Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 1:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 giḋ go raḃas roiṁe sin im’ ḋia‐ṁasluiġṫeoir, agus im’ inġreimṫeaċ, agus im’ scriosaire; aċt fuaras trócaire, toisc gur tré ainḃfios agus tré ṁí‐ċreideaṁ do rinneas é,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 Ar mbeiṫ ḋaṁ roiṁe um ḟear laḃarṫa blaisṗéimeaḋ, agus um ġerleanadóir agus um ḋuine eugcóraċ: aċd do rinneaḋ trócaire oram, ar a naḋḃar gur tré ainḃfios do rinne mé so ar ḋíṫ creidiṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 1:13
25 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus an seirḃíseaċ úd ag a raiḃ fios tola a ṫiġearna, agus naċ ndearna aon ullṁú, agus naċ ndearna de réir a ṫola, geoḃfar go trom air;


Agus aduḃairt Íosa, A Aṫair, maiṫ ḋóiḃ, óir ní ḟuil a ḟios aca créad atá aca d’á ḋéanaṁ. Agus do roinneadar a ċuid éadaiġe eadorṫa féin, g‐á gcur ar ċrannaiḃ.


agus do‐rinneas géirleanaṁain go bás ar an Sliġe seo, ag ceangal fear agus ban, agus g‐á gcur i bpríosún.


Agus anois, a ḃráiṫreaċa, atá a ḟios agam gur tré aineolas do‐rinneaḃar é, fá mar rinne ḃúr n‐uaċtaráin.


Aċt do ḃí Saul ag slad na h‐eaglaise, ag dul isteaċ ins gaċ aon tiġ, ag tarraing fear agus ban amaċ agus g‐á gcur i bpríosún.


Aċt do ċuaiḋ Saul, agus é ag sír‐ṡéideaḋ bagarṫa agus báis i gcoinniḃ deiscéabal an Tiġearna, ċum an ard‐ṡagairt,


Aċt d’ḟreagair Ananias, A Ṫiġearna, do‐ċualas ó ṁórán daoine i dtaoḃ an ḟir sin, go ndearna sé díoġḃáil ṁór dod’ naoṁaiḃ i nIarúsalem:


Agus aduḃairt seisean, Cia ṫú féin, a Ṫiġearna? Agus d’ḟreagair sé, Is mise Íosa ar a ḃfuil tú ag géirleanṁain:


Óir is mise an té is luġa de na h‐abstalaiḃ, naċ fiú mé ainm abstail do ṫaḃairt orm, de ḃriġ go ndearnas géirleanṁain ar eaglais Dé.


Anois i dtaoḃ na maiġdean, ní ḟuil aiṫne ó’n Tiġearna agam: aċt do‐ḃeirim mo ċóṁairle, mar ḋuine fuair trócaire ó’n Tiġearna ċum ḃeiṫ dílis.


Óir do ċualaḃar i dtaoḃ mo ṡaoġail roiṁe seo i gcreideaṁ na nIúdaċ, cionnas mar rinneas géirleanṁain as miosúr ar eaglais Dé, g‐á scrios:


i dtaoḃ díoġraise, inġreimṫeaċ na h‐eaglaise; i dtaoḃ na fíréantaċta atá san dliġe, fríṫ mé ḃeiṫ gan loċt.


Aċt ċuige sin is eaḋ fuaras trócaise, ċum go noċtfaḋ Íosa Críost a ḟad‐ḟulang uile ionnam‐sa ar dtús, ċum go mbéinn mar eisiompláir do’n dream do ḃí le creideaṁain ann, ċum na beaṫaḋ síorraiḋe.


D’á ḃriġ sin déanaimís dánaċt ag druidim le riġ‐ċaṫaoir an ġrása, ċum tróċaire agus grása d’ḟáġáil ċum conganta linn i h‐uair an ġáḃaiḋ.


siḃ‐se náċ raiḃ ’n‐ḃur bpobal roiṁe sin, aċt atá ’n‐ḃur bpobal Dé anois: siḃ‐se naċ ḃfuair trócaire, aċt go ḃfuil trócaire fáġalta agaiḃ anois.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ