Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 Aċt ċuige sin is eaḋ fuaras trócaise, ċum go noċtfaḋ Íosa Críost a ḟad‐ḟulang uile ionnam‐sa ar dtús, ċum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do ḃí le creideaṁain ann, ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

16 Giḋeaḋ as uime so do rinneaḋ trócaire oram, ionnus go dtaisbéunfaḋ Iósa Críosd ionnamsa ar tús a nuile ḟoíġiḋ, ċum go mbéínn um eisiompláir don druing ċreidfeas annsan ċum na beaṫa marrṫannuiġ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 1:16
37 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Mar an gcéadna, adeirim liḃ, béiḋ áṫas i measc aingeal Dé mar ġeall ar ṗeacaċ aṁáin do‐ġní aiṫriġe.


Agus aduḃairt seisean leis, Go fírinneaċ adeirim leat, Béiḋ tú im’ ḟoċair‐se indiu i bPárrṫas.


D’á ḃriġ sin adeirim leat, Atá a peacaiḋe, a lán mór peacaiḋe, maiṫte ḋí; óir ba ṁór é a gráḋ: aċt an té d’á maiṫtear beagán, is beag é a ġráḋ.


aċt do scríoḃaḋ an méid seo ċum go gcreidfeaḋ siḃ gur ab é Íosa an Críost, Mac Dé; agus g‐á gcreideaṁain, go mbéaḋ an ḃeaṫa agaiḃ ’n‐a ainm‐sean.


An té ċreideas sa Mac, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige; aċt an té naċ n‐uṁluiġeann do’n Ṁac, ní ḟeicfiḋ sé an ḃeaṫa, aċt atá díḃeirg Dé i gcóṁnaiḋe air.


Go fírinneaċ adeirim liḃ, An té éisteas lem’ ḃriaṫar‐sa agus ċreideas an té do ċuir uaiḋ mé, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus ní ṫig sé fá ḃreiṫeaṁnas, aċt atá sé aṫruiġṫe ó’n mbás ċum na beaṫaḋ.


Gaċ a dtugann an t‐Aṫair ḋom, tiocfaiḋ sé ċugam, agus an té ṫig ċugam ní ċuirfiḋ mé uaim é ar ċor ar biṫ.


Óir is é toil m’Aṫair, an uile ḋuine do‐ċí an Mac, agus ċreideas ann, go ḃfaiġeaḋ sé an ḃeaṫa ṡíosraiḋe, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


An té iṫeas m’ḟeoil agus ólas m’ḟuil, atá an ḃeaṫa ṡíorraiḋe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiriḋ.


agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.


Óir gaċ ar scríoḃaḋ roiṁe seo do scríoḃaḋ iad ċum teagasc do ṫaḃairt dúinn, ionnas go mbéaḋ dóċas againn tré ḟoiġid agus tré ṡólás na scrioptúir.


Óir is é tuarastal an ṗeacaiḋ an bás, aċt is é saor‐ḃronntanas Dé an ḃeaṫa ṡíorraiḋe i nÍosa Críost, ár dTiġearna.


Anois i dtaoḃ na maiġdean, ní ḟuil aiṫne ó’n Tiġearna agam: aċt do‐ḃeirim mo ċóṁairle, mar ḋuine fuair trócaire ó’n Tiġearna ċum ḃeiṫ dílis.


Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ:


ċum go mairfimís ċum clú a ġlóire, sinne ba luaiṫe do ċuir ár ndóċas i gCríost:


ċum clú glóire a ġrása, do ḃronn sé go saor orainn san Té n‐a ḃfuil a ġráḋ:


ċum go dtaisbeánfaḋ sé ins na h‐aoisiḃ do ḃí le teaċt an‐ċuimse saiḋḃris a ġrása tré n‐a ṁaiṫeas ’n‐ár dtaoḃ i nÍosa Críost:


nuair ṫiocfas sé ċum glóir d’ḟáġáil ’n‐a naoṁaiḃ, agus ċum ḃeiṫ mar aḋḃar iongantais ag luċt an ċreidiṁ an lá sin (ó creideaḋ ár ḃfiaḋnaise ḋaoiḃ).


giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,


D’á ḃriġ sin atá ar ċumas dó na daoine ṫig ċum Dé tríd do ṡlánú ar fad, de ḃriġ go maireann sé beo i gcóṁnaiḋe ċum eadarġuiḋe do ḋéanaṁ ar a son.


an dream do ḃí easuṁal san am fad ó, nuair do ḃí foiġid Dé ag fanaṁain i laeṫiḃ Naoi, an ḟaid do ḃí an áirc d’á cur i dtreo, gur sáḃálaḋ beagán daoine, is é sin oċtar, innti treasna an uisce.


Áirṁiḋ mar ṡlánú foiḋne ár dTiġearna: fá mar scríoḃ ár mbráṫair ionṁain Pól ċugaiḃ, leis, do réir na h‐eagna tugaḋ ḋó;


Ní ḋéanann an Tiġearna moill i dtaoḃ a ġeallaṁna, do réir tuairme daoine áiriṫe fá ṁoill; aċt atá sé foiḋneaċ linn, de ḃriġ naċ mian leis go gcaillfiḋe aoinneaċ, aċt go dtiocfaḋ an uile ḋuine ċum aiṫriġe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ