Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 9:24 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

24 Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

24 A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ, an dream ḃíos ag coiṁriḋ ré ċéile go rioṫaid uile, bíoḋ gur ab éunduine ḃeireas an geall? Go maḋ haṁluiḋ ḋéantáoisi rioṫ, ionnus go maḋ éidir liḃ gnoḋuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 9:24
18 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ, cibé duine d’á dtiuḃraiḋ siḃ siḃ féin mar ṡeirḃísiġ na h‐uṁlaċta, gur seirḃísiġ siḃ do’n té d’á n‐uṁluiġeann siḃ; is cuma cia aca seirḃísiġ an ṗeacaiḋ ċum báis, nó seirḃísiġ na h‐uṁlaċta ċum fíréantaċta?


Naċ eol daoiḃ na daoine riaras neiṫe spioradálta go mbeaṫuiġtear iad ó’n teampall, agus na daoine do‐ġní freastal ar an altóir, go mbíonn a gcuid féin aca ó’n altóir?


Agus is ar son an tsoiscéil do‐ġním gaċ niḋ, ċum go mbéinn rannṗáirteaċ ann.


Uime sin, ní riṫim‐se, mar naċ mbéaḋ eolas agam; aċt is aṁlaiḋ spairnim, ní mar ḋuine a ḃeaḋ ag bualaḋ an aeir:


Agus is do réir taisbeánta do ċuaḋas suas; agus do leagas rómpa an soiscéal ḟógraim i measc na gCineaḋaċ, aċt os íseal rómpa‐san ba ṁó clú, ar eagla, ar ċor ar biṫ, go mbéinn ag riṫ, nó go raḃas ag riṫ gan éifeaċt.


Do ḃí siḃ ag riṫ go maiṫ: cia h‐é do ċuir cosc liḃ fá ḃeiṫ uṁal do’n ḟírinne?


ag noċtaḋ briaṫair na beaṫaḋ, ċum go mbéiḋ aḋḃar maoiḋṁeaċais agam i ló Ċríost, de ċionn nár riṫeas agus nár ṡaoṫruiġeas i n‐aisce.


Ní h‐é go ḃfuil ceann cúrsa sroiċte agam ċeana, nó go ḃfuil bárr feaḃais orm fós; aċt atáim ag bualaḋ ar aġaiḋ, mar ḋúil is go ḃfaiġinn sealḃ air, mar fuair Íosa Críost sealḃ orm‐sa.


atáim ag riṫ fá ḋéin an ḃáire, ċum craoiḃe árd‐ġairme Dé i nÍosa Críost.


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


D’á ḃriġ sin, ó ṫárla néall ċóṁ mór sin d’ḟiaḋnaiḋṫiḃ ḃeiṫ ’n‐ár dtimċeall, cuirimís dínn gaċ ualaċ, agus an peacaḋ ġreamuiġeas ċóṁ dlúṫ sin dínn, agus riṫimís go foiġdeaċ an cúrsa atá curṫa róṁainn,


Is aoiḃinn do’n té ṡeasuiġeas caṫuiġṫe go foiġdeaċ: óir tar éis a ḟróṁṫa ġeoḃaiḋ sé coróin na beaṫaḋ, atá geallta ag an Tiġearna do na daoiniḃ ġráḋuiġeas é.


Atáim ag teaċt go luaṫ; congḃuiġ a ḃfuil agat, ċum naċ mbainfiḋ aoinneaċ do ċoróin díot.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ