Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 9:25 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

25 Agus gaċ duine ṫéiġeas san iomaiḋeaċt cleaċtann sé smaċt do ċoiṁeád air féin ar gaċ sliġe. Agus do‐ġní siad‐san sin ċum coróin truailliġṫe do ḃuaḋaċtain; aċt doġnímíd‐ne é ċum coróin neaṁ‐ṫruailliġṫe do ḃuaḋaċtain.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

25 Agus gaċ áon ċleaċdus sbáirn is measarḋa é sna huile neiṫiḃ. Agus is uime do níd síadsan sin ċum coróine truáilliġe dfaġáil; aċd inne ċum coróine neaṁṫruáilliġe.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 9:25
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus nuair ċuirfeas an corp truailliḋe neaṁṫruailleaċt uime, tiocfaiḋ ċum críċe an focal atá scríoḃṫa, Atá an bás sloigṫe i mbuaiḋ.


caoiṁe, stuamḋaċt: ní ḟuil dliġe ar biṫ i n‐aġaiḋ a leiṫéidí sin.


Troid deaġ‐ċóṁrac an ċreidiṁ, beir greim ar an mbeaṫaiḋ ṡíorraiḋe ċum ar glaoḋaḋ ṫú, agus go ndearnais adṁáil ṁaiṫ ḋi i láṫair a lán fiaḋnaiḋṫe.


Agus an féar ṫéiġeas ag iomaiḋeaċt ins na cleasaiḃ lúṫa, ní tugtar an ċoróin dó muna ndearna sé an iomaiḋeaċt do réir na riaġlaċ.


aċt ḃeiṫ fáilteaċ, ’n‐a ċaraid do’n ṁaiṫ, ḃeiṫ ’n‐a ḋuine staidéarṫa, ionnraic, naoṁṫa, cneasta;


is é sin go mba ceart do na daoiniḃ aosta ḃeiṫ staidéarṫa, moḋaṁail, stuamḋa, slán san gcreideaṁ, san ngráḋ, san ḃfoiḋne:


Uime sin, ag fáġáil ríoġaċta do‐ċorruiġṫe ḋúinn, taisbeánaimís ár mbuiḋeaċas, ċum go ndéanfaimíd seirḃís taiṫneaṁaċ do Ḋia, le h‐urraim ḋiaḋa agus le h‐eagla,


Níor ṡeasuiġ siḃ fós go doirteaḋ fola, ag cur i n‐aġaiḋ an ṗeacaiḋ:


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


ċum oiḋreaċta neaṁ‐ṫruailliġṫe, gan smál, naċ dtéiġeann i n‐éag, atá i n‐áiriṫe ins na flaiṫeasaiḃ daoiḃ‐se,


Agus nuair foillseoċar an tÁrd‐Aoḋaire, ġeoḃaiḋ siḃ coróin na glóire naċ dtéiġeann i n‐éag.


agus eolas le suḃáilce; agus measarḋaċt le h‐eolas; agus foiḋne le measarḋaċt;


Ná bíoḋ aon eagla ort roiṁ an méid atá le fulang agat: féaċ, atá an diaḃal ar tí cuid agaiḃ do ċaiṫeaṁ isteaċ i bpríosún ċum froṁaḋ do ḋéanaṁ oraiḃ; agus béiḋ siḃ fá anró ar feaḋ deiċ lá. Bí‐se dílis go bás, agus do‐ḃéarfad‐sa coróin na beaṫaḋ ḋuit.


Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.


tuiteann an ceaṫrar seanóir agus fiċe síos os cóṁair na té atá ’n‐a ṡuiḋe san riġ‐ċaṫaoir, agus aḋrann siad an té ṁaireas go saoġal na saoġal, agus caiṫeann siad a gcoróineaċa síos os cóṁair na riġ‐ċaṫaoireaċ,


Agus do ḃí ceiṫre riġ‐ċaṫaoireaċa agus fiċe, agus ceaṫrar agus fiċe seanóir ’n‐a suiḋe ins na riġ‐ċaṫaoireaċaiḃ, éadaiġe geala umpa,


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ