Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 8:1 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Anois i dtaoḃ biḋ atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ: atá a ḟios againn go ḃfuil eolas ag gaċ duine againn. Coṫuiġeann eolas uaḃar, aċt is é an gráḋ do‐ḃeir deaġṡampla.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

1 Tuilleaḋ eíle a dtáoḃ na neiṫeann ioḋbarṫar dioḋaluiḃ, atá a ḟios aguinn go ḃfuil éolus aguinn uile. Arduiġe an teólus inntínn ḋuine, aċd do ní an gráḋ follamnuġaḋ.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 8:1
35 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Cad ċuige ḋaoiḃ anois, d’á ḃriġ sin, caṫú do ċur ar Ḋia, ag cur cuinge ar ṁuineálaiḃ na ndeisceabal, nár ḟéad ár sinnsir ná sinn féin d’iomċar?


siḃ féin do ṡeaċaint ar neiṫiḃ do h‐íoḋbraḋ d’íoḋalaiḃ, agus ar ḟuil, agus ar neiṫiḃ do taċtaḋ, agus ar striapaċas; má ċongḃuiġeann siḃ amaċ uaṫa sin, béiḋ an scéal go maiṫ agaiḃ. Slán liḃ.


Aċt i dtaoḃ na gCineaḋaċ do ċreid, do ċeapamair‐ne, agus do scríoḃamar go staonfaidís ó gaċ niḋ íoḋbartar d’íoḋalaiḃ, agus ó ḟuil, agus ó’n niḋ do taċtaḋ, agus ó ḋrúis.


Óir níorḃ áil liom, a ḃráiṫre, gan fios na rúindiaṁaire seo ḃeiṫ agaiḃ, ar eagla go n‐éireoċaḋ siḃ glic ’n‐ḃur saoḃ‐ṫuairim féin, is é sin go ḃfuil cruaḋaḋ tagṫa ar ċuid de ṁuinntir Israel, nó go dtagaiḋ an t‐iomlán de na Cineaḋaċaiḃ isteaċ;


Bíḋiḋ ar aon intinn le ċéile. Ná biḋiḋ árd‐aiḋmeannaċ, aċt déanaiḋ muinntearḋas leis na daoiniḃ atá uṁal. Ná biḋiḋ glic ’n‐ḃur dtuairim féin.


Aċt cad ċuige ḋuit‐se loċt d’ḟáġáil ar do ḃráṫair? nó cad ċuige ḋuit dí‐ṁeas do ċur ar do ḃráṫair? mar seasfaimíd uile os coṁair caṫaoireaċ breiṫeaṁnais Dé.


Atá a ḟios agam, agus atáim dearḃṫa ḋe san Tiġearna Íosa, naċ ḃfuil rud ar biṫ neaṁ‐ġlan ann féin; aċt do’n té ṁeasas rud do ḃeiṫ neaṁ‐ġlan, go ḃfuil sé neaṁ‐ġlan dó‐san.


Uime sin leanaimís na neiṫe ḃaineas le síoṫċáin, agus na neiṫe le n‐ar féidir linn deaġ‐ṫréiṫe a ċéile do ṁéadú.


An creideaṁ sin atá agat, bíoḋ sé agat féin i ḃfiaḋnaise Dé. Is aoiḃinn do’n té naċ mbeireann breiṫ air féin san méid ċeaduiġeas sé.


An té iṫeas ná bíoḋ dí‐ṁeas aige ar an té naċ n‐iṫeann; agus an té naċ n‐iṫeann ná bíoḋ sé ag breiṫ breiṫe ar an té iṫeas: óir atá glacṫa ag Dia leis.


Atáim féin dearḃṫa ’n‐ḃur dtaoḃ‐sa, a ḃráiṫre, go ḃfuil siḃ féin lán de ṁaiṫeas, agus go ḃfuil siḃ líonta de gaċ eolas, agus go ḃfuil ar ċumas daoiḃ teagasc do ṫaḃairt d’á ċéile.


de ḃriġ go ḃfuair siḃ saiḋḃreas ann ins an uile niḋ, i mbriaṫraiḃ béil agus i n‐eolas de gaċ cineál;


Laḃraim mar laḃarfainn le daoiniḃ tuigseanaċa; beiriḋ breiṫ ar a n‐abraim.


Aċt má deir aon duine liḃ, Do h‐íoḋbaraḋ é seo d’íoḋalaiḃ, ná h‐iṫiḋ é, ar son an té d’innis daoiḃ é,


A bráiṫre, ná biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ do réir tuigseana: aċt i dtaoḃ mailíse biḋiḋ ’n‐ḃur leanḃaiḃ, aċt i dtaoḃ tuigseana cinn, biḋiḋ ’n‐ḃur ndaoiniḃ fásta.


Dúisiġiḋ ċum fíréantaċta, agus ná déanaiḋ peacaḋ: óir atá cuid agaiḃ atá gan eolas ar Ḋia: deirim an méid seo ċum náire do ċur oraiḃ.


Atáimíd ’n‐ár n‐amadánaiḃ ar son Ċríost, aċt atá siḃ‐se céilliḋe i gCríost, atáimíd‐ne lag, aċt atá siḃ‐se tréan; atá árd‐ṁeas oraiḃ‐se aċt atá droċ‐ṁeas orainne.


Aċt atá dream ann atá lán d’uaḃar, aṁlaiḋ agus naċ raḃas ag teaċt.


Anois, a ḃráiṫre, san méid aduḃras, ag tagairt dom féin agus d’Apollos, do rinneas é ċum go ḃfoġlaimeoċaḋ siḃ uainn gan dul ṫar a ḃfuil scríoḃṫa; ċum naċ mbéiḋ siḃ lán d’uaḃar i n‐éadan a ċéile.


Agus atá siḃ uaiḃreaċ, i n‐ionad ḃeiṫ ag déanaṁ bróin, ċum go dtógfaiḋe as ḃur measc an té do ċleaċt an ċuirpṫeaċt so.


Ní maiṫ é ḃur maoiḋṁeaċas. Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ go dtruailliġeann beagán laiḃín an cnap uile?


Má ṁeasann aoinneaċ go ḃfuil eolas ar aon niḋ aige, ní ḟuil eolas aige ar niḋ ar biṫ mar ba ċóir;


Uime sin i dtaoḃ biaḋ d’iṫe atá íobarṫa d’íoḋalaiḃ, atá a ḟios againn naċ éinniḋ íoḋal ar doṁan, agus naċ ḃfuil ann aċt aon Dia aṁáin.


Aċt ní ḟuil an t‐eolas sin ag gaċ duine; óir atá daoine ann atá cleaċtuiġṫe ar an íoḋal, iṫeas a mbiaḋ mar ḃiaḋ íoḋbartar d’íoḋal; agus ó ṫárla a gcoinsias ḃeiṫ lag, saluiġtear é.


Uaiḋ‐sean is eaḋ do‐ġeiḃ an corp uile, ar mbeiṫ ḋó cóiṁ‐ḋeangailte, cóṁ‐ḋlúṫuiġṫe le ċéile de ḃárr a dtugann gaċ alt dó, do réir éifeaċta gaċ baill ar leiṫ, do‐ġeiḃ sé fás ċum a leasa i ngráḋ.


Ná leigiḋ d’aon duine ḃur luaiġeaċt do ṁeallaḋ uaiḃ, g‐á ṡásaṁ féin fá scáṫ uṁlaċta ḋá deoin féin agus le h‐aḋraḋ do ṫaḃairt d’aingliḃ, ag seasaṁ ar a ḃfaca se, agus é d’á ṫeannaḋ le h‐uaḃar ag a céadfaiḋiḃ colnaiḋe féin,


Aċt atá beagán agam le ráḋ it’ aġaiḋ, de ḃriġ go ḃfuil annsin agat cuid de’n dream leanas de ṫeagasc Ḃaláaim, an té do ṁúin do Ḃalac ceap tuisliḋ do ċur roiṁ ċlainn Israel, ċum neiṫe do ḃí íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe, agus ċum striapaċas do ċleaċtaḋ.


Aċt atá an méid seo agam it’ aġaiḋ, go ḃfulaingeann tú an ḃean Iesebel, adeir gur ban‐ḟáiḋ í féin; agus múineann agus mealann sí mo ṡeirḃísiġ ċum striapaċas do ċleaċtaḋ, agus ċum neiṫe atá íoḋbarṫa d’íoḋalaiḃ d’iṫe.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ