Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 3:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Agus gan déidearḃaḋ ar biṫ, is doiṁin í rúindiaṁair na diaḋaċta; an Té do foillsiġeaḋ san ḃfeoil, do fíréanuiġeaḋ san Spiorad, go ḃfaca aingle é, do craoḃscaoileaḋ i measc na gCineaḋaċ, gur creideaḋ ann san tsaoġal, gur tógaḋ suas é san nglóir.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 3:16
81 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Féaċ, béiḋ maiġdean torraċ, agus béarfaiḋ sí mac, Agus do‐ḃéarfar Emmanuel mar ainm air, ainm ċialluiġeas, Dia linn.


Agus d’ḟreagair sé, agus aduḃairt, Tugaḋ ḋaoiḃ‐se eolas ar rúin‐diaṁair ríoġaċta na ḃflaiṫeas, aċt ní tugaḋ ḋóiḃ‐siúd é.


Agus féaċ, ṫáinig crioṫ mór talṁan; óir ṫáinig aingeal an Tiġearna anuas ó neaṁ, agus d’iontuiġ sé an ċloċ, agus do ṡuiḋ sé uirṫi.


Agus ar mbeiṫ d’Íosa baistṫe, do ċuaiḋ sé suas as an uisce ar an láṫair: agus, féaċ, do fosclaḋ na flaiṫis dó, agus do ċonnaic sé Spiorad Dé ag tuirling i rioċt cuilm, agus ag teaċt anuas air:


Annsin d’imṫiġ an diaḃal uaiḋ, agus féaċ, ṫáinig aingil agus do‐rinneadar frioṫáileaṁ air.


Agus do ḃí sé ins an ḃfásaċ dá ḟiċid lá ag fulang caṫuiġṫe ó Ṡátan; agus do ḃí sé i ḃfoċair na mbeiṫiḋeaċ n‐allta; agus do ḃí na h‐aingil ag frioṫáileaṁ air.


Agus, tar a éis do’n Tiġearna Íosa laḃairt leo, do gaḃaḋ suas ar neaṁ é, agus do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ Dé.


Agus ag dul isteaċ sa tuama ḋóiḃ, do ċonnacadar an t‐ógánaċ ’n‐a ṡuiḋe ar ṫaoḃ na láiṁe deise, agus brat geal air; agus ṫáinig uaṫḃás orṫa.


Solas ċum na Geinte do ṡoillsiú, Agus ċum glóire do ṗobail Israel.


Mar sin de goireann Dáiḃi Tiġearna ḋe, agus cionnas atá sé ’n‐a ṁac aige?


Agus do taiḋḃriġeaḋ ḋó aingeal ó neaṁ, ag neartú leis.


Agus ṫarla, nuair do ḃí mearḃall orṫa ’n‐a ṫaoḃ sin, gur, féaċ, do ṡeas beirt ḟear ’n‐a n‐aice, agus éadaiġe lonnraċa orṫa:


Agus ṫarla, nuair do ḃí sé g‐á mbeannaċaḋ, gur scar sé leo, agus gur tógaḋ suas é ins na flaiṫeasaiḃ.


Agus do‐rinneaḋ colann de’n Ḃriaṫar, agus do ċóṁnuiġ sé ’n‐ár measc (agus do ċonnacamar a ġlóir, aṁail glóir Aon‐Ṁic an Aṫar), lán de ġrás agus d’ḟírinne.


ó ḃí a ḟios ag Íosa go raiḃ gaċ niḋ taḃarṫa ’n‐a láiṁ ḋó ag an Aṫair, agus go dtáinig sé ó Ḋia,


Aċt nuair ṫiocfas an Sólásaiḋe, an té ċuirfeas mé ċugaiḃ ó’n Aṫair, Spiorad na fírinne, ġluaiseas ó’n Aṫair, do‐ḃéarfaiḋ seisean fiaḋnaise im’ ṫaoḃ‐sa:


Ṫáinig mé amaċ ó’n Aṫair, agus ṫáinig mé ar an saoġal: atáim ag fágáil an tsaoġail arís, agus atáim ag dul ċum an Aṫar.


Agus anois, a Aṫair, taḃair‐se glóir ḋaṁ‐sa, i n‐éinḟeaċt leat féin, leis an nglóir do ḃí agam id’ ḟoċair sara raiḃ an doṁan ar bun.


agus sa ngol dí do ċonnaic sí an ḃeirt aingeal i n‐éadaċ geal ’n‐a suiḋe, aingeal aca ag a ċeann, agus aingeal ag a ċosaiḃ, mar ar leagaḋ corp Íosa.


Agus dá ḃfeiceaḋ siḃ Mac an Duine ag dul suas mar a raiḃ sé ar dtús?


Agus ṫáinig fios scéil ’n‐a ṫaoḃ do ṁuinntir Iarúsalem go léir; i dtreo go dtugaḋ ar an ḃfearann sin ’n‐a dteangain‐sean, Aceldama, is é sin, Fearann na Fola.)


Agus d’ḟoscail Peadar a ḃéal, agus aduḃairt, Go fírinneaċ is léir ḋom naċ ḃféaċann Dia do ḋuine seaċas a ċéile:


Agus nuair ṫángadar, agus do ċruinniġeadar an eaglais i gceann a ċéile, d’inniseadar gaċ a ndearna Dia tríoṫa, agus cionnas mar d’ḟoscail sé doras creidiṁ do na Cineaḋaċaiḃ.


Taḃraiḋ aire ḋaoiḃ féin, agus do’n tréad go léir, ar ar ċuir an Spiorad Naoṁ ’n‐ḃúr n‐easbogaiḃ siḃ, leis an eaglais do ċeannuiġ sé le n‐a ḟuil féin, do ċoṫú.


Óir ní ḟuil deifir ar biṫ idir an Iúdaċ agus an Gréagaċ: mar is ionann Tiġearna do’n uile ḋuine, agus atá saiḋḃreas aige do gaċ duine ġlaoḋas air:


Aċt fiafruiġim‐se, Nár airiġeadar? D’airiġeadar cinnte, Do leaṫ a nglór ar fud an doṁain uile, Agus a mbriaṫra go foirċeann an doṁain.


Anois, do’n té go ḃfuil ar ċumas dó siḃ do ḋaingniú do réir mo ṡoiscéil‐se, agus do réir seanmóireaċta Íosa Críost, do réir foillsiġṫe na rúndiaṁaire do cóngḃuiġeaḋ fá ċeilt leis na ciantaiḃ,


aċt atá d’á noċtaḋ anois, agus d’á cur i dtuigsin do’n uile ċineaḋ tré scrioptúiriḃ na ḃfáiḋ, do réir aiṫne an Dé ṡíorraiḋe, ċum go mbéidís uṁal do’n ċreideaṁ;


Nár leigiḋ Dia sin: go n‐aiṫniġtear Dia ḃeiṫ fírinneaċ, aċt an uile ḋuine ḃeiṫ bréagaċ; mar atá scríoḃṫa, Ċum go ḃfoillseoċaiḋe ṫú ḃeiṫ ionnraic id’ ḃriaṫraiḃ, Agus go mbuaḋfá nuair béarfar breiṫ ort.


Óir an niḋ naċ raiḃ ar ċumas do’n dliġe do ḋéanaṁ, de ḃriġ go raiḃ sé lag de ḃárr laige na colna, do‐rinne Dia é nuair do ċuir sé uaiḋ a Aon‐Ṁac féin i gcosaṁlaċt colna peacaṁla; is é sin, mar íoḋḃairt ar son an ṗeacaiḋ, do ḋaṁnuiġ sé an peacaḋ san ċolainn,


gur leo na h‐aiṫreaċa, agus gur uaṫa‐san do ṡíolruiġ Críost do réir na feola, an té atá os cionn an uile niḋ, Dia beannuiġṫe go deo. Amén.


Ó’n talaṁ do’n ċéad duine, talṁaiḋe: ó neaṁ do’n dara duine.


aċt laḃraimíd eagna Dé ’n‐a diaṁar‐rún do ḃí fá ċeilt, d’órduiġ Dia ċum ár nglóire roiṁ ṫosaċ an tsaoġail;


Óir Íosa Críost, Mac Dé, do ṡeanmóireamar daoiḃ, is é sin mise agus Silḃánus agus Timótéus, níor ’seaḋ agus ní h‐eaḋ é, aċt ní ḟuil ann aċt ’seaḋ i gcóṁnaiḋe.


(óir an té do rinne abstal an timċeall‐ġearrṫa de Ṗeadar, ṫug sé cuṁaċt daṁ‐sa, ċóṁ maiṫ, ḃeiṫ im’ abstal ċum na gCineaḋaċ);


aċt nuair ṫáinig an t‐am, do ċuir Dia uaiḋ a Ṁac, tugaḋ ó ṁnaoi, rugaḋ fá’n dliġe,


tar a éis dó rúindiaṁair a ṫola do noċtaḋ ḋúinn, fá mar ḃí ceapṫa ann féin aige, do réir a ḋéiġṁéine féin,


agus ar mo ṡon‐sa, ċum go dtiuḃarfar cumas cainnte ḋom, ag foscailt mo ḃéil go dána ḋom, ċum rúindiaṁair an tsoiscéil d’ḟoillsiú,


aċt go seasuiġiḋ siḃ go daingean ar ḃun an ċreidiṁ, gan casaḋ i leaṫtaoḃ ó ḋóċas an tsoiscéil do ċualaḃar, do craoḃscaoileaḋ i measc gaċ a ḃfuil cruṫuiġṫe fá neaṁ, go ḃfuilim‐se Pól im’ ṁinistir de.


d’ár ṫoiliġ Dia a ċur i ḃfios créad é saiḋḃreas glóire na rúindiaṁaire seo i measc na gCineaḋaċ, is é sin Críost ionnaiḃ, an dóċas ċum glóire.


ṫáinig ċugaiḃ‐se; fá mar tá sé ag taḃairt torṫa ar fud an doṁain, agus ag dul i méid, mar tá sé ’n‐ḃur measc‐na, leis, ó’n lá ’n‐a gcualaḃar agus ’n‐a ḃfuaraḃar eolas ar ġrása Dé i ḃfírinne;


ċum go neartóċar a gcroiḋeaċa, ċum go ndlúṫóċar iad le ċéile i ngráḋ, agus go mbéiḋ gaċ saiḋḃreas aca maidir le lán‐dearḃṫaċt tuigseana, ċum go ḃfaiġiḋ siad eolas ar rúindiaṁair Dé, is é sin Críost,


nuair ṫiocfas sé ċum glóir d’ḟáġáil ’n‐a naoṁaiḃ, agus ċum ḃeiṫ mar aḋḃar iongantais ag luċt an ċreidiṁ an lá sin (ó creideaḋ ár ḃfiaḋnaise ḋaoiḃ).


Óir atá rúindiaṁair na míriaġaltaċta ag oibriú ċeana féin: aċt caiṫfear an té atá ag cur coisc leis do ṫógáil as an sliġe.


ag coiṁeád rúindiaṁaire an ċreidiṁ i gcoinsias glan.


Is é lonnraḋ a ġlóire é, agus is é cló a nádúire é, is é congḃuiġeas gaċ uile niḋ le ċéile le briaṫar a ċuṁaċta; nuair do ḃí na peacaiḋe glanta aige, do ṡuiḋ sé síos ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta i n‐áirde;


ag féaċaint ċum Íosa, príoṁ‐uġdar agus críoċnuiġṫeoir ár gcreidiṁ; an té d’ḟulaing an ċroċ, ar son an áṫais do cuireaḋ roiṁe, do ċuir neaṁ‐ṡuim san náire, agus atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeis riġ‐ċaṫaoireaċ Dé.


Agus gan ceist ar biṫ is é an té is luġá beannuiġtear ó’n té is mó.


Anois, is é an poinnte is táḃaċtaiġe de’n méid atá ráiḋte againn: Atá a leiṫéid d’árd‐ṡagart againn, atá ’n‐a ṡuiḋe ar ḋeas‐láiṁ na Mórḋaċta ins na flaiṫeasaiḃ,


Do noċtaḋ ḋóiḃ, naċ dóiḃ féin, aċt daoiḃ‐se do ḃíodar ag dáileaḋ na neiṫe úd atá curṫa i dtuigsin daoiḃ anois aca‐san do ṡeanmóir an soiscéal daoiḃ tríd an Spiorad Naoṁ do cuireaḋ ó neaṁ; neiṫe is mian le h‐aingliḃ a scrúdú.


do réaṁórduiġeaḋ roiṁ ḃunaḋ an doṁain, aċt do foillsiġeaḋ i ndeireaḋ na n‐aoiseann ar ḃur son‐sa;


ċreideas tríd‐sean i nDia, do ṫóg ó na marḃaiḃ é, agus ṫug glóir dó; ċum go mbéaḋ ḃur muiniġin agus ḃur ndóċas as Dia.


Óir d’ḟulaing Críost féin, aon uair aṁáin, ar son na bpeacaiḋe, an fíréan i n‐éiric na neiṁḟíréan, ċum sinn do ṫaḃairt ċum Dé; d’á ċur ċum báis san ḃfeoil, aċt d’á ḃeoḋaḋ san spiorad;


atá ar ḋeasláiṁ Dé, tar a éis dó dul isteaċ ins na flaiṫeasaiḃ; na h‐aingle, agus na h‐uġdaráis, agus na cuṁaċta ḃeiṫ curṫa fá n‐a ċeannas.


i dtaoḃ Briaṫair na beaṫaḋ (is eaḋ, do foillsiġeaḋ an ḃeaṫa, agus do ċonnacamar í, agus atáimíd ag taḃairt fiaḋnaise, agus atáimíd ag fógairt na beaṫaḋ ḋaoiḃ, an ḃeaṫa ṁarṫannaċ do ḃí leis an Aṫair, agus do foillsiġeaḋ ḋúinne);


Agus is eol daoiḃ gur foillsiġeaḋ é ċum peacaḋ do ċur ar ceal; agus ní ḟuil peacaḋ ar biṫ ann féin.


an té do‐ġní peacaḋ, is duine de ċlainn an diaḃail é; óir atá an diaḃal ag déanaṁ peacaiḋ ó ṫús. Ċuige seo is eaḋ do foillsiġeaḋ Mac Dé, ċum go gcuirfeaḋ sé deireaḋ le h‐oibreaċaiḃ an diaḃail.


agus do ḃí ainm scríoḃṫa ar ċlár a h‐éadain, Rúindiaṁair, An Ḃaibiolón Ṁór, Máṫair Méirdreaċ agus Déistin na Talṁan.


Agus aduḃairt an t‐aingeal liom, Cad ċuige an t‐iongnaḋ sin ort? Míneoċad‐sa ḋuit rúindiaṁair na mná agus an ainṁiḋe iomċaras í, go ḃfuil na seaċt gcinn agus na deiċ n‐aḋarca aige.


’N‐a ḋiaiḋ sin do ḋearcas, agus féaċ, sluaġ mór naċ ḃféadfaḋ aon duine a áireaṁ, de gaċ cineaḋ, agus de gaċ treiḃ, agus de gaċ pobal, agus de gaċ teangain, ’n‐a seasaṁ os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ agus os cóṁair an Uain, éadaiġe geala umpa, agus pailmeaċa ’n‐a láṁaiḃ aca;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ