Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 6:13 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

13 An biaḋ do’n ḃolg, agus an bolg do’n ḃiaḋ; aċt cuirfiḋ Dia deireaḋ leo araon. Anois ní le h‐aġaiḋ striapaċais atá an ċolann, aċt le h‐aġaiḋ an Tiġearna; agus atá an Tiġearna le h‐aġaiḋ na colna.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

13 An bíaḋ don ḃolg, agus an bólg don ḃíaḋ: giḋeaḋ sgriosfuiḋ Día íad ar áon. Aċd ní do sdriopaċas do hórduiġeaḋ an corp, aċd don Tiġearna; agus an Tiġearna don ċorp.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 6:13
20 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

Naċ dtuigeann siḃ, cibé rud ṫéiġeas isteaċ sa mbéal, go dtéiġeann sé isteaċ sa mbolg, agus go gcaiṫtear é sa gcamra.


is iad sin na neiṫe ṡaluiġeas an duine: aċt biaḋ d’iṫe gan na láṁa do niġe, ní ṡaluiġeann sin an duine.


mar naċ dtéid sé isteaċ ’n‐a ċroiḋe, aċt ’n‐a ḃolg, agus téid sé amaċ sa gcamra? ’g‐a ċur i gcéill gur glan an uile ṡórt biḋ.


Ná saoṫruiġiḋ an biaḋ ṫéiġeas amuġa, aċt saoṫruiġiḋ an biaḋ ṁaireas go dtí an ḃeaṫa ṡíorraiḋe, an biaḋ ḃéarfas Mac an Duine ḋaoiḃ: óir is airsean do ċuir an t‐Aṫair, Dia, a ṡéala.


D’iṫ ḃúr n‐aiṫreaċa an manna sa ḃfásaċ, agus fuaradar bás.


Impiḋim oraiḃ, a ḃráiṫre, d’á ḃriġ sin, as uċt trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫairgsin mar ḃeoíoḋbairt naoṁṫa ṫaiṫneaṁaċ do Ḋia, mar is gníoṁ aḋarṫa réasúnta agaiḃ é.


óir ní biaḋ agus ól ríoġaċt Dé, aċt fíréantaċt, agus síoṫċáin, agus áṫas san Spiorad Naoṁ.


D’á ḃriġ sin ná bíoḋ réimeas ag an bpeacaḋ ’n‐ḃur gcorp daonna, ċum go ngéillfeaḋ siḃ d’á ainṁiantaiḃ:


Ar an gcuma sin, a ḃráiṫre, atá siḃ‐se marḃ do’n dliġe tré ċorp Ċríost; ċum go mbéaḋ siḃ ceangailte do ḋuine eile, is é sin do’n té do tógaḋ ó na marḃaiḃ, ċum go dtiuḃraimís toraḋ do Ḋia.


Naċ ḃfuil a ḟios agaiḃ gur siḃ‐se teampall Dé, agus go gcóṁnuiġeann Spiorad Dé ionnaiḃ?


Naċ eol daoiḃ gur baill do Ċríost ḃur gcuirp? Má’s mar sin é, an nglacfad‐sa baill Ċríost ċum baill méirdriġe do ḋéanaṁ ḋíoḃ? Nár leigiḋ Dia é.


Naċ eol daoiḃ go ḃfuil ḃur gcorp mar ṫeampall ag an Spiorad Naoṁ, an Spiorad atá ionnaiḃ, fuaraḃar ó Ḋia?


Óir atáim éadṁar liḃ le h‐éad diaḋa: óir ṫugas le pósaḋ siḃ d’ḟear aṁáin, ċum siḃ do ṫaḃairt mar ṁaiġdin gan smál do Ċríost.


agus go ḃfuair seisean bás ar son an uile ḋuine; ċum naċ mairfeaḋ siad‐san atá beo ḋóiḃ féin as sin amaċ, aċt do’n té fuair bás agus d’aiséiriġ ar a son.


Agus na daoine is le h‐Íosa Críost, atá an ċolainn le n‐a h‐antoil agus le n‐a miantaiḃ céasta aca.


Óir is é an fear ceann na mná, fá mar is é Críost ceann na h‐eaglaise, agus is é féin slánuiġṫeoir an ċuirp.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ