Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum Timóteuis 1:12 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

12 Do‐ḃeirim buiḋeaċas leis an té ṫug cumas dom, Íosa Críost ár dTiġearna, do ṁeas gur ḋuine iontaoḃṫa mé, ’gam’ ṫoġaḋ le h‐aġaiḋ a ṡeirḃíse:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

12 Ar a naḋḃarsin beirim buiḋeaċas ris an tí do neartuiġ mé, Iósa Críosd ar Dtíġearna, do ḃríġ gur ṁeas sé mo ḃeiṫ díleas, dom ċur sa miniosdralaċd;

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum Timóteuis 1:12
26 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus aduḃairt sé leo‐san, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort, agus do‐ḃéarad daoiḃ an méid is cóir. Agus d’imṫiġeadar‐san.


ionnas go dtiuḃraḋ gaċ aoinneaċ onóir do’n Ṁac, fá mar ḃeireann siad onóir do’n Aṫair. An té naċ dtugann onóir do’n Ṁac ní ṫugann sé onóir do’n Aṫair do ċuir uaiḋ é.


Agus nuair do ḃí sí féin agus muinntear a tiġe baistṫe, do ċuir sí impiḋe orainn, g‐á ráḋ, Má’s é ḃúr meas go ḃfuilim dílis do’n Tiġearna, tagaiḋ isteaċ agus fanaiḋ im’ ṫiġ. Agus do ċuir sí d’ḟiacaiḃ orainn dul.


Aċt aduḃairt an Tiġearna leis, Imṫiġ leat: óir is soiṫeaċ toġṫa agam‐sa é, ċum m’ainm do ḃreiṫ i láṫair na nGeinte agus na ríoġ, agus do ċlainn Israel:


Aċt is mó do ḃí Saul ag dul i neart, agus é ag cur na nIúdaċ do ċóṁnuiġ i nDamascus ’n‐a dtost, g‐á ċroṫú gur ab é sin an Críost.


Aċt is tré ġrása Dé atáim mar atáim; agus an grása do bronnaḋ orm, ní fríṫ gan éifeaċt é; aċt is mó an saoṫar do‐rinneas‐sa ’ná rinne siad uile: giḋ naċ mise do‐rinne, aċt grása Dé do ḃí liom.


Cia h‐é Apollos mar sin? Cia h‐é Pól? Seirḃísiġ tré n‐ar ċreideaḃar; gaċ duine aca do réir mar ṫug Dia ḋó é.


Anois i dtaoḃ na maiġdean, ní ḟuil aiṫne ó’n Tiġearna agam: aċt do‐ḃeirim mo ċóṁairle, mar ḋuine fuair trócaire ó’n Tiġearna ċum ḃeiṫ dílis.


Ar an aḋḃar sin, ó ṫárla an ṁiniostrálaċt so ḃeiṫ againn, do réir mar fuaramar trócaire, ní ċailleann ar ár meisneaċ:


Óir is clann Dé siḃ uile tré ċreideaṁ i nÍosa Críost.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


ar neaṁ, ar talaṁ, nó fá ṫalaṁ, agus go n‐adṁóċaḋ teanga gaċ duine gur Tiġearna Íosa Críost, ċum glóire Dé an tAṫair.


Ní ḟuil niḋ naċ dtig liom a ḋéanaṁ le cumas an té neartuiġeas mé.


is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnaḋ ministir díom, do réir an ċúraim do ċuir Dia orm ar ḃur son, ċum briaṫar Dé do ċóiṁlíonaḋ go h‐iomlán,


Pól, abstal Íosa Críost ar órdú Dé ár Slánuiġṫeoir, agus Íosa Críost, uġdar ár ndóċais;


do réir soiscéil glóire an Dé ḃeannuiġṫe atá curṫa fá mo ċúram‐sa.


ċum Timóteuis, fíor‐ṁac liom san gcreideaṁ: Grása, trócaire agus síoṫċáin, ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár dTiġearna.


Órduiġim duit i ḃfiaḋnaise Dé, do‐ḃeir beaṫa do’n uile niḋ, agus i ḃfiaḋnaise Íosa Críost do rinne adṁáil ṁaiṫ i láṫair Ṗoint Ṗíoláid,


Agus na neiṫe do ċualais uaim‐se i n‐éisteaċt móráin fiaḋnaiḋṫe, cuir ar iontaoiḃ daoine ionnraice iad, go mbéiḋ ar ċumas dóiḃ daoine eile do ṫeagasc, leis.


Aċt do ṡeas an Tiġearna lem’ ais, agus ṫug sé neart dom, ċum go ḃfógróċaiḋe an teaċtaireaċt go h‐iomlán tríom‐sa, agus go gcluinfeaḋ na Cineaḋaċa go léir í: agus do saoraḋ mé ó ḃéal an leoṁain.


ċum Títuis, fíor‐ṁac liom ’n‐ár gcóiṁ‐ċreideaṁ: Grása agus síoṫċáin ó Ḋia an tAṫair agus ó Íosa Críost ár Slánuiġṫeoir.


is é is fearr liom impiḋe do ḋéanaṁ ort, ar son an ġráḋa, agus gur mise Pól atá im’ ṡean‐ḟear, agus im’ ṗríosúnaċ anois ar son Íosa Críost:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ