Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 1:18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

18 Fágaim é seo mar ċúram ort, a Ṫimóteuis, a ṁic liom, do réir na dtarngaire do rinneaḋ id’ ṫaoḃ roiṁe seo, ċum go dtroidfiḋ tú an cóṁrac maiṫ d’á mbárr;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

18 Fagḃuim a náiṫnese agad, a ṁic Ṫimotéuis, do réir na ḃfaiḋeadoieaċda do rinneaḋ ort roiṁe só, troid ṁaiṫ do ḋéunaṁ ḋuit ṫríoṫa;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 1:18
19 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ṫáinig sé go Derbé agus go Listra, leis: agus féaċ, do ḃí deisceabal annsin, darḃ ainm Timóteus, mac mná Iúdaiġe go raiḃ an creideaṁ aici; aċt ba Ġréagaċ a aṫair.


Ċuige sin is eaḋ do ċuireas Timótéus ċugaiḃ, mo ṁac ionṁain féin atá díleas san Tiġearna; cuirfiḋ seisean i gcuiṁin daoiḃ mo ṡliġṫe atá i gCríost, mar ṁúinim‐se ins gaċ áit, ins gaċ eaglais iad.


Cia h‐é do‐ġní seirḃís saiġdiúra am ar biṫ ar a ċostas féin? Cia h‐é ċuireas fíon‐ġort agus naċ n‐iṫeann d’á ṫoraḋ? Nó cia h‐é ḃeaṫuiġeas tréad agus naċ mblaiseann bainne an tréada?


Aċt atá a ḟios agaiḃ cionnas ċruṫuiġ sé, gur ṡaoṫruiġ sé mar aon liom‐sa i ngnó an tsoiscéil, mar ḋéanfaḋ mac i n‐éinḟeaċt le n‐a aṫair.


ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Aċt is é cuspóir an teagaisc an gráḋ as croiḋe úr‐ġlan, agus as coinsias maiṫ, agus as creideaṁ neaṁ‐ċealgaċ.


Ná déan failliġe san taḃartas atá ionnat, tugaḋ tré ṫarngaire ḋuit le leagaḋ láṁ na seanóir.


Óir is maiṫ é gaċ niḋ do ċruṫuiġ Dia, agus ní ceart rud ar biṫ d’eiteaċ, aċt go nglactar é le breiṫ buiḋeaċais;


A Ṫimóteuis, coiṁeád a ḃfuil curṫa mar ċúram ort, ag seaċaint baoṫ‐ċainnte neaṁ‐ḋiaḋa, agus contrárḋaċta an niḋ go dtugtar eolas go bréagaċ air:


ċum Timóteuis, mac ionṁain liom: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair, agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.


atáim ag déanaṁ impiḋe ort ar son mo ṁic do ġeineas im’ ċuiḃreaċaiḃ, Onésimus,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ