Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 7:19 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

19 Ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, agus ní h‐éinniḋ an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt is é an t‐iomlán uṁlú d’aiṫeanta Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

19 Ní ḃfuil éifeaċd sa timċillġearraḋ, agus ní ḟuil éifeaċd sá neiṁṫimċillġearraḋ, aċd a gcoiṁéud aiṫeantaḋ Dé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 7:19
16 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Ar an aḋḃar sin, cibé duine ḃrisfeas aiṫne aṁáin de na h‐aiṫeantaiḃ seo is suaraiġe, agus ṁúinfeas na daoine mar sin, glaoḋfar air an duine is luġa i ríoġaċt na ḃflaiṫeas: aċt cibé duine do‐ġéanas agus ṁúinfeas iad, do‐ḃéarfar duine mór air i ríoġaċt na ḃflaiṫeas.


Is siḃ‐se mo ċáirde má ġníonn siḃ a n‐órduiġim daoiḃ.


naċ é Dia na gCineaḋaċ é, ċoṁ maiṫ? Is é, is é Dia na gCineaḋaċ é ċoṁ maiṫ: má’s fíor gur ab é an t‐aon Dia aṁáin a ḟíréanóċas luċt an timċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ, agus luċt an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearrṫa tré ċreideaṁ.


Aċt ní molfar sinn i ḃfiaḋnaise Dé ar son biḋ; óir muna n‐iṫimíd ní miste sinn é, agus má iṫimíd, ní fearr‐de sinn é.


Ní ḟuil lúdaċ ’ná Gréagaċ ann, ní ḟuil saor ’ná daor ann, ní ḟuil fireannaċ ’ná baineannaċ ann: óir is aon duine aṁáin i nÍosa Críost siḃ go léir.


Óir i nÍosa Críost ní ḟuil fóġnaṁ ar biṫ i dtimċeall‐ġearraḋ ná i neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ aċt oiread: aċt aṁáin san gcreideaṁ oibriġeas tré ġráḋ.


Óir ní h‐éinniḋ an timċeall‐ġearraḋ, ná an neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, aċt nádúir úrnua.


Ní ḟuil Gréagaċ ná Iúdaċ ann, ní ḟuil timċeall‐ġearraḋ ná neaṁ‐ṫimċeall‐ġearraḋ, barbaraċ, Scitiḋeaċ, daor ná saor ann, aċt is é Críost an t‐iomlán, agus é san iomlán.


Is beannuiġṫe na daoine niġeas a róbaí, ċum go mbéiḋ cead ċum crainn na beaṫaḋ aca, agus go raċaiḋ siad ṫar na geataiḃ isteaċ san gcaṫair.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ