Biblia Todo Logo
အွန်လိုင်း သမ္မာကျမ်းစာ

- ကြော်ငြာတွေ -




1 Chum na gCoirinnteach 6:11 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

11 Agus do ḃí a leiṫeidí sin oraiḃ‐se: aċt do niġeaḋ siḃ, aċt do naoṁuiġeaḋ siḃ, aċt do fíréanuiġeaḋ siḃ i n‐ainm an Tiġearna Íosa, agus tré Spiorad ár nDé.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ

An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)

11 Agus mar so do ḃí cuid agaiḃse: aċd atá siḃ ar ḃur nionnlaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur náoṁaḋ, aċd atá siḃ ar ḃur sáoraḋ a nainm an Tiġearna Iósa, agus tré Spioraid ar Ndéinne.

အခန်းကိုကြည့်ပါ။ ကော်ပီ




1 Chum na gCoirinnteach 6:11
52 ပူးပေါင်းရင်းမြစ်များ  

agus aduḃairt sé leo‐san, Téiḋiḋ‐se, leis, isteaċ sa ḃfíonġort, agus do‐ḃéarad daoiḃ an méid is cóir. Agus d’imṫiġeadar‐san.


Adeirim liḃ go ndeaċaiḋ sé seo síos aḃaile agus é fíréanuiġṫe de ḃreis ar an duine eile: óir gaċ duine árdóċas é féin uṁlóċar é, aċt an té uṁluiġeas é féin árdóċar é.


Aduḃairt Íosa leis, an té atá niġte ní gáḃaḋ ḋó aċt a ċosa do niġe, agus atá sé glan ar fad: agus atá siḃ‐se glan, aċt ní ḟuil gaċ duine agaiḃ glan.


Aduḃairt Peadar leis, Ní niġfir mo ċosa‐sa go bráṫ. D’ḟreagair Íosa ḋó, Muna niġim ṫú, ní ḟuil aon roinn agat liom.


agus gur tríd‐sean saorṫar gaċ aoinneaċ ċreideas ó na cionntaiḃ go léir naċ ḃféadfaiḋe ḃúr saoraḋ uaṫa de réir reaċta Ṁaoise.


Agus cad ċuige an ṁoill sin ort anois? éiriġ, baistṫear ṫú, agus niġ ḋíot do ṗeacaiḋe, ag glaoḋaċ ar a ainm.


le n‐a súilí d’ḟoscailt, ċum go n‐iompóċaidís ó’n dorċadas ċum an tsolais, agus ó ċuṁaċt Sátain ċum Dé, go ḃfaiġdís maiṫeaṁnas na bpeacaḋ agus oiġreaċt i measc na ndaoine naoṁṫar tré ċreideaṁ ionnaim‐se.


aċt fíréanuiġtear iad i n‐aisce tré n‐a ġrása, tríd an ḃfuasclaḋ atá le fáġáil i nÍosa Críost:


Aċt do’n duine naċ ndéanann obair, aċt ċreideas san té ḟíréanuiġeas an duine neiṁ‐ḋiaḋa, áirṁṫear a ċreideaṁ‐san mar ḟíréantaċt.


D’á ḃriġ sin, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré ċreideaṁ, atá síoṫċáin againn le Dia tríd ár dTiġearna Íosa Críost;


Uime sin is móide an fáṫ, ar mbeiṫ fíréanuiġṫe ḋúinn tré n‐a ḟuil, go slánóċar sinn ó’n díḃeirg ṫríd‐sean.


Agus an méid díoḃ do réaṁ‐oirdniġ sé, do ġlaoḋ sé iad mar an gcéadna: agus an méid do ġlaoḋ sé, d’ḟíréanuiġ sé iad: agus an méid d’ḟíréanuiġ sé, do ġlóiriġ sé iad mar an gcéadna.


Cia h‐é ċuirfeas cúis ar ṁuinntir ṫoġṫa Dé? Is é Dia ḟíréanuiġeas: cia h‐é ḋaorfas?


agus Sostenes ár mbrátair, ċum eaglaise Dé atá i gCoirinnt, ċum na ndaoine atá naoṁuiġṫe i nÍosa Críost, do glaoḋaḋ ċum ḃeiṫ’n‐a naoṁaiḃ, maille leis na daoiniḃ uile ins gaċ áit ġlaoḋas ar ainm Íosa Críost, a dTiġearna‐san agus ár dTiġearna féin:


Óir is tríd‐sean atá siḃ i nÍosa Críost, an té do‐rinneaḋ eagna ó Ḋia ḋúinn mar ḟíréantaċt, agus mar naoṁṫaċt, agus mar ḟuascailt:


Is eol daoiḃ an tráṫ ’n‐a raḃaḃar ’n‐ḃur bpágánaċaiḃ, gur cuireaḋ siḃ amuġa ar lorg na h‐íoḋal mbalḃ, do réir mar treoruiġeaḋ siḃ.


aċt gur ab eol dúinn naċ ḃfíréanuiġtear an duine tré oibreaċaiḃ dliġe, aċt aṁáin tré ċreideaṁ i nÍosa Críost, do ċreideamar féin i nÍosa Críost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ i gCríost, agus ní tré oibreaċaiḃ dliġe: de ḃriġ naċ tré oibreaċaiḃ dliġe fíréanoċar feoil ar biṫ.


Agus is léir naċ ḃfíréanuiġṫear aon duine tríd an dliġe i ḃfiaḋnaise Dé: óir, Is tré ċreideaṁ ṁairfeas an fíréan:


Ar ṁoḋ gurḃ é an dliġe ár n‐oide ċum sinn do ṫreorú ċum Ċríost, ċum go ḃfíréanóċaiḋe sinn tré ċreideaṁ.


Agus an scrioptúir, g‐á ḟeicsin roiṁ ré go ḃfíréanóċaḋ Dia na Cineaḋaiġ tré ċreideaṁ, d’ḟóġair sé an soiscéal roiṁ ré d’Abraċam, g‐á ráḋ, Beannóċar ionnat‐sa na náisiúin uile.


ċum go naoṁóċaḋ sé í, g‐á glanaḋ leis an mbriaṫar fá ṫuinn an ḃaistiḋ,


mar sin; óir do ḃíoḃar ’n‐ḃur ndorċaċt tráṫ, aċt atá siḃ anois ’n‐ḃur solas san Tiġearna: siuḃlaiḋ ar nós clainne an tsolais.


Aċt is dual dúinn buiḋeaċas do ṫaḃairt do Ḋia go síor ar ḃur son‐sa, a ḃráiṫre ionṁain leis an Tiġearna, de ḃriġ gur ṫoġ Dia ó ṫosaċ siḃ ċum slánuiġṫe tré naoṁú an Spioraid, agus tré ċreideaṁ san ḃfírinne.


druidimís i ḃfoigseaċt dó, le fírinne croiḋe, agus an creideaṁ daingniġṫe ’n‐ár n‐aigne, agus ár gcroiḋeaċa glanta ó ḋroċ‐ċoinsias, agus ár gcorp niġte le fíor‐uisce:


naċ móide go mór, an measann siḃ, an pionós ḃéas tuilte ag an té do ṡatail fá ċois Mac Dé, agus ṫug tarcuisne d’ḟuil an ċonnarṫa le n‐ar naoṁuiġeaḋ é, agus ṫug masla do Spiorad an ġrása?


Óir an té naoṁuiġeas agus na daoine naoṁuiġtear, is ó uġdar aṁáin ṫáinig siad: uime sin ní nár leis bráiṫre do ṫaḃairt mar ainm orṫa,


do toġaḋ do réir réaṁeolais Dé an tAṫair, tré naoṁú an Spioraid, ċum uṁlaċta agus ċum croiṫte fola Íosa Críost: Go méaduiġtear grása agus síoṫċáin daoiḃ.


Ó ṫárla ḃur n‐anmanna ḃeiṫ glanta ag uṁlú do’n ḟírinne ḋaoiḃ, ċum fíor‐ġráḋ na mbráṫar do ċoṫú, taḃraiḋ gráḋ ó ċroiḋe go dúṫraċtaċ d’á ċéile:


Is é a ṡaṁail sin an baiste ṡlánuiġeas sinne anois, ní h‐é glanaḋ salaċair an ċuirp, aċt freagairt deaġ‐ċoinsiais do Ḋia, tré aiséirġe Íosa Críost;


Atáim ag scríoḃaḋ ċugaiḃ‐se, a ċlann ḃeag, de ḃriġ go ḃfuil ḃur bpeacaiḋe maiṫte ḋaoiḃ ar son a ainme‐sean.


agus ó Íosa Críost, an fiaḋnaiḋe fírinneaċ, an ċéid‐ġein ó na marḃaiḃ, agus árd‐rí riġṫe na talṁan. Do’n té ġráḋuiġeas sinn, agus do scaoil ó n‐ár bpeacaiḋiḃ le n‐a ḟuil féin sinn;


Agus aduḃras‐sa leis, A Ṫiġearna, atá a ḟios agat‐sa. Agus aduḃairt seisean liom, Is iad na daoine ṫáinig as an anró mór iad so, agus do niġeadar a róbaí agus do rinneadar geal iad i ḃfuil an Uain.


ကြှနျုပျတို့နောကျလိုကျပါ:

ကြော်ငြာတွေ


ကြော်ငြာတွေ