Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 6:9 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

9 Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ naċ sealḃóċaiḋ luċt éagcóra ríoġaċt Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfaiġiḋ luċt striapaċais, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa, ná luċt aḋaltrannais, ná luċt macnais, ná sodamaiġ, ná gadaiḋṫe,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

9 A né naċ ḃfuil a ḟios aguiḃ naċ ḃfaġuid luċd déanta na heugcóra sealḃ rioġaċda Dé? Ná mealltar siḃ: ní ḃfuiġiḋ sdríopṫaċa, na luċd ioḋalaḋruiḋ, na luċd aḋaltrannais, ná dáoine macnusaċa, ná dáoine míonadúrṫa,

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 6:9
51 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Agus gaċ duine do ṫréig tiġṫe, nó dearḃráiṫre, nó deirḃṡeaṫraċa, nó clann, nó taltaí, ar son m’anma‐sa, ġeoḃaiḋ sé a gcéad oiread, agus béiḋ an ḃeaṫa ṡíorraiḋe mar oiġreaċt aige.


Annsin adéarfaiḋ an Rí leo‐san ḃéas ar a láiṁ ḋeis, Tigiḋ, a ḋaoine beannuiġṫe lem’ Aṫair, sealḃuiġiḋ an ríoġaċt atá ullṁuiġṫe ’n‐ḃúr gcóṁair ó ḃunú an doṁain:


Agus aduḃairt sé, Taḃraiḋ aire naċ meallfar siḃ: óir tiocfaiḋ mórán daoine im’ ainm‐se, g‐á ráḋ, Is mise é; agus, Atá an t‐am druidṫe linn: ná leanaiḋ iaḋ‐san.


Agus anois, cuirim fá ċoimirce Dé, agus fá ḃriaṫar a ġrása siḃ, go ḃfuil ar ċumas dó ḃúr dtógáil suas, agus oiḋreaċt do ṫaḃairt daoiḃ i measc na naoṁ.


Aċt ag tráċt dó ar ḟíréantaċt, agus ar ṁeasarḋaċt, agus ar an mbreiṫeaṁnas a ḃí le teaċt, do scannruiġ Féilics, agus aduḃairt sé, Imṫiġ leat anois; agus nuair ḃéas uain agam, cuirfead fios ort.


Óir foillsiġtear díḃeirg Dé ó neaṁ i n‐aġaiḋ gaċ aindiaḋaċta agus i n‐aġaiḋ gaċ éigcirt daoine ċoisceas an ḟírinne leis an éigceart;


Ná mealltar siḃ: Truailliġeann droċċ‐uideaċta deaġ‐ḃéasa.


Is é rud adeirim, a ḃráiṫre, naċ ḃféadann feoil agus fuil oiḋreaċt ríoġaċta Dé d’ḟáġáil; agus naċ mbíonn an truailleaċt ’n‐a h‐oiḋre ar an neaṁṫruailleaċt.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ?


Atá sé d’á iomráḋ le deiṁne go ḃfuil striapaċas ’n‐ḃur measc, striapaċas naċ ḃfuil le fáġáil i measc na gCiniḋeaḋaċ féin, is é sin go mbéaḋ bainċéile a aṫar ag duine éigin.


ní h‐iad luċt striapaċais an tsaoġail seo go h‐uile atá i gceist, ná luċt sainnte, ná luċt goidṫe, ná luċt íoḋal‐aḋarṫa; óir dob’ éigean daoiḃ san ċás sin imṫeaċt ó’n tsaoġal ar fad.


Aċt anois is é rud scríoḃaim ċugaiḃ gan caidreaṁ do ḋéanaṁ le fear ar biṫ go ḃfuil ainm bráṫar air má’s striapaċ é, nó má’s duine sanntaċ é, no fear íoḋal‐aḋarṫa, nó meisceoir, nó gadaiḋe; gan fiú béile do ċaiṫeaṁ i ḃfoċair a leiṫéide sin.


ná luċt sainnte, ná meisceoirí, ná masluiġṫeoirí, ná foġlaiḋṫe, ní ḃfaiġiḋ siad‐san ríoġaċt Dé mar oiḋreaċt.


Seaċnaiḋ an striapaċas. Gaċ peacaḋ do‐ġní an duine atá sé taoḃ amuiġ de’n ċorp; aċt an té do‐ġní striapaċas, do‐ġní sé peacaḋ i n‐aġaiḋ a ċuirp féin.


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


Naċ eol daoiḃ go riṫeann gaċ duine i gcoiṁlint reaṫa, aċt gur ab aon duine aṁáin ḃuaiḋeas an duais? Riṫiḋ‐se ċum go mbuaiḋfiḋ siḃ.


ar eagla, nuair ṫiocfad arís, go n‐uṁlóċaiḋ Dia ’n‐ḃur measc mé, agus go mbéiḋ orm a lán díoḃ‐san do ċaoineaḋ do rinne peacaḋ ċeana, gan aiṫriġe do ḋéanaṁ san míoġlaine, agus san striapaċas, agus san drúis do ċleaċtadar.


Ná mealltar sinn; ní féidir cluain do ċur ar Ḋia: óir cibé niḋ ċuireas an duine, is é an niḋ céadna sin ḃainfeas sé.


Uime sin marḃuiġiḋ ḃur mbaill atá ar talaṁ; striapaċas, neaṁ‐ġlaine, ainṁianta, droċ‐ċlaonta, agus sainnt — íoḋal‐aḋraḋ is eaḋ í;


Loirgiḋ síoṫċáin leis an uile ḋuine, mar aon leis an naoṁṫaċt naċ ḃfeicfiḋ aoinneaċ an Tiġearna ’n‐a h‐uireasḃaiḋ:


ar eagla go mbéaḋ aon drúiseoir ann, nó aon duine neaṁ‐ḋiaḋa mar Ésau, do ḋíol a ċeart oiḋreaċta ar ḃéile biḋ.


Bíoḋ an pósaḋ fá onóir ag cáċ, agus bíoḋ an leabaiḋ gan truailleaḋ: óir ḃéarfaiḋ Dia breiṫeaṁnas ar luċt drúise agus aḋaltrannais.


Ná bíoḋ aon ṁearḃall oraiḃ, a ḃráiṫre ionṁaine.


A ċlann ḃeag, ná meallaḋ aoinneaċ siḃ: an té ċleaċtas fíréantaċt atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


Aċt maidir leis na daoiniḃ meaṫta, mí‐ċreidṁeaċa, gráineaṁla, agus leis na dúnṁarḃṫóiriḃ, leis na drúiseoiriḃ, leis na draoiḋeadóiriḃ, agus leis na h‐íoḋal‐aḋraṫóiriḃ, agus le luċt na mbréag ar fad, ġeoḃaid‐sean a gcuid féin san loċ atá ar dearg‐lasaḋ le teiniḋ agus le ruiḃ; is é sin an dara bás.


Aċt ar an taoḃ amuiġ ḋi atá na madraí, agus luċt na bpisreog, agus na drúiseoirí, agus na dúnṁarḃṫóirí, agus na h‐íoḋal‐aḋraṫóirí, agus gaċ duine ġráḋuiġeas agus ċleaċtas bréag.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ