Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 9:17 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Óir, má’s dem’ ṡaor‐ṫoil féin do‐ġním é, atá luaċ saoṫair agam; aċt, má’s i n‐aġaiḋ mo ṫola é, do cuireaḋ ’n‐a ċúram orm é.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

17 Oír más ó ṫoil do ním so, atá luáiḋeaċd agam: más a naḋaiġ mo ṫoile, atá fós a ċúram ar na léigean táóḃ ríom.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 9:17
30 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

An té ġlacas fáiḋ i n‐ainm fáiḋe do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ fáiḋe; agus an té ġlacas fíréan i n‐ainm fíréin, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ fíréin.


Féaċ atá inniste agam daoiḃ roiṁ ré.


Agus aduḃairt an Tiġearna, Cia h‐é, mar sin, an maor dílis, ciallṁar, go gcuirfiḋ a ṫiġearna é i mbun a ṫeaġlaiġ, ċum go dtiuḃraiḋ sé a gcuid biḋ ḋóiḃ i dtráṫ?


An té ḃaineas do‐ġeiḃ sé tuarastal, agus cnuasann sé toraḋ le h‐aġaiḋ na beaṫaḋ síorraiḋe; ċum go mbéiḋ áṫas ar an síoladóir agus ar an mbuanaiḋe i n‐éinḟeaċt.


Má ṡeasann an obair do ṫóg aon duine air, do‐ġeoḃaiḋ sé luaċ a ṡaoṫair.


Anois is ionann an té ċuireas síol agus an té ċraiṫeas uisce; aċt do‐ġeoḃaiḋ gaċ aoinneaċ a ṫuarastal féin do réir a ṡaoṫair.


Bíoḋ an meas ag daoiniḃ orainn ḃíos aca ar ṁaoraiḃ rúindiaṁaír Dé.


Óir, ag craoḃscaoileaḋ an tsoiscéil dom, ní h‐aon aḋḃar maoiḋṁeaċais dom é; mar is éigean dom é; agus is mairg dom muna gcraoḃscaoilim an soiscéal!


Céard í mo luaiġeaċt mar sin? An soiscéal ċraoḃscaoilim do ṫaḃairt i n‐aisce, gan fóġnaṁ do ḋéanaṁ dem’ ċeart san tsoiscéal.


Óir má tá an deaġ‐ṫoil ann, glactar léi do réir a ḃfuil ag duine, ní h‐é do réir a ḃfuil i n‐easnaṁ air.


a ċontrárḋaċt sin ar fad, nuair ċonnacṫas dóiḃ go dtugaḋ soiscéal an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa fá mo ċúram‐sa, fá mar tugaḋ soiscéal an timċeall‐ġearrṫa do Ṗeadar;


is é sin ar son na h‐eaglaise; d’á ndearnaḋ ministir díom, do réir an ċúraim do ċuir Dia orm ar ḃur son, ċum briaṫar Dé do ċóiṁlíonaḋ go h‐iomlán,


aċt, fá mar ṁeas Dia gur fiú sinn cúram an tsoiscéil, is aṁlaiḋ laḃraimíd d’á réir sin; ní mar ḃéimís d’iarraiḋ daoine do ṡásaṁ, aċt Dia go‐ġní teastas ar ár gcroiḋeaċaiḃ.


aċt níor ṁaiṫ liom rud ar biṫ do ḋéanaṁ gan fios d’aigne ḃeiṫ agam; ċum naċ ndéanfá do ḋeaġ‐ġníoṁ ded’ aiṁḋeoin, aċt ded’ ḋeoin féin.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ