Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 9:26 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

26 Uime sin, ní riṫim‐se, mar naċ mbéaḋ eolas agam; aċt is aṁlaiḋ spairnim, ní mar ḋuine a ḃeaḋ ag bualaḋ an aeir:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

26 Uime sin as aṁluiḋ rioṫaimsi, ní mar fá ṫuáirim; as aṁluiḋ do ním sbáirn, ní mar neaċ ḃuáileas an taiéur:

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 9:26
17 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus ó laeṫiḃ Eoin Ḃaiste go dtí anois atá ríoġaċt na ḃflaiṫeas d’á h‐éigniú, agus is iad luċt foiréiġin ḃíos g‐á fuadaċ.


Agus aduḃairt sé leo, Déanaiḋ díċeall ar ḋul isteaċ an doras cuṁang: óir adeirim liḃ gur ab iomḋa duine ḃéas ag iarraiḋ dul isteaċ, agus ní éireoċaiḋ leo.


Is mar sin daoiḃ‐se, muna laḃraiḋ siḃ briaṫra so‐ṫuigseana leis an teangain, cionnas aiṫneoċar briġ an niḋ adeirtear? Ag laḃairt san aer ḃéas siḃ.


Óir is eol dúinn, má scriostar an pailliún so ’n‐a gcóṁnuiġmíd ar talaṁ, go ḃfuil áitreaḃ ó Ḋia againn, teaċ naċ ndearnaḋ le láṁaiḃ, atá síorraiḋe, ins na flaiṫeasaiḃ.


atá meanma againn, agus is mó dob’ áil linn ḃeiṫ as baile ó’n gcolainn agus ḃeiṫ ’n‐ár gcóṁnaiḋe san Tiġearna.


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


Óir ní le feoil agus le fuil atáimíd ag iomrascáil, aċt leis na flaiṫeasaiḃ, leis na cuṁaċtaiḃ, le tioránaċaiḃ árd‐réime an doṁain dorċa so, le sluaiġte deaṁnaiḋe an uilc ins na réigiúnaiḃ uaċtaraċta.


Óir, im ṫaoḃ‐sa, má’s beo ḋom, Críost is eaḋ é, agus má’s marḃ ḋom, tairḃe is eaḋ é.


Ċuige sin is eaḋ atáim ag obair ar mo ḋíċeall, ag spairn do réir a ċumair oibriġeas go cuṁaċtaċ ionnam.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang na neiṫe seo: aċt ní ḟuil aon náire orm; óir atá a ḟios agam cia ann ar ċreideas, agus atáim cinnte ḋe go ḃfuil ar ċumas dó a ḃfuil curṫa fá n‐a ċúram agam do ċoiṁeád fá ċóṁair an lae úd.


Agus an féar ṫéiġeas ag iomaiḋeaċt ins na cleasaiḃ lúṫa, ní tugtar an ċoróin dó muna ndearna sé an iomaiḋeaċt do réir na riaġlaċ.


Do ṫroideas an cóṁrac maiṫ, do ṡroiċeas ceann cúrsa, do ċoiṁeádas an creideaṁ;


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


Bíoḋ eagla orainn, d’á ḃriġ sin, ċóṁ fada agus fágṫar an ġeallaṁain ċum dul isteaċ ’n‐a ṡuaiṁneas, a ṁeas gur ṫeip ar aon duine agaiḃ breiṫ uirṫi.


Iarraim d’aṫċuinġe ar na seanóiriḃ ’n‐ḃur measc, mise atá im’ ṡeanóir, ċóṁ maiṫ, agus im’ ḟiaḋnaiḋe ar ar ḟulaing Críost, agus im’ rannṗáirtiḋe, leis, de’n ġlóir foillseoċar:


D’á ḃriġ sin, a ḃráiṫre, déanaiḋ iarraċt san mbreis ar ḃur ngairm agus ar ḃur dtoġaḋ do ḋaingniú: óir ag cleaċtaḋ na neiṫe seo ḋaoiḃ, ní ṫuisleoċaiḋ siḃ ċoiḋċe:


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ