, Córnélius ceanntúir, fear cráiḃṫeaċ go ḃfuil eagla Dé air, agus go ḃfuil árd‐ṁeas ag an gcineaḋ Iúdaċ uile air, fuair sé fógraḋ ó aingeal naoṁṫa fios do ċur ort‐sa teaċt ċum a ṫiġe féin, agus éisteaċt le briaṫraiḃ uait.


Agus Ananias, fear diaḋa de réir an reaċta, agus deaġ‐ṫuairisc air i measc na nIúdaċ do ḃí ’n‐a gcóṁnaiḋe annsin,


Uime sin, a ḃráiṫreaċa, toġaiḋ ’n‐ḃúr measc féin móirṡeisear d’ḟearaiḃ creideaṁnaċa atá lán de’n Spiorad, agus d’eagna, go gcuirfimíd i mbun n h‐oibre seo iad.


Ná taḃraiḋ aḋḃar scannail do lúdaċaiḃ ná do Ġréagaċaiḃ, ná d’eaglais Dé


Óir cia an ċuid dem’ ġnó‐sa ḃeiṫ ag taḃairt breiṫeaṁnais ar an dream atá amuiġ? Naċ ar an dream atá istiġ do‐ḃeir siḃ‐se breiṫeaṁnas?


óir is mian linn gaċ niḋ do ḋéanaṁ go h‐onóraċ, ní h‐é aṁáin i ḃfiaḋnaise Dé, aċt i ḃfiaḋnaise na ndaoine.


Siuḃlaiḋ go stuamḋa i dtaoḃ na ndaoine atá lasmuiġ, ag baint tairḃe as an uain.


ċum go mba cneasta ḃur n‐iomċar i súiliḃ na ndaoine atá lasmuiġ, gan ganntanas ar biṫ ḃeiṫ oraiḃ.


Ba ċeart dó gan ḃeiṫ ’n‐a nua‐ċreidṁeaċ, ar eagla, ar mbeiṫ lán d’uaḃar dó, go dtuitfeaḋ sé fá ḃreiṫeaṁnas an diaḃail.


D’á ḃriġ sin is toil liom go bpósfaḋ na mná óga, go mbéarfaidís clann, go riarfaidís gnóṫaí an tiġe, gan aon aḋḃar scannail do ṫaḃairt do’n áiḋḃeirseoir:


Aċt na daoine gur rún leo ḃeiṫ saiḋḃir, tuiteann siad i gcaṫú, agus i ngaiste, agus ’n‐a lán ainṁianta éigciallaiḋe, díoġḃálaċ, ḃáḋas daoine i n‐aiṁleas agus i ndamnú.


agus ċum go ḃfuasclóċaiḋ siad iad féin slán as gaiste an diaḃail, tar a éis do ṡeirḃíseaċ an Tiġearna breiṫ orṫa ċum toil Dé do ḋéanaṁ.


ḃeiṫ stuamḋa, geanmaiḋe, go díċeallaċ i ngnóṫaiḃ an tiġe, ḃeiṫ cáirdeaṁail, uṁal d’á ḃfearaiḃ féin, ċum naċ maslóċar briaṫar Dé.


ar ṁoḋ go gcuirfear náire ar an trasnálaiḋe, gan droċ‐ḟocal ḃeiṫ fágṫa aige le ráḋ ’n‐ár dtaoḃ.


Atá deaġ‐ṫeist ag cáċ agus ag an ḃfírinne féin ar Ḋémetrius; agus do‐ḃeirimíd féin fiaḋnaise, leis; agus atá a ḟios agat gur fíor í ár ḃfiaḋnaise.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ