6 Aċt ċeana, deirim an méid seo mar ḋeonú, agus ní mar órdú é.
6 Aċd is mar ċoṁairle a deirim so riḃ, agus ní mar áiṫne.
Aċt do na daoiniḃ atá pósta, órduiġim‐se, aċt ní mise aċt an Tiġearna órduiġeas, gan an ḃean do scaraṁain le n‐a fear.
Agus leis na daoiniḃ eile adeirim‐se, ní h‐é an Tiġearna é: Má tá bean naċ gcreideann ag bráṫair ar biṫ, agus má tá sise toilteanaċ ar ċóṁnaiḋe leis, ná tréigeaḋ seisean í.
Anois i dtaoḃ na maiġdean, ní ḟuil aiṫne ó’n Tiġearna agam: aċt do‐ḃeirim mo ċóṁairle, mar ḋuine fuair trócaire ó’n Tiġearna ċum ḃeiṫ dílis.
Aċt do réir mo ṫuairime‐se, do b’aoiḃniġe ḋi dá ḃfanaḋ sí mar tá sí; agus measaim‐se, leis, go ḃfuil Spiorad Dé agam cóṁ maiṫ le duine.
An méid adeirim, ní do réir an Tiġearna adeirim é, aċt mar ḃéaḋ do réir diṫ‐céille, le teann maoiḋṁeaċais.
Ní abraim é seo ċum órdú do ṫaḃairt aċt mar ḋúil is go ḃféaċfainn an ḃfuil siḃ dá ríriḃ ’n‐ḃur ngráḋ tré ḋúṫraċt na ndaoine eile.