Agus nuair ḃéarfas siad i láṫair na sionagóg, agus na ngiúistís, agus na n‐uaċtarán siḃ, ná bíoḋ ’n‐a imniḋe oraiḃ cionnas nó cad ḟreagróċas siḃ, nó cad adéarfas siḃ:
D’ḟreagras dóiḃ, naċ é nós na Rómánaċ duine ar biṫ do ṫaḃairt ċum breiṫeaṁnais gan an duine a cionntuiġṫear agus luċt a ċionntuiġṫe ḃeiṫ ar aon í áṫair le ċéile, agus caoi do ṫaḃairt dó le n‐a ċosaint féin ar an gcoir curtar ’n‐a leiṫ.
Scrúduiġiḋ siḃ féin, d’ḟéaċain an ḃfuil siḃ san gcreideaṁ; déanaiḋ froṁaḋ oraiḃ féin. Nó naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ féin go ḃfuil Íosa Críost ionnaiḃ? munab aṁlaiḋ gur daoine iondamanta siḃ.
óir is ceart dom ḃeiṫ ar an intinn sin ’n‐ḃur dtaoḃ uile, de ḃriġ go ḃfuil siḃ im’ ċroiḋe agam, óir im’ ċuiḃreaċaiḃ, agus ag pléiḋe cúise an tsoiscéil dom agus g‐á ḋaingniú, atá siḃ uile rannṗáirteaċ i ngrása liom.