Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 9:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Óir giḋ go ḃfuilim saor ó ċáċ, do rinneas seirḃíseaċ díom féin ċum gur mó an méid go ḃuaiḋfinn.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Oír bíoḋ go ḃfuilim sáor ó na huile ḋáoiniḃ, do rinne mé searḃḟoġantuiḋe ḋíom féin do na huile ḋáoiniḃ, ċum ní sa ṁó do gnoḋuġaḋ ḋaṁ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 9:19
21 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus má ṗeacuiġeann do ḃráṫair id’ aġaiḋ, imṫiġ, agus ceartuiġ é idir ṫú féin agus é féin: má éisteann sé leat, atá do ḃráṫair buaiḋte agat.


Táim fá ċomaoin ag Gréagaċaiḃ agus ag Barbaraċaiḃ, ag luċt céille agus ag luċt diṫ‐céille.


d’ḟéaċain, má’s féidir ḋom, ar ċor ar biṫ, mo ḃráiṫre do réir feola do ḃrostú ċum éada, agus cuid aca do ṡlánú.


Déanaḋ gaċ duine agaiḃ aoiḃneas a ċóṁarsan ċum a leasa agus ċum a neartuiġṫe.


agus ar son coinsiais; ní h‐é do coinsias féin é, aċt coinsias an duine eile; óir cad ċuige a mbeirtear breiṫ ar mo ṡaoirse do réir coinsiais duine eile?


fá mar iarraim‐se sásaṁ do ṫaḃairt do gaċ duine ins an uile niḋ, gan cuiṁneaṁ ar mo ṫairḃe féin, aċt ar ṫairḃe farasbáirr na ndaoine, ċum go slánóċar iad.


Óir cá ḃfios duit‐se, a ḃean, naċ sáḃálfaiḋ tú t’ḟear? nó cá ḃfios duit‐se, a ḟir, naċ sáḃálfaiḋ tú do ḃean?


Naċ ḃfuilim‐se saor? Naċ abstal mise? Naċ ḃfacas‐sa Íosa ár dTiġearna? Naċ siḃ‐se toraḋ mo ṡaoṫair san Tiġearna?


Feaċaiḋ, seo í an treas uair atáim ullaṁ ċum teaċt ċugaiḃ; agus ní ḃéidead mar ualaċ oraiḃ, óir ní h‐é ḃur gcuid atáim do ṡanntú, aċt siḃ féin: óir ní h‐iad an ċlann gur dual dóiḃ soláṫairt fá ċóṁair na dtuismiġṫeoir, aċt gur dual na tuismiġṫeoiriḃ soláṫairt do’n ċlainn.


Óir is ar ḃur son‐sa atá an uile niḋ, ċum go dtéiġiḋ an grása ċum glóire Dé, agus é d’á ṁéadú go mór de ḃárr buiḋeaċais an ṁóráin ṁóir.


Óir ní sinn féin ḟógraimíd, aċt Íosa Críost mar Ṫiġearna, agus sinn féin mar ṡeirḃísiġ ḋaoiḃ ar son Íosa.


Is ċum saoirse do rinne Críost saor sinn: seasaiḋ go daingean, mar sin, gan ḃeiṫ ceangailte arís fá ċuing na daoirse.


Óir, a ḃráiṫre, is ċum saoirse do glaoḋaḋ siḃ; aċt aṁáin ná déanaiḋ leiṫscéal de ḃur saoirse le h‐aġaiḋ na feola, aċt biḋiḋ mar ṡeirḃísiġ i ngráḋ d’á ċéile.


Taḃair aire ḋuit féin agus dod’ ṫeagasc; lean díoḃ; óir, g‐á ḋéanaṁ ḋuit, saorfair ṫú féin agus iad‐san éisteas leat.


Is ar an aḋḃar sin atáim ag fulang an uile niḋ ar son na ndaoine atá toġṫa, ċum go ḃfaiġiḋ siad‐san, leis, an slánuġaḋ atá i nÍosa Críost le glóir ṡíorraiḋe.


A ṁná, biḋiḋ‐se uṁal, mar an gcéadna, d’ḃur ḃfearaiḃ féin; ionnas, má tá aon ċuid aca naċ n‐uṁluiġeann do’n ḃriaṫar, go mbuaiḋfear orṫa, i n‐éagmais an ḃriaṫair, le deaġ‐iomċar a mbainċéile;


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ